Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tús áite priority
" Tá éifeacht níos láidre ag na comharthaí seo de bharr gur buirg é Staten Island ina bhfuil tús áite ag an charr, bíodh sin ina rud maith nó ina drochrud.
tús áite priority
" Feictear dom gurb é croí na faidhbe ná nuair a labhraítear faoi chaighdeánú, is éard atá i gceist i ndáiríre ná tús áite a thabhairt do chultúr amháin seachas cultúr eile.
tús áite priority
" Chomh maith leis sin, níor cuireadh amhráin fhíorthraidisiúnta ar chlár na gcomórtas go dtí le déanaí - bhí tús áite tugtha d'amhránaíocht na gcór, agus lucht ina n-éadaí foirmiúla.
tús áite dúinne. us first
" Dóibh siúd nach Meiriceánaigh iad, ba léir cén teachtaireacht a bhí i gceist: tús áite dúinne.
tús áite don tuath. the countryside, or rural places, first
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
tús áite primacy, the lead
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
Tabharfar tús áite precedence shall be given
" Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile fosta.
tús áite prime place
" Cé gur mórimeachtaí náisiúnta cultúrtha agus spóirt iad na cluichí ceannais iomána, camógaíochta agus peile atá thart go ceann bliana eile, agus muid ag caitheamh súil siar ar imeachtaí mhí Mheán Fómhair, ní mór tús áite a thabhairt do bhanghaiscíoch spóirt na hÉireann, Katie Taylor, atá tar éis gach a bhfuil déanta ag gaiscígh spóirt na tíre bige seo, idir fhir is mhná, a shárú.
a thabharfadh tús áite which would give a preference
" Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
tús áite precedence
" Ní nach ionadh, bhí Teachtaí Dála sa bhfreasúra ag iarraidh tús áite a thabhairt sa Dáil don chruachás ina raibh geilleagar na tíre.
tús áite precedence
" Is ceart go mbeadh tús áite feasta ag leas an phobail seachas ag leas an duine aonair agus deireadh a chur leis an mbochtaineacht.
gur chóir tús áite a thabhairt dóibh should be given primacy
" Buanna Mórálacha agus an Geilleagar ============== Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair? Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair.
dtugtar tús áite preference is given
" Is é an fáth leis sin go dtugtar tús áite d’fhoirne sinsearacha an chontae agus go dtí go mbíonn na foirne sin réidh le cluichí idirchontae bíonn na foirne club gan chluichí cearta comórtais i gcaitheamh an ama.
tús áite priority
" Léiriú maith é an spíce atá á chrochadh i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath, agus a chosain beagnach €5 mhilliún, ar an dóigh a bhfuil tús áite á thabhairt do na rudaí míchearta sa tír seo.
tús áite precedence
" Chuir sé an-olc ar Bhalor go raibh tús áite tugtha don Ultais ag Oireachtas na Samhna i nDoire.
tús áite a thógáil take the lead
" Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .