Pota Focal Intergaelic
tiús | trús | | túis | ús
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i dtús báire at first
" Nuair a chonaic siad an tinteán i gcúinne a n-árasáin bhrócaigh i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath i dtús báire bhí siad den bharúil gur ornáid a bhí ann.
i dtús na seachtóidí in the early Seventies
" Ba iad seo na léirsithe ba mhó san Astráil ó aimsir an chogaidh i Vítneam i dtús na seachtóidí.
ach ina dtús just starting
" Ach ní bheidh a gcuid fadhbanna ach ina dtús.
ní raibh ar thús nó dheireadh Joan all Joan thought about
" De réir mar ba chuimhne le hAifric é, ní raibh ar thús nó dheireadh Joan ach aclaíocht agus spórt an uair sin.
i dtús báire at first
" Ní raibh focal ar bith agam ach "Sláinte!" i dtús báire.
i dtús cadhnaíochta to the forefront
" San áit a mbíodh muid i dtús cadhnaíochta i gcúrsaí teileachumarsáide, tá Éire anois ag bun an dréimire maidir le seirbhísí leathanbhanda a chur ar fáil, go mór mór i gceantair tuaithe.
tús áite priority
" Tá éifeacht níos láidre ag na comharthaí seo de bharr gur buirg é Staten Island ina bhfuil tús áite ag an charr, bíodh sin ina rud maith nó ina drochrud.
tús áite priority
" Feictear dom gurb é croí na faidhbe ná nuair a labhraítear faoi chaighdeánú, is éard atá i gceist i ndáiríre ná tús áite a thabhairt do chultúr amháin seachas cultúr eile.
i dtús na nóchaidí at the beginning of the Nineties
" Is é an ceoltóir agus an scríbhneoir Maidhc Dainín Ó Sé a chuir Barra in aithne dhomsa ar dtús, lá a thug Maidhc ar cuairt é go Raidió na Gaeltachta, m'ionad oibrese ag an am, i dtús na nóchaidí den gcéad seo caite.
Cuireadh siad tús leis let them start
" Cuireadh siad tús leis an *choreography*! *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
i dtús báire at first
" "B'fhéidir gurbh é an grá don teanga a bhí ag Deaid faoi deara é (a spéis sa teanga) i dtús báire, cé nach raibh sé ábalta í a labhairt ar chor ar bith aige.
ar thús cadhnaíochta leading the pack
" An Éire ba mhaith leat a bheith ann do pháistí do gharpháistí? Éire dhátheangach agus Éire a bheadh ar thús cadhnaíochta san Eoraip.
ag tús na gcaogaidí in the early Fifties
" " An aisteoireacht agus an ceol ======= Chas sé le Kitty Ní Ghallchóir ag tús na gcaogaidí nuair a bhíodar beirt ina mbaill d'Aisteoirí Ghaoth Dobhair.
tús pléascach explosive opening
" Murach í ní aithneodh sé tús pléascach ná casadh tobann i scéal ná cor i gcinniúint na bpearsana ná na múrtha ábhar eile a gcuireann léitheoirí, idir lucht acadúil agus eile, suim iontu sa litríocht.
ar thús an tslua ag déanamh cairde first in the queue to make (new) friends
" Thit a croí nó bhí sí faiteach agus ní raibh sí ariamh ar thús an tslua ag déanamh cairde.
i dtús na n-ochtóidí at the beginning of the Eighties
" Bhí mé pósta agus ansin scartha agus bhraith mé an-an-imeallach nuair a scar muid i dtús na n-ochtóidí agus bhraith mé go mba an-mháchail orm é.
is a ceapadh ar dtús as was first thought
" Is é sin le rá go raibh breis is dhá oiread caiteachais ar an scéim is a ceapadh ar dtús.
ar dtús báire at first
" Ar ndóigh, is fearr iarraidh orthu méid beag a phróiseáil ar dtús báire ionas gur féidir leat a chinntiú go bhfuil tú sásta leis an gcaighdeán íomhá a sholáthraíonn siad.
tús áite priority
" Chomh maith leis sin, níor cuireadh amhráin fhíorthraidisiúnta ar chlár na gcomórtas go dtí le déanaí - bhí tús áite tugtha d'amhránaíocht na gcór, agus lucht ina n-éadaí foirmiúla.
chóir a bheith ón tús nearly from the beginning
" Agus, rud a bhí an-tábhachtach domsa, ná gur thosaigh mé ag scríobh i nGaeilge chóir a bheith ón tús.
i dtús báire at first
" " Chaith sí sé bliana sa Fhrainc ar fad - in Bordeaux, Brest agus Rennes - mar mhac léinn iarchéime i dtús báire, agus mar léachtóir ina dhiaidh sin.
tús an Charghais the beginning of Lent
" Ach nach bhféadfadh na hoifigigh in Ard-Deoise Nua-Eabhrac am eile seachas tús an Charghais a roghnú? Is ag an am seo den bhliain a dhéanann go leor daoine a ngaol leis an pharóiste a athdhearbhú, agus filleann cuid acu ar an séipéal fiú tar éis bheith as láthair le fada.
i dtús báire at first
" Comhlachtaí ón mBreatain agus ó Mheirceá amháin a léirigh spéis sa ghnó i dtús báire.
tús beginning
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
tús beginning
" Níor mhiste dom a rá gur cuid suntais an tús atá ar leabhar sin Miller féin agus níor mhiste tamall a chaitheamh ag meabhrú a chuid focal, nó is orthu a bhí mé ag brath mo scéal a tharraingt san alt dheireanach sular dhírigh mé ar chás an eagarthóra (*Beo!*, Lúnasa 2004).
i dtús na nóchaidí in the early Nineties
" Cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig sé chun solais nár dhíol sé pingin as obair phéinteála a rinneadh ar a theach i dtús na nóchaidí, tráth a bhí sé ina Chathaoirleach ar Bhord Sláinte an Oirthir.
Tosaímis ag an tús. Let us start at the beginning.
túis incense
" Tá Gairdín Meánmhara ann, ina bhfuil crann ológ agus crann seadóg, dair coirc, as a ndéantar coirc do bhuidéil, agus cúfróg, as a ndéantar túis.
tugtha fá thús na gcaogaidí over by the beginning of the Fifties
" Murphy, le hiarracht den gceart aige, go raibh seal Dev mar pholaiteoir / státaire tugtha fá thús na gcaogaidí.
ó foilsíodh ar dtús é since it was first published
" Covey, The 7 Habits of Highly Effective People: Powerful Lessons in Personal Change agus cuireadh athchló le déanaí ar *How to Win Friends & Influence People*, an saothar ceannródaíoch le Dale Carnegie a bhfuil suas le cúig mhilliún déag cóip de ceannaithe ag an phobal ó foilsíodh ar dtús é i 1937.
chun tosaigh ón tús ahead from the beginning
" Bhuaigh siad gach gné den chomórtas agus bhíodar chun tosaigh ón tús.
bheartaigh muid ón tús we decided
" Mar sin, bheartaigh muid ón tús go ndéanfadh muid méadú ar an soláthar Gaeilge sin agus go mbainfeadh muid fad as agus go ndéanfadh muid le cabhair athchraolta é agus rudaí eile ar nós imeachtaí Dála agus seanchluichí peile.
a bhí páirteach sa chraobh ón tús who took part in the branch
" ***AÓF: An bhfuil cuid de na daoine a bhí páirteach sa chraobh ón tús fós in bhur measc?***TÓU: Tá roinnt acu fós ann is dóigh liom, leithéidí Sheáin Uí Bhroin, mar shampla, a bhí thart an uair sin agus atá fós ar an gcoiste agus baint nach beag aige leis an ócáid cheiliúrtha seo a bhí againn le déanaí.
ó thús from scratch
" ” Bhí an t-ádh ar Risteard mar gur fhógair an coláiste léachtóireacht le Gaeilge agus teangeolaíocht agus, mar a deir sé féin, “Creidim gur mise an t-aon duine amháin sa tír a raibh an dá cháilíocht sin aige!” Bhí deis ag mic léinn a chuaigh go Cúil Raithin teangacha mar an Rúisis nár múineadh sna meánscoileanna a fhoghlaim ó thús agus chonaic Risteard go mbeadh buntáiste ag baint leis an deis chéanna a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar.
i dtús báire. at first.
" Tá an t-alt seo á scríobh agam ag úsáid Google “Docs” ar ríomhaire Apple, agus cé go bhfuil rudaí ag feidhmiú go sásúil anois, bhí fadhb nó dhó agam á chur ag oibriú i dtús báire.
Gealladh ar dtús it was initially promised
" Gealladh ar dtús go mbeadh líne ar a laghad leathbhealach go dtí an Uaimh faoi 2006.
iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús the daughter of a couple who first met
" Ach, mar a deir Deirdre Ní Fhaoláin, iníon lánúine a chas ar a chéile ar dtús sa Chumann sna 1940í, “Táimid ar ais anois, ag fás arís, ag foilsiú *An Gael* ar an idirlíon, agus ag obair ar son athbheochan na Gaeilge ar fud an domhain.
tús maith spleodrach. a good exuberant start.
" Ach údar imní do mhuintir Átha Cliath luath go maith sa séasúr gur chaill foireann na hardchathrach a bealach, mar a déarfá, ar nós mar a tharla i gcoinne Mhaigh Eo i gcluiche leathcheannais na hÉireann an samhradh seo caite tar éis tús maith spleodrach.
tá tús curtha leis an gcath, the battle has begun,
" “I gcás an bhithsféir, a éiceachórais, tá tús curtha leis an gcath, ar a laghad.
ar thús cadhnaíochta showing the way
" Deirtear gurbh iadsan a bhí ar thús cadhnaíochta ag dreapadh ar an oighear i Rjukan.
ag tús na n-ochtóidí. at the begining of the Eighties.
" Tar éis dó plé a bheith aige le leithéidí Sheáin agus Shéamuis Mhic Sheáin ó Bhóthar Seoige i dtaobh an ghá a bhí le nuachtán laethúil trí mheán na Gaeilge, bhunaigh grúpa daoine (Gearóid Ó Cairealláin agus Eoghan Ó Néill ina measc) an nuachtán Preas an Phobail ag tús na n-ochtóidí.
níl an feachtas ach ina thús the campaign is only beginning
" Ina dhiaidh sin ar fad, níl an feachtas ach ina thús agus chuireamar romhainn £20m a bhailiú taobh istigh de dheich mbliana chun dlús a chur le fás na ngaelscoileanna ó thuaidh.
Léiriú ar thús an domhain A depiction of the beginning of the world
" Léiriú ar thús an domhain atá le feiceáil in ailtireacht na *maraes*.
cuireadh tús leis an gcath, the battle began,
" Ansin cuireadh tús leis an gcath, le toirneach, tuar ceatha cloiche agus rachtanna feirge uathu uilig a mhair ar feadh laethanta fada.
le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo. with the start of this American sport.
" Aisteach le rá, ach tá dlúthbhaint ag Sasana le tús an spóirt Mheiriceánaigh seo.
ag tús an scannáin, at the start of the film,
" Mar sin, lonnaigh mé i gConamara iad ag tús an scannáin, agus ar an dóigh sin thiocfadh liom scéal faoi na hácaeirí agus 'Red Sails in the Sunset' a shníomh isteach.
ar cuireadh tús which were started
" ” Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidh – cistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge.
ag tús na mílaoise at the beginning of the millennium
" "Tháinig deireadh leis an chlub John Mitchels nuair a d'fhill a lán imreoirí ar Éirinn ag tús na mílaoise le postanna a fháil,” a deir Conal.
Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, on radio for the most part they were to be heard at the start
" Ar an raidió den chuid ba mhó a bhíodh siad le cloisteáil ag an tús, ach de réir a chéile – agus faoi thionchar Kieran – chuaigh BBC TÉ i mbun cláracha teilifíse as Gaeilge a léiriú.
ó thús deireadh. from start to finish
" AÓF: Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag gabháil foinn agus cad é an chéad amhrán a d’fhoghlaim tú, an gcuimhin leat? GB: Bhí mé thart ar sheacht mbliana d’aois, agus is cuimhin liom gur fhoghlaim mé ‘An Spailpín Fánach’ as *Abair Amhrán *ó thús deireadh.
faoi thús an chogaidh chathartha by the beginning of the civil war
" Cé go raibh méadú tagtha ar líon na sclábhaithe i Meiriceá faoi thús an chogaidh chathartha – uair a bhí 4.
ag tús an tsamhraidh at the start of the summer
" Chuaigh an fhoireann i gcion go mór ar an bpobal in Éirinn ag tús an tsamhraidh seo caite agus tharraing sí go leor cainte agus molta uirthi féin.
ag tús an phróisis léirithe at the beginning of the production process
" Socraíodh ag tús an phróisis léirithe gurbh é an sprioc a bheadh i gceist ná go mbainfeadh Des go leor líofachta amach le gig a dhéanamh trí mheán na Gaeilge os comhair lucht féachana lán Gaeilgeoirí.
cuirtear tús leis an spraoi! let the fun begin!
" Agus an bhunobair seo déanta agat, cuirtear tús leis an spraoi! Is féidir a bheith ag pleidhcíocht leis na dathanna eile ar fad agus ní gá duit ach an luch a úsáid chun balla iomlán a phéinteáil agus triail a bhaint as dathanna éagsúla.
Cuireadh tús leis an gcáineadh the criticism began
" Cuireadh tús leis an gcáineadh le linn Chorn Rugbaí an Domhain, a bhí ar siúl sa Fhrainc an fómhar seo caite.
ar thús do shaoil about the start of your life
" Balor: Ba mhaith le léitheoirí *Beo Ar Éigean!* léargas inteacht a fháil ar thús do shaoil agus ar d’óige, mura miste leat.
ag tús na mílaoise nua, at the beginning of the new millennium,
" Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
tús na haoise seo caite beginning of the last century
" Bhain an Astráil neamhspleáchas amach ag tús na haoise seo caite agus ó shin i leith déantar ard-ghobharnóir a cheapadh a fheidhmíonn mar ionadaí bhanríon nó rí na Ríochta Aontaithe.
sular cuireadh tús leis na cluichí before the games started
" Sa bhliain 1968, maraíodh idir 200 agus 300 mac léinn le linn léirsithe in Tlatelolco i gCathair Mheicsiceo, cúpla seachtain sular cuireadh tús leis na cluichí ansin.
ag tús na haoise deireanaí. at the beginning of the last century
" Chuaigh cuid mhór Éireannach – muintir na Gaeltachta ach go háirithe – go Butte, Montana ag tús na haoise deireanaí.
Ní raibh Lunny díomhaoin ó bhí tús na mílaoise ann. Lunny hasn't been idle since the start of the millenium
" Tá mé cinnte gur crá croí a bhíonn ionam do go leor daoine!”Ar ais le chéileNí raibh Lunny díomhaoin ó bhí tús na mílaoise ann.
sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois in that the process is now started
" Ach tá athrú mór tagtha ar an gcur chuige seo sa mhéid is go gcuirtear tús leis an bpróiseas anois agus na himreoirí in aois níos óige – ceithre bliana déag, de ghnáth – agus dá bhrí sin, bíonn na painéil agus na foirne socraithe i bhfad sula mbaineann na buachaillí aois na mionúr (faoi ocht mbliana déag) amach.
ag tús na mílaoise. at the beginning of the millennium.
ón tús from the beginning
" Tá sé curtha i leith Drew go ndearna sí cuntas bréagach Bebo a shocrú, faoin ainm “Josh”, agus é mar aidhm aici ón tús bulaíocht a dhéanamh ar Megan mar gheall ar gur bhraith sí go raibh Megan ag déanamh bulaíochta ar a hiníon-sa.
a mhúscail ar dtús who first woke
" Le scéal fada a dhéanamh gearr agus scéal gearr a dhéanamh suimiúil, ba é an Canónach a mhúscail ar dtús – thart faoin a ceathair a chlog ar maidin – agus ba eisean a thug faoi deara ar dtús é: bhí an Tóirse imithe.
ar dtús at first
" Thuig muid ansin go raibh cúrsaí ní ba thromchúisí ná mar a shíl muid ar dtús.
ar dtús at first
" Cláraíonn achan chlub leis an eagraíocht mar aonad nuair a thosaíonn siad ar dtús agus cuireann siad ranganna seachtainiúla sa tsiúl; ní bhíonn ballraíocht aonair i gceist.
tús áite dúinne. us first
" Dóibh siúd nach Meiriceánaigh iad, ba léir cén teachtaireacht a bhí i gceist: tús áite dúinne.
tús áite don tuath. the countryside, or rural places, first
" Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
ar thús cadhnaíochta in the vanguard/ leading the field
" Bunaithe ar sceimhlitheoireacht, tá Iosrael anois ar thús cadhnaíochta sa ‘chogadh domhanda in aghaidh na sceimhlitheoireachta.
ó thús a hóige from her earliest days
" ” Ceol ó thús a hóige Dúirt Cathy in am amháin go mbíodh sí ag drandan ceoil an-luath sa saol, go fiú sula raibh sí in ann siúl, de réir an méid a d’inis a máthair di ina dhiaidh sin.
ó thús deireadh from start to finish
" ” Ba léir dom ó thús deireadh an agallaimh seo go bhfuil taidhleoir / urlabhraí den scoth ag Dervish.
Cuireadh tús was started
" Roghnaíodh an dáta seo mar an lá náisiúnta de bharr gur Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil ar 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig an chéad chabhlach i dtír i gCuan Sydney.
tús an ailt the start of the article
" Mar a mhínigh mé ag tús an ailt, is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus measaim go bhfuil a bhformhór sásta le dáta reatha an lae náisiúnta, de réir dealraimh.
ar thús cadhnaíochta leading the way
" Is é *'How deception and self-deceit took America to war'* fotheidil a leabhair nua, agus míníonn Gates sa chéad chaibidil an chaoi ar baineadh leas as teoiric an imeartais le Meiriceá a thabhairt chun cogaidh sa Mheánoirthear ar leas Iosrael, tír atá ar thús cadhnaíochta i bhforbairt an bhrainse sin den mhatamaitic.
fhonn tús a cur intent to start
" Ní fios go fóill cioca cróga nó meargánta é mar chraic bhailithe airgid thapa an straitéis sin ‘fhonn tús a cur le hathshlánú an státchiste’, i bhfoclaibh maorga an Aire Airgeadais, ‘próiséas a leanfaidh go ceann cúig bliana eile,’ ar a laghad.
dtús na míosa start of the month
" I dtús na míosa seo caite, bhailigh níos mó ná míle duine le chéile ar an bPlás Saint Michel, os comhair Ardeaglais Notre Dame i gcroílár Pháras, ag fógairt ar an rialtas iad a chur i bpríosún.
tús na féile the start of the celebration
" Léacht dar teideal 'An Beirneach' ag tús na féile i halla na scoile náisiúnta ar an Chaiseal a bhí ann agus rinne sé cur síos ar shaol an fhir seo a raibh bua ceoil ar leith ann.
chuirtear tús leis is started
" Is ag deireadh seachtaine na Cincíse a chuirtear tús leis an samhradh agus leis an aimsir bhreá, más fíor.
tús áite primacy, the lead
" Tugtar tús áite d’airgead sa chóras oibriúcháin domhandaithe seo, a mhíníonn Gates, agus déantar neamhaird ar na luachanna atá riachtanach i gcomhair folláine fhadtéarmach an phobail: fadbhreathnaitheacht fhioscach, comhtháthú sóisialta agus inmharthanacht an chomhshaoil.
dtús na mílaoise seo the start of this millennium
" Ba iad an BJP a bhíodh go mór chun cinn i gcúrsaí polaitíochta na hIndia i dtús na mílaoise seo.
Ar dtús firstly
" Ar dtús, an costas atá ar an aonad kWh.
Ar dtús firstly
" Ar dtús, b'éigean dom na róin a fheiceáil.
tús start
" Bhí an nós seo ag na Ceiltigh riamh: dul i measc na marbh arís ag tús an gheimhridh.
Tabharfar tús áite precedence shall be given
" Tabharfar tús áite d’úrscéalta agus do chnuasaigh gearrscéalta, ach beidh seánraí eile (filíocht agus leabhair thaistil, cuir i gcás) i gceist ó am go chéile fosta.
ar thús cadhnaíochta in the lead
" Beag an baol! Eisean atá ar thús cadhnaíochta ag iarraidh cogadh a bheadh níos tubaistí fós a spreagadh in aghaidh na hIaráine.
Ar dtús báire first things first
" BD: Ar dtús báire comhghairdeas a Aire as do cheapachán.
thús an Fhómhair early Autumn
" **An bhfuil tú sásta leis an fhorbairt a rinne Gaelchultúr i mbailte éagsúla timpeall na tíre, ó thús an Fhómhair seo caite go háirithe?** Tús atá ann.
i dtús báire initially
" Bhíothas in ann gual a thochailt ar dhromchla an talaimh i dtús báire.
ar thús cadhnaíochta leading the field
" De réir John Keating, stiúrthóir tráchtála ag *OceanEnergy*, tá deis ag Éirinn na mílte post a chruthú san earnáil, ach ós rud é go dtiocfaidh 71% de na poist sin ón réimse déantúsaíochta, tá sé tábhachtach go mbeidh Éire ar thús cadhnaíochta ó thaobh cúrsaí nuálaíochta de, in áit a bheith ag brath ar an teicneolaíochta sin mar úsáideoir.
ar thús cadhnaíochta to the forefront
" In áit an chamchleachtais seo a cháineadh agus tabhairt faoi mhí-ionracas aigneolaithe a chur teastais mhíchumais ar fáil do dhaltaí saibhre áirithe a bhí ag iarraidh éalú ón dualgas staidéar a déanamh ar an Ghaeilge, b'amhlaidh gur mhaígh Hayes gur léiriú eile a bhí ann nár cheart go mbeadh iachall ar dhaoine an teanga a staidéar don Ardteist! Díbirt Hayes ==== Bhí Hayes ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí an Teachta Kenny a dhíbirt as ceannaireacht an pháirtí agus chaill sé a phost san atheagar a tharla tar éis do fhear Mhaigh Eo na cosa a thabhairt leis.
i dtús báire initially
" D’fhógair siad a gcinntí ag preas ócáid ar 7 Meán Fómhair agus bhí an chuma ar an scéal i dtús báire go mbeadh rialtas coimeádach againn.
tús áite prime place
" Cé gur mórimeachtaí náisiúnta cultúrtha agus spóirt iad na cluichí ceannais iomána, camógaíochta agus peile atá thart go ceann bliana eile, agus muid ag caitheamh súil siar ar imeachtaí mhí Mheán Fómhair, ní mór tús áite a thabhairt do bhanghaiscíoch spóirt na hÉireann, Katie Taylor, atá tar éis gach a bhfuil déanta ag gaiscígh spóirt na tíre bige seo, idir fhir is mhná, a shárú.
thús start
" Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig, nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
cuireadh tús was started
" D'athraigh an domhan nuair a cuireadh tús le teilifís cábla sna hochtóidí.
i dtús báire firstly
" Ba mhaith liom i dtús báire mo bhuíochas a ghlacadh libh as bhur dtacaíocht liom mar cheannaire úr ar an pháirtí úr seo.
a thabharfadh tús áite which would give a preference
" Idirdhealú dearfach le linn an phróiseas earcaíochta a thabharfadh tús áite do dhaoine le Gaeilge an réiteach, dar leis.
i dtús báire initially
" Bhí fórsaí na hAstráile páirteach san ionradh ar an Afganastáin i dtús báire i mí Dheireadh Fómhair 2001, mar chuid den fhreagra idirnáisiúnta ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta ar na Stáit Aontaithe ar 11 Meán Fómhair 2001.
ó thús deireadh from start to finish
" Agus é ag tagairt do “chiorcal Chicago a chothaigh é ó thús deireadh,” thug Abner Mikva, abhcóide Teach Bán do Bill Clinton agus meantóir Obama, “an chéad uachtarán Giúdach” air.
tús áite precedence
" Ní nach ionadh, bhí Teachtaí Dála sa bhfreasúra ag iarraidh tús áite a thabhairt sa Dáil don chruachás ina raibh geilleagar na tíre.