An amhlaidh atá? Measaim go dtugann an suíomh seo, *Foinse* agus a iris mhíosúil *Faobhar*, agus colúin Ghaeilge an *Irish Times* (a gcuirim féin eagar orthu) bréag don téis shotalach sin.
’Sí is téis d’Alex Gibney ná gurb é meon na Vatacáine, nuair is gá ‘causa nobile’ na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí a chosaint, go gcaitear an tsúil chaoch, ar gach leibhéal, ar ghníomhartha coiriúla drochbhuachaillí na cléire.