muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansinif the racial harassment there wasn't tackled
Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileannaif the 'crisis' in the schools is not tackled
Tá an t-eolas seo ag teacht sna sála ar thuarascáil ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta inar dúradh nach mbeadh aon scoil Ghaeltachta ag múineadh trí Ghaeilge i gceann scór bliain mura rachfar i ngleic leis an "ghéarchéim" sna scoileanna, mar a thug siad air.
go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachtathat they would get to grips with the probolem of corruption
Gné amháin de pholasaithe PiS a thaitin le formhór na bPolannach thiar in 2005 ná an gealltanas a thug siad go rachaidís i ngleic le fadhb na caimiléireachta i saol na tíre.
Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor,the cancer was dealt with quicly enough
Chuathas i ngleic leis an ailse sciobtha go leor, agus dá bharr sin níor chuir sé dá chois é agus bhí sé ar ais ar a sheanléim tamall gairid i ndiaidh na hobráide.
théadh sí i ngleic leo í féinshe used to get stuck into matters herself
An Fuadar nach bhFeictear
==========
Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic leFrench planes attacked
’
Siúd é ag cur síos dom ar an saol ina bhaile dúchais san Afraic, tamall ó dheas den cheantar a ndeachaigh eitleáin na Fraince i ngleic le hAl Qaida mí Eanáir seo caite.
**CMacS: Cad leis a mbeidh tú ag súil ón gCoimisinéir nuacheaptha Rónán Ó Domhnaill?**
AÓC: Bheinn ag súil, de bharr sheasamh Sheáin Uí Chuirreáin, go mbeadh náire ar dhaoine áirithe agus go rachfaí i ngleic le rúibricí agus le gealltanais atá tugtha faoi na scéimeanna teanga.
rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéimhe’ll tangle with the (language) emergency
Beidh a lámh ar stiúir long na Gaeilge go ceann dhá bhliain eile agus ’sé an bealach a rachaidh sé i ngleic leis an ngéarchéim teanga sa nGaeltacht, is ceart a chur san áireamh chomh maith nuair a bheas breithiúnas á dhéanamh ar a thréimhse ar an stiúir.
nuair a chuaigh sé i ngleic lewhen he got to grips with
Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.
nuair a chuaigh sé i ngleic lewhen he got to grips with
Cé gur múinteoir Laidine é Ed Foley ina chathair dhúchais, Bostún, bhraith sé frustrachas an-mhór nuair a chuaigh sé i ngleic le gramadach na Gaeilge ar dtús.