Cé go dtugtar cuireadh don phobal i réamhrá eagrán 2012 aiseolas a chur isteach i gcomhair eagráin athbhreithnithe eile i gceann trí bliana, cá bhfágann sé sin lucht scríofa is múinte na Gaeilge san idirlinn?
Chun údarás na Rannóige ar fhoilsiú agus athbhreithniú an Chaighdeáin Oifigiúil feasta a dhaingniú, tá Bille (nó leasú ar bhille) ullmhaithe, agus cuireadh faoi bhráid an tSeanaid é ar 18/9/2012, áit a ndeirtear:
ciallaíonn ‘‘An Caighdeán Oifigiúil’’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid
sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge (An Bille um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2012 (Seanad)
<ar fáil ag http://www.