Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Tá sé de rún aige he intends
" Tá sé de rún aige táille bhreise a ghearradh ar dhaoine a dhéanann a leithéid as seo amach.
tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de. it's very clear from this version of it.
" Is amhrán searbh feargach é agus tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de.
Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, it is at the Taoiseach's advantage
" Tá sé de bhuntáiste ag an Taoiseach, áfach, go bhfuil an Comhaontas Glas – a bhí ar cheann de na páirtithe ba ghlóraí in éadan Nice – mar chuid den Chomhrialtas anois agus iad tiomanta maidir lena a dtacaíocht a thabhairt don chonradh.
tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís the service are charged with the responsibility
" Tá SPNF ina cuid den Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus tá sé curtha de chúram ar an tSeirbhís raon gnáthóg agus speiceas in Éirinn a chaomhnú.
tá sé de bhua aige he has an ability
" Fear deisbhéalach é Noonan agus tá sé de bhua aige go dtig leis dul i ngleic go han-ghasta le fadhbanna agus le dúshláin úra.
Tá sé de rún againn we intend
"Tá sé de rún againn ollionad pobail a thógáil le sainchuspóir chun riar ar an chreatlach oibre atá luaite agam cheana.
Tá sé de nós ag an saol mór everyone has the habit of
" Tá sé de nós ag an saol mór (ceist a chur ar Google)(<http://www.
tá sé de dhualgas orainn we are obliged
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.