Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá cuil fhuar ar an lá the day has a raw edge
" " Nuair a d'oscail Aoife an doras le dhul amach go dtí an carr dúirt sí le Gerry, "A Dhia, tá cuil fhuar ar an lá.
tá fada an lá ó shin a long time ago
" Bhí muid ag foghlaim na fidle i dteannta a chéile fá ghleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair, tá fada an lá ó shin nuair a bhí Dia ina ghasúr.
Tá an lá ag cruthú go maith the day is turning out well
" "Tá an lá ag cruthú go maith anois," arsa Aifric le duine de na banaltraí a bhí ag tarraingt cuirtín thart ar an tríú leaba síos ón fhuinneog, "nuair a smaoiníonn tú ar an mhaidin a bhí againn.
Má tá coiscéim coiligh ar an lá if the day is noticeably longer
" Má tá coiscéim coiligh ar an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois - san áit is contúirtí ar fad, b'fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh.
Má tá coiscéim coiligh leis an lá if the day is getting noticeably longer
" Má tá coiscéim coiligh leis an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois – san áit is contúirtí ar fad, b’fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh.
tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá night extends imperceptably
" Tá na gasúir ar ais ar scoil, tá claochlú ar an aimsir, tá coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá agus táim féin ar ais ag obair tar éis briseadh máithreachais, ach tuilleadh faoi sin níos faide anonn.
tá an lá séidte it's a raging storm
" Lár an tsamhraidh agus tá an lá séidte! Imreoirí agus lucht bainistíochta tagtha le chéile ag 10.
Tá lá eile ag an bPaorach there’s another throw of the dice
" Tá lá eile ag an bPaorach, mar sin.