siombailí feiceálacha
visible symbols
Cruthaíonn an t-ailtire
siombailí feiceálacha ár gcultúir dúinn.
phríomhshiombail
main symbol
De réir mar a tháinig an Chríostaíocht i réim in iarthar na Eorpa, aithníodh an céasadh, ar amharcadh air mar mhodh uiríslithe ag am amháin, mar
phríomhshiombail an creidimh nua.
Siombail na saoirse
a symbol of freedom
Siombail na saoirse atá ann anois, agus sin an dearcadh atá ag cuid de na Breatnaigh atá ag iarraidh tír neamhspleách dóibh féin.
shiombail phaiteanta
clear symbol
Ach bhí siopa amháin a d'fhan ar oscailt agus atá mar
shiombail phaiteanta de luachanna an Tíogair Cheiltigh - Lidl.
siombail den stádas saolta
a symbol of worldly status
Radharc iontach atá ann anois - agus níl a fhios agam cad é a shíl daoine de agus iad ag teacht trasna na má chuige sna meánaoiseanna? Caithfidh gur tháinig tocht iomlán orthu!
Cé gur suíomh cráifeach é Campo dei Miracoli,
siombail den stádas saolta atá ann freisin.
siombail na saoirse
symbol of freedom
Mar a dúirt mé in *Beo! *(eagrán 36), is
siombail na saoirse é an leacht seo anois agus is iontach an rud é gur spreag sé dráma mar seo.
shiombail ionsaitheach
agressive symbol
Is cúrsaí inscne atá á scrúdú sa phíosa seo fosta ina bhfuil siorc, a fheictear mar
shiombail ionsaitheach go minic, le feiceáil ina sheasamh mar bhod ach a bhfuil cruth banúil air mar go bhfuil cíocha ar a bhrollach agus gúna air de chré-umha fite.
Siombail phaiteanta
a patent symbol
Siombail phaiteanta é an nós seo de na luachanna úra atá i réim sa tír.
comharthaí dothuigthe
enigmatic symbols
Tá
comharthaí dothuigthe ann ó thraidisiún áitiúil na gCruithneach, agus tá gréasa ann a thagann ó thraidisiún an domhain Luath-Chríostaí, mar shampla lámhscríbhinní maisithe de na Soiscéil agus scrínte oirnéalta déanta as miotal, ar bhoscaí iad ina gcoinnítí leabhair naofa, cloig agus taisí.
siombailí teibí
abstract symbols
D’úsáid sé
siombailí teibí agus scéim datha dubh agus bán chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis sin agus nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre.
mar shiombail neodrach
as a neutral symbol
Dúirt fear amháin, “Ní maith liom na dathanna, agus cén fáth go bhfuil tír ón taobh eile den domhan chomh mór sin ar mo bhratachsa?”
Bhí daoine áirithe ag iarraidh an nasc leis an mBreatain a laghdú, agus luaigh go leor daoine an t-éan an cíobhaí
mar shiombail neodrach a thaitneodh leis an tromlach.
siombailí reiligiúnacha
religious symbols
Tá glacadh le
siombailí reiligiúnacha sa Gharda Síochána ó bunaíodh an fórsa; tá crois Cheilteach mar shuaitheantas aige agus caitheann go leor de na gardaí a bhíonn ar dualgas Dé Céadaoin an Luaithrigh luaithreach ar a n-éadan.
siombailí eitneachais agus reiligiúin
ethnic and religious symbols
Táimid sásta má thaispeánann ár seirbhísigh phoiblí
siombailí eitneachais agus reiligiúin a fhad is go mbaineann na siombailí sin lenár gcultúr, lenár stair agus lenár reiligiún féin.
siombailí Caitliceacha san áireamh.
including Catholic symbols.
Nó ba chóir cosc a chur ar chaitheamh siombailí reiligiúnacha de gach saghas sa saol poiblí,
siombailí Caitliceacha san áireamh.
siombail na Críostaíochta
symbol of Christianity
Ta
siombail na Críostaíochta inti (Muire) ach de bhrí gur ortha í, baineann sí leis an tréimhse réamhChríostaí fosta.
siombail phaiteanta
obvious symbol
Níl aon dabht faoi ach gur
siombail phaiteanta den tíorántacht agus den ansmacht é an Tóirse Oilimpeach anois.
Comharthaí stádais nó céime
status symbols
Comharthaí stádais nó céime atá sna hollcharranna seo, mar aon le hiad a bheith ina n-airíonna tinnis.
mar shiombail de shaibhreas na cathrach
as a symbol of the city's wealth
**Íoróin**Bhí íoróin ag
baint leis an ócáid a bheith ar siúl ansin mar tógadh an halla mór, galánta, nuachlasaiceach in 1854
mar shiombail de shaibhreas na cathrach le linn d’inimircigh bhochta Éireannacha a bheith ag fáil bháis sna slumaí cúpla céad slat ón ionad tógála.
rinneadh
were made, siombailí symbols
Lucht rac is roll nó na *Rock’n’Rollers* ansin sna seachtóidí agus sna ochtóidí, nó duine ar bith a bhí ag iarraidh a bheith réchúiseach nó ‘*hip*’ – bhog siad go dtí an “*Village*” nó go comharsanacht béal dorais, Chelsea, agus
rinneadh siombailí díofa de mhodh maireachtála Nua-Eabhrac.
samhail an choimhthiúcháin
the symbol of alienation, otherness
Sin
samhail an choimhthiúcháin fada siar i stair na scannánaíochta - Dustin Hoffman i dtús ‘*The Graduate*’, mar shampla.
comhartha
symbol
Tá an ghealach ina
comhartha láidir i scéalta béaloidis ar fud an domhain.
Meabhrú na soineantachta
a symbol of innocence
Meabhrú na soineantachta, ach náiriú poiblí san am céanna.
chomharthaí
symbol
Thosaigh gluaiseacht na Tea Parties i mí Feabhra 2009 nuair a thograigh infheisteoirí baile (daoine a dhéanann infheistíocht óna dtithe féin), a chaill go leor sa teip airgeadais sna míonna beaga roimhe sin, málaí tae, mar
chomharthaí díspeagtha, a sheoladh chuig na comhaltaí comhdhála a vótáil ar son an phacáiste tarrthála ollmhóir do na bancanna agus do na comhlachtaí móra a bhí ar tí teip.
chomhartha
symbol
Mheas an t-aisteoir Diarmuid de Faoite, a bhain cáil amach lena léiriú aonair bríomhar ar shaol agus ar shaothair Shean-Phádraic, gur
chomhartha den chroí ealaíonta Gaelach é an dealbh.
ina chomhartha
as a symbol
In ainneoin an dochar a rinne crith talún agus creachadóirí ar an fhoirghneamh, maireann sé go fóill
ina chomhartha de chumhacht Impireacht na Róimhe.
chomhartha
a symbol
Roghnaíodh an Ghaeilge mar
chomhartha neamhspleáchais ag an Saor-Stát nua siar sna 1920í, agus cuireadh béim uirthi mar chuid dár bhféiníomhá náisiúnta.
chomhartha drúise
a symbol of lust
Baintear feidhm as an mhoncaí i mbéaloideas Mheicseiceó mar
chomhartha drúise (ar nós an choinín abhus faoi bhualadh craicinn, b’fhéidir), ach léiríonn sí mar ainmhithe boga, cosantacha iad.
meirge
symbol
Maireann spiorad na mara sa chathair fós, gné de shaol na cathrach a léirítear go cuimsitheach i
meirge chathair Shingeapór – an leon murúiche atá ar bhruach Abhainn Shingeapór.
Ba shainchomhartha cumhachtach
was a powerful symbol
Ba í an t-aon duine a cúisíodh as Cath Thaobh an Bhogaigh a throid in aghaidh fórsaí slándála an stáit!
Ba shainchomhartha cumhachtach an resistance í.
comharthaíonn
is a symbol
Dar le lucht eagair na himeachta,
comharthaíonn an 'bazh-eilan' (baitín sealaíochta) an nasc atá idir na glúinte, idir ceantair, bailte agus bailte fearainn, agus idir spórt agus saíocht.
comhartha
a symbol
Ní bheadh in easpa an pháipéir leithris ó sheilf an tsiopa ach
comhartha, ar ndóigh, ach is fiú súil a choinneáil ar chomharthaí.
mar chomhartha
as a symbol
Bhí an tUachtarán ansin le labhairt mar “fhíorspiorad na hÉireann” agus d’aithin sí go raibh an Ardeaglais a leagadh le linn an dara chogadh domhanda
mar chomhartha den mhaithiúnas agus den chaoinfhulaingt.
mar chomharthaí aitheantais
as symbols
Caitheann na mná éadaí ildaite agus balaclavaí
mar chomharthaí aitheantais agus lena n-aitheantas pearsanta féin a chosaint agus de réir bean amháin den bhuíon, cuidíonn na haghaidheanna fidil seo go síceolaíoch leo iad féin a dhéanamh níos láidre, ar nós sárlaoich cosúil le Batman nó Superwoman.
An cuma leat a bheith i do shiombail
do you mind your being a symbol
**CMS
An cuma leat a bheith i do shiombail de shaghas éigin ar son na teanga mar sin?**
BD Is breá liom é! Thug mé faoin seó teilifíse chun an Ghaeilge a chur chun cinn (ní chun mé féin a chur chun cinn).
comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin
a very important symbol of one religion
*”
Theip air anseo aon thagairt a dhéanamh dos na hailt eile sa Bhunreacht céanna a thug aitheantas sollúnta don “Tríonóid Naofa”,
comhartha ríthábhacht de chuid creidimh amháin nó dos na hailt a thug cead don Eaglais Chaitliceach airgead a dh’fháilt díreach ón Státchiste, airgead a úsáidtear chun bunrialacha an chreidimh sin a mhúineadh sna scoileanna poiblí.
comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh
the gay community’s international symbol
Seasann Panti Bar, ceann de phríomhthithe tábhairne an phobail aeraigh Bhleá Cliathaigh, go dathúil mealltach ar shráid Chéipil; é clúdaithe óna bhun aníos le póstaeir dá bhainisteoir *Miss Panti* (atá ina drag queen), agus bratacha ildaite den bhogha báistí:
comhartha idirnáisiúnta an phobail aeraigh.
leis an gcomhartha
with the symbol
Tarraingíonn an haischlib focal, nó nath,
leis an gcomhartha # roimhe, ábhar le chéile ar an ngréasán ina bhfuil sé foilsithe.
comharthaí creidimh
religious symbols
Ina theannta sin, cuireadh ‘cairt’ os comhair an rialtais anuraidh darb ainm “Charte des valeurs québécoises” nó ‘Cairt na Luachanna Québec’, agus é á mhaíomh acu gur mhaith leo stop a chur le caitheamh ‘
comharthaí creidimh’ sa tseirbhís phoiblí.
a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo
who wear these religious symbols
Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí
a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo a dhíbhirt as an gcúige.
a chaitheann suaitheantas mar seo
who wear symbol(s) like this
D’éisigh cúige mór eile i gCeanada, Ontario, an áit a bhfuil Toronto agus Ottawa, poiblíocht ag mealladh dochtúirí óga Québec
a chaitheann suaitheantas mar seo chun obair ann leis an ráiteas *‘We don’t care what’s on your head, but what’s in it’*.
cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh
to ban religious symbols
An Titim ar Lár agus ag Caolú Léi
===============
Tá dearcadh Mhontréal fíordhifriúil ó Québec ar go leor bhealaí - le héagsúltacht béascna, teanga agus creidimh, níor aontaigh an chathair go mór leis an gCairt um Luachanna Cultúir a raibh sé i gceist aici
cosc a chur ar chaitheamh comharthaí creidimh agus ní raibh tacaíocht Marois láidir ann dá bharr.
An comhartha é sin ar chomh lag
is that a symbol of how weak
An comhartha é sin ar chomh lag is atá pobal na Gaeltachta? Má tá aon phobal rathúil Ghaeilge ann, tá sé thar am é féin a chur in iúl agus clampar a thógáil faoin gceist.
maidir le siombailí reiligiúnacha.
regarding religious symbols.
Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn
maidir le siombailí reiligiúnacha.
siombailí reiligiúnacha
religious symbols
Léiríonn scéal an tSaícigh nach rabhthas sásta cead a thabhairt dó a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas le Fórsa Cúltaca an Gharda Síochána go bhfuil géarghá le polasaí cinnte in Éirinn maidir le
siombailí reiligiúnacha.