Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sholáthar feabhsaithe improved supply
" "Measann an Bord go bhfuil an príomhéileamh ar sholáthar feabhsaithe leictreachais 110 kV ag teacht ó Leitir Ceanainn.
ag soláthar supplying
" Cén t-iontas, a deirtear, go bhfuil cluichí Phríomhroinn an FAI chomh dona sin, agus go mbuailtear clubanna Éireannacha den pháirc nuair a imríonn siad san Eoraip? Níl ionainn, ar ndóigh, ach tír bheag, mar a bheadh goradán ann ag soláthar imreoirí maithe óga do chlubanna móra an Premiership.
a sholáthraíonn which supply
" Ghearr Coimisiún an hEorpa fíneálacha de £673 milliún (€855 milliún) ar ocht gcomhlacht a sholáthraíonn vitimíní mar gheall ar an socrú praghsanna a bhí ar siúl acu le deich mbliana anuas.
slabhra an tsoláthair the chain of supply
" Níl slabhra an tsoláthair dlíthiúil, rud atá ina chontrárthacht.
soláthar supply
" Caithfidh soláthar cláracha a bheith ann ag deireadh chuile sheachtain.
Soláthraíonn muidne we supply
" "Soláthraíonn muidne teicneolaíocht do chomhlachtaí ar nós Digifone chun gur féidir leo cluichí agus a leithéid sin a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
soláthar supplying
" Ní chlúdaíonn na deontais an obair go léir a bhaineann le soláthar na leabhar.
sholáthar ola na hIaráice the Iraqi oil supply
" Bush go mbeadh smacht ag comhlachtaí Mheiriceá ar sholáthar ola na hIaráice as seo amach.
atá á soláthar which are being supplied
" Fadhbanna eile ======= Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
a sholáthraítear ar shlite eile which are supplied in other ways
" Ach in ionad na seirbhísí a sholáthar thar an nguthán soghluaiste faoi mar a bhí i gceist go dtí seo, tá an fhéidearthacht ann anois an fón a úsáid mar ghléas chun íoc as seirbhísí a sholáthraítear ar shlite eile - bíodh sé sin ar an idirlíon nó tríd an bpost.
nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh when the supply increases, the demand increases
" Ar nós druga ar bith, a deir an tUasal O'Connor, nuair a mhéadaíonn an soláthar méadaíonn an t-éileamh.
soláthar supply
" Dúradh go bhfuil daoine i Londain ag bailiú buidéal uisce mar go bhfuil siad buartha go gcuirfidh míleataigh Ioslamacha nimh sa soláthar uisce.
soláthar iomlán entire supply
" I rith an tsamhraidh, cuireann carn mór múirín soláthar iomlán uisce te ar fáil don ionad.
sholáthar uisce water supply
" Tá clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua.
soláthar bliana a year's supply
" Bhí an-chuid oibre ag an gcomhlacht ag an am, ag fáil réidhe le soláthar bliana de chláracha anamúla a chur ar fáil do TG4.
soláthraíonn siad they supply
" Tá conradh acu le TG4/RTÉ agus soláthraíonn siad trí phacáiste nuachta dóibh chuile lá sa tseachtain.
an slabhra soláthair the supply chain
" Is buntáiste mór é do mhiondíoltóirí uimhir thagartha faoi leith a bheith ag gach earra mar is féidir leo é a leanúint tríd an slabhra soláthair ón monarcha go dtí an teach.
a sholáthar to supply
" "Is féidir leo thart ar 7,000 cileavat uaire a sholáthar in aghaidh bliana," a deir Graeme Pert ó Gillespies LLP, ailtire i nGlaschú a bhí i gceannas ar athchóiriú an tseanospidéil.
soláthar maith good supply
" Cuirtear soláthar maith ábhair léitheoireachta ar fáil do phobal na Gaeilge in aghaidh na bliana, agus tá caighdeán na leabhar mar tháirgí ag dul i bhfeabhas i gcónaí.
soláthar tithe sóisialta supply of social housing
" An mhí seo caite d'fhógair an rialtas polasaithe nua, polasaithe a d'fhéadfadh an soláthar tithe sóisialta sa stát seo a mhéadú go mór.
an soláthar a mhéadú to increase the supply
" Sin le rá, ar deireadh thiar gurb é an margadh a shocraíonn praghas na dtithe agus gurb é an t-aon bhealach leis an chostas a ísliú ná an soláthar a mhéadú.
soláthar uisce water supply
" Níos gaire do bhaile tá imní ar go leor daoine san Eoraip maidir leis na pleananna atá ag an gCoimisiún agus ag an gcoiste rúnda seo do sheirbhísí poiblí mar shláinte, oideachas, soláthar uisce, agus iompar.
á soláthar againn being supplied by us
" "Tá leaganacha dár n-earraí i 29 dteanga áitiúil á soláthar againn le tamall anuas agus, mar a bheifeá ag súil, teangacha móra idirnáisiúnta ar nós na Fraincise, na Spáinnise agus Seapáinise a bhí i gceist.
soláthar ola oil supply
" An bhfuil géarchéim eile ola ar an mbealach? An bhfuil muid réitithe don lá nach mbeidh aon soláthar ola fágtha? An bhfuil neamhaird á tabhairt againn ar an bhfadhb? Tá, níl, agus tá na freagraí atá ag cuid mhaith den lucht comhshaoil ar na ceisteanna sin.
soláthar leictreachais electricity supply
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord soláthar leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
an mBord Soláthar Leictreachais the Electricity Supply Board
" Faoi láthair, mar shampla, níl cead ag duine a bhfuil micreathuirbín aige an leictreachas nach bhfuil gá aige leis a dhíol leis an mBord Soláthar Leictreachais ná le comhlacht fuinnimh ar bith eile.
Soláthar supply
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, Soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
soláthar supply
" Is dócha, fad is a leanfaidh soláthar na ndaoine seo ar aghaidh, nach mbeidh brú ar an ollscoil fostaíocht lánaimseartha a chruthú.
an t-éileamh agus an soláthar demand and supply
" Measann cuid de na saothraithe go bhfágfar 5% nó níos mó de na caora le lobhadh ar an bhfíniúin i mbliana agus go mbeidh sé dhá bhliain ar a laghad sula mbeidh an t-éileamh agus an soláthar i gcóimheá arís.
soláthar gáis gas supply
" Mhaígh Frank Fahey go mbainfeadh bailte an iarthair an-bhuntáiste as an chríochfort mar go mbeidís ag fáil soláthar gáis uaidh.
soláthar ola oil supply
" Tá fáithe ag caint cheana féin faoi Bhuaic na hOla, an uair ag a thosóidh soláthar ola an domhain ag dul i léig, agus ag tabhairt foláirimh gur gá dúinn slite eile a aimsiú chun ár spleáchas ar an ola a laghdú.
a sholáthar to supply
" Is dócha go mbeifear ag caint faoi stáisiúin chumhachta núicléacha nua – agus líon mór acu – go luath chun an fuinneamh a sholáthar.
ag soláthar seirbhísí supplying services
" Tá thart fá 200,000 duine eile fostaithe in eagrais a bhíonn ag soláthar seirbhísí do na comhlachtaí seo.
a sholáthar to supply
" Ní féidir fiú amháin le Gáscheantar na Coiribe (atá sna nuachtáin faoi láthair) ach leath an gháis a bheidh uainn a sholáthar – beidh muid fós gan chosaint ó fhadhbanna thar lear.
ag soláthar supplying
" Ní bheidh na húdaráis áitiúla ag soláthar scoileanna níos mó, ach beidh “ról straitéiseach” acu, mar dhea! Beidh cead isteach sna scoileanna nua faoi smacht na scoileanna féin.
soláthar teoranta limited supply
" Níl ach soláthar teoranta ola agus gáis againn, fiú amháin le gáscheantar nua na Coiribe, ach tá dhá acmhainn go flúirseach againn: an ghaoth agus na tonnta.
ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn supplying us with our energy
" Caithfimid bheith dóchasach go mbeidh dearmad glan déanta faoin mbliain 2025 nó 2035 ar óráid sin Tony Blair faoi chúrsaí núicléacha, ach go mbeidh sliocht Wavebob (agus b’fhéidir sliocht Pelamis agus Archimedes freisin) ag soláthar ár gcuid leictreachais dúinn – go glan agus go hinbhuanaithe.
chun soláthairtí a iompar to carry supplies
" An bhfeicfidh sé solas an lae riamh? Bhuel, braitheann sé sin ar cé acu a mheasann an earnáil mhíleata sna Stáit Aontaithe go mbeidh an t-eitleán seo de dhíth orthu chun soláthairtí a iompar timpeall an domhain nó nach mbeidh.
an ciorcailín soláthair raithní the hash supply circle
" Go luath tar éis dom bogadh isteach a chuireas an ciorcailín soláthair raithní ar bun.
bíonn brú ort ceol maith a sholáthar, you're under pressure to supply good music,
" Nuair a bhíonn tú ar an stáitse bíonn brú ort ceol maith a sholáthar, fiú muna bhfuil sé ag teacht leat.
ag soláthar físeán supplying videos
" Ina theannta sin, is iomaí nuachtán anois a bhíonn ag soláthar físeán ar a gcuid suíomhanna idirlín.
lónta supplies
" Ach bhí an Rí John ag iarraidh an Pháil a leathnú amach, agus mar sin bhí port daingean de dhíth air le lónta a chur chuig a fhórsaí in Éirinn.
soláthar long cabhlaigh, supplying navy ships,
" Rinne na ceannaithe brabús maith as seo agus as soláthar long cabhlaigh, agus nuair a tháinig William III go dtí an port sa bhliain 1689 b’éigean dó praghas ard a íoc chun a arm a iompar go hÉirinn.
Soláthraíonn siad cláracha They supply programmes
" Soláthraíonn siad cláracha do TG4, RTÉ agus TV3.
ag soláthar scoth na gcláracha supplying excellent programming
" Ba chraoltóir ceannródaíoch é Kieran, a chaith beagnach ceithre bliana is fiche ag soláthar scoth na gcláracha don lucht féachana ó thuaidh.
ag soláthar supplying
" Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge.
i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, amongst those supplying the entertainment
" Beidh Daithí Ó Sé – atá chuile áit na laethanta seo, is cosúil – mar fhear tí ar an oíche, agus i measc iad siúd a bheidh i mbun an tsiamsaíocht a chur ar fáil, beidh na hamhránaithe Declan O’Rourke agus Fiach agus an banna ceoil Lir.
á sholáthar delivered, supplied
" Agus ní haon ionadh é go bhfuil deacrachtaí airgid ag an nuachtán laethúil a bunaíodh i 1984 agus atá á sholáthar ar dheontas €280,000 sa bhliain faoi láthair.
soláthar seasta steady supply
" Tá cuid mhaith de choirpigh na tíre as a meabhair cheana féin, agus cuireann soláthar seasta drugaí de gach sórt go mór leis an bhfadhb.
ag soláthar seirbhísí cumarsáide supplying communication services
" Ina measc tá Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge; Connla Lawlor, ar príomhfheidhmeannach *Lá Nua* í; agus Sadhbh Bhreathnach a chaith tréimhse mar bhainisteoir branda le L’Oreal sular thosaigh sí ag soláthar seirbhísí cumarsáide trí mheán na Gaeilge le Stillwater Communications.
an t-uisce a sholáthar i bpíblíne to supply the water in a pipeline
" Tá uiscíoch ollmhór faoina rainse in Baca Grande, Colorado, agus rinne comhlacht dá chuid iarracht an t-uisce a sholáthar i bpíblíne do chathair Denver – beart a shaothródh na billiúin do Strong agus dá chuid comhpháirtithe dá gcuirfí i gcrích é.
a sholáthar to supply
" Bhunaigh Comharchumann Raidió Átha Cliath Teoranta an stáisiún pobail seo sa bhliain 1993 le seirbhís raidió trí mheán na Gaeilge a sholáthar do phobal Bhaile Átha Cliath agus do phobal an cheantair máguaird.
biaiste a plentiful supply
" Ní raibh deacracht ar bith an mhí seo áfach agus biaiste na hiomána idirchontae díreach thart agus ba é sin oirbheart agus gaisce iománaithe Chill Chainnigh a mholadh agus a mhóradh tar éis dóibh an ceathrú craobh shinsear iomána uile-Éireann as a chéile a ghnóthú.
riar iasc amount, supply of fish
" De dheasca thógáil na cora, nach ndeachthas i gcomhairle leo mar gheall air ar ndóigh, cuireadh deireadh leis an riar iasc a bhí mar phríomhbhia acu is tháinig an mhaláire i measc Emberá na Sinú den chéad uair.
riar mhaith a good supply
" Seo é mo mholadh ina bhfuil dhá chuid: (i) sara gcuirfí deireadh le héigeantas na Gaeilge mar ábhar Ardteiste agus mar ábhar iontrála Ollscoile, go leagfaí síos go mbeadh dúbailt pointí san Ardteist le fáil as Gaeilge, Béarla agus Matamaitic agus (ii) go socrófaí go mbeadh 50% ar a laghad de na postanna sa gcóras poiblí á líonadh ag daoine atá inniúil ar an dá theanga agus a bheadh in ann a gcuid oibre a dhéanamh go paiteanta trí mheán na Gaeilge, ar an ábhar go bhfuil fíor-riachtanas ag an Stát riar mhaith daoine atá dátheangach a fhostú lena gcuid dualgais reachtúla a chomhlíonadh i dtaobh freastal ar an bpobal trí Ghaeilge.
chur an t-ábhar ar fáil supplying the material
" Agus ar ndóigh, bhí na cumadóirí ann ar nós Tom a’ tSeoighe, Ciarán Ó Fatharta agus Seán Cheoinín a chur an t-ábhar ar fáil.
hacmhainn bia an cheantair the local food supply, resource
" D’éirigh coimhlint idir an dá bhuíon i dtaca le hacmhainn bia an cheantair agus ní raibh aon leisce ar na coilínigh dul i muinín an fhornirt lena ngabháltais agus a n-ainmhithe a chosaint.
is lochán tanaí in short supply
" Tá an scéal ag feabhsú sa nGalltacht, cinnte, ach is lochán tanaí é.
flúirse plentiful supply
" Míníonn sé, cuirim i gcás, an bhaint a bhí ag lusanna áirithe agus ag a gcuid síolta le soláthar bia in áiteanna éagsúla agus an bhaint a bhí ag flúirse agus ag éagsúlacht na lusanna le méadú an daonra i gceantair éagsúla timpeall an domhain.
gann go leor in short enough supply
" An té a bhí sna tíortha sin 1991, chonaic sé go raibh luach ard ar pháipéar leithris mar go raibh sé gann go leor ag an am.
an soláthar uisce a ghlanadh clean the water supply
" Nuair nach bhfuil rialtas na hÉireann sásta gníomhú i mbealach fónta straitéiseach leis an nGaeilge a chaomhnú, b’fhéidir go mbeadh an Eorap sásta a ladar a chur sa scéal! Más féidir le Aontas na hEorpa iachall a chur ar Rialtas na hÉireann na portaigh a chaomhnú agus an soláthar uisce a ghlanadh, shílfeá go mbeadh an Bhruiséal in ann iachall a chur ar an Rialtas maidir le cosaint a thabhairt don Ghaeilge sa Ghaeltacht.
ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar the demand for tickets was greater than could be supplied
" I gcás cuid de na cluichí in Ulaidh mar shampla ba mhó an t-éileamh ar thicéid ná an soláthar, a bhuíochas sin do shuim an phobail agus don aimsir bhreá.