Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
teas marbhánta sultry, damp heat
" Bhí an *tube *dubh le daoine agus bhí teas marbhánta ann.
meirbh sultry
" Lár na hAstráile Tá sé dochreidte chomh mór, tirim agus dearg is atá lár na hAstráile! Bíonn na réaltaí an-gheal istoíche, tá an t-aer glan agus tá an-chuid cangarúnna, nathracha nimhe agus damhán alla gránna ann ar féidir leo dochar ceart a dhéanamh duit! Ach chaith mé cúpla uair an chloig ar eitleán go Cairns agus bhí mé i lár crann pailme agus an t-aer meirbh agus trom.
samhraí brothallacha sultry summers
" Má thosaigh na Sasanaigh níos déanaí ná na tíortha coilíneacha eile, ámh, ghlacadar talamh maith, leathbhealach idir geimhrí sioctha Québec, agus samhraí brothallacha Florida.
gáirsiúil, brothallach lewd, sultry
" Bhí na cailíní ag damhsa go corpchuara chun tosaigh, bhí na buachaillí ina seasamh go craos-súileach sna heití, bhí an ceol dainséarach, fiáin agus bhí an oíche lán le hallas gáirsiúil, brothallach lár an tsamhraidh.
measartha meirbh fairly sultry
" Bhí mé bruite san óstán, agus shíl mé mar sin go raibh sé measartha meirbh taobh amuigh.
brotallaigh sultry
" Thuig an BBC gur tharla an tubaiste seo ag tús lá breá Samhraidh brotallaigh, agus d’úsáid siad tírdhreach glas chun toircheas agus soineantacht na bhfear óg a cailltear a bhéimniú.
le linn oíche bhrothallach on a sultry night
" Bhí ar an slua mór oilidhreacht dheireanach Íosa a dhéanamh ina theannta sular cuireadh ar an gcrois é le linn oíche bhrothallach sa chathair.
brothallach te warm and sultry
" Agus na laethanta fós brothallach te sa Veinéis ag tús Mheán Fómhair ní i hallaí féachana dorcha amháin a fhanann cuairteoirí ar an bhFéile Scannáin.