Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cóiriúil suitable
" Bhíodh sé ag smaoineamh amanta ina bhrionglóidí seachránacha agus i bhfinnscéalaíocht a intinne go mbeadh ainm le fuaim fhileata chroíúil ar nós Niamh Chinn Óir go deas cóiriúil mar ainm di mar gheall ar a folt óir gruaige, a bhíodh an ghaoth a scuabadh go grámhar siar ó chúl a cinn le linn di a bheith ag sodar abhaile ón scoil.
is oiriúnaí most suitable
" Nach é seo an ról is oiriúnaí dúinne sa saol corrach atá romhainn?
a d'oirfeadh that would be suitable
" Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh Fianna Fáil a bheith i gcumhacht go ceann tamaill fhada le cúnamh an Lucht Oibre nó pé dream eile a d'oirfeadh ag an am.
gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid that this image was more suitable for the likes of me
" Chonacthas dom an iarraidh seo gurbh fhóirsteanaí an tsamhail í seo do mo leithéid.
feiliúnach suitable
" Deirtear nach bhfuil ar chumas ceachtar acu coisméig ar gcúl a thógáil agus gur mar gheall air sin a ceapadh iad a bheith feiliúnach mar shiombail don stát nua.
oiriúnach suitable
" Má bhíonn do chuid airgid uait i rith na tréimhse, níl na cuntais seo oiriúnach mar go ngearrfaidh gach eagras (seachas An Post) pionós d'aistarraingtí luatha.
a d'fheilfeadh that would be suitable
" Go mbeadh athrú bunúsach ar an gcuraclam meánscoile a ligfeadh do scoláirí an teanga a fhoghlaim seachas an cur i gcéill atá anois ann, go fiú leis na scoláirí is fearr agus iad á dtachtadh le cúrsaí a d'fheilfeadh sna hollscoileanna! Go mbeadh Bille Cearta na Gaeilge rite agus i bhfeidhm agus go bhféachfaí ar an bpobal Gaelach mar dhream ar chóir meas a bheith orthu ar an gcaoi chéanna le mionlach ar bith eile sa stát bréagliobarálach seo.
easpa bonneagair chuí lack of suitable infrastructure
" De bharr easpa bonneagair chuí i bhfoirm bóithre agus iarnród, ní raibh an Ghaeltacht sách cóngarach don mhargadh.
oiriúnach suitable
" Má tá imní ort go dtiocfaidh do pháistí ar ábhar mí-oiriúnach ar an idirlíon is féidir bogearraí ar nós (www.
cé ab fhóirsteanaí dó who was the most suitable for him
" Rinneadh cleamhnas dó ach bhí triúr ban ar an ghearrliosta agus b'éigean domhsa a theacht leis agus socrú a dhéanamh cé ab fhóirsteanaí dó.
fóirsteanach suitable
" Tá cuid de na radharcanna is áille sa tír sa cheantar seo agus tá sé iontach fóirsteanach le haghaidh siúlóidí bóthair agus siúlóidí sléibhe.
feiliúnach suitable
" Cosán fada gan scáth go dtí pointe feiliúnach don lón - áit le scáth agus gan seangáin.
oiriúnach suitable
" Bhíomar ag iarraidh smaoineamh ar ainm oiriúnach dúinn féin.
ceannaire oiriúnach suitable leader
" Fiú má mharaítear Saddam Hussein go luath, níl ceannaire oiriúnach aimsithe ag na comhghuaillithe le cur ina áit, duine a n-éireodh leis muintir na hIaráice a aontú le chéile faoi aon cheannasaíocht amháin.
oideas oiriúnach a suitable prescription
" ie) Gluais • Glossary ar an drabhlásdrinking heavily dá bharras a result geallwager a bheatha a shaothrúto earn his living i dtuilleamaí ar a chuid airgiddepending on his money cneadgroan damantadamned clár éadainforehead ag sá priocairí te ina ghoilesticking hot pokers into his stomach spící biorachasharp spikes ag lúbarnaíltwisting go míshuaimhneachuneasily imeachtaíevents galántaelegant meidhreachmerry dreoilín teaspaighgrasshopper drithlín gliondaira spark of joy gnúisface folthair faoi dhraíochtunder a spell comwaist cuireadhinvitation go fonnmhareagerly a chompánaighhis companions sméideadhwink a gcuid ráiteas graostatheir obscene comments maorgamajestic cornchlársideboard i ndlúthchipíin serried ranks táim sáchI have enough leachtliquid mionscáth gréinemini parasol do bharraicíníyour toes dlúthdhiosca rómánsachromantic CD tolgcouch chuimil sí a gruashe rubbed her cheek de chogar mealltachin an enticing whisper eiteogawings súimínsip milissweet mearbhalldizziness nuair a tháinig sé chuige féinwhen he came to céimeannasteps ar na cannaíheavy drinking a chártaí creidmheasahis credit cards cloigínbell toradhresult iarrachtaíattempts lámh leis an teachbeside the house curtha i leataobhset aside an bhean ghlantacháinthe cleaning woman shrac a chuid éadaigh de féinhe pulled his clothes off le tuawith an axe osnasigh crotshape láibeachmuddy drochbholadhbad smell anáilbreath stán síshe stared dallógablinds céastatortured breoiteill a chomhairligh síshe advised cearrwrong galardisease An Crannchur NáisiúntaThe National Lottery duaisprize a sheol ar bhóthar d'aimhleasa túwhich lead you astray drabhlásdebauchery ragairnerevelry geallghlacadóiríbookmakers fiántaswildness nuair a bhí ort do bheatha a shaothrúwhen you had to earn a living ní mór dom éiríI have to get up gnó práinneachurgent business í ag machnamh ar éagóir an tsaoilthinking about the unfairness of the world na heasláinthe sick ina seilbh féinin her possession a goideadh uaidhstolen from him burla nótaí airgida wad of notes sonraídetails théadh séhe used to go goileappetite bhíodh meadhrán ina cheannhis head would be swimming spadántasluggish fuinneamhenergy comhairleadvice dochtúir comhairleachconsultant buidéal leighismedicine bottle oideas oiriúnacha suitable prescription máinliasurgeon seomra feithimhwaiting room plódaithepacked cuma na bochtaineachtathe look of poverty go fiosrachinquisitively míchompordachuncomfortable lig sé airhe pretended scuainequeue le dímheaswith lack of respect a chuid otharhis patients do shealsayour turn sciob ColmColm snatched go dubhachgloomily go giorraiscabruptly níos críonnamore prudent níl mo ghoile thar mholadh beirtemy stomach isn't great sracfhéachaintglance aclaíochtexercise draidgháiregrin tréaniarrachta strong effort a choinneáil faoi shrianto keep under control bia róshaibhirfood that is too rich córas néarógachnervous system aclaífit i mbarr do shláintein the best of health géilleann tú do gach mianyou give in to every desire baoisfoolishness sólássolace saothraigh do bheathaearn your living mair ar an bpá a íoctar leatlive on the wage that you're paid maslaitheinsulted go drochmheasúilcontemptuously níor chorraigh ColmColm didn't move geallwager maireachtáil arlive off eagraíocht charthanachtacharitable organization meangadh searbhsarcastic smile cairde rachmasachawealthy friends toilteanachwilling faghairtflash buntáisteadvantage éigeandáilemergency sochar pearsantapersonal benefit má aithnítear méif I'm recognised i ndáiríreserious lándáiríretotally serious a dhearbhai
fóirsteanach suitable
" (Rabhadh: Tá an t-alt seo fóirsteanach dóibh siúd os cionn ocht mbliana déag d'aois agus dóibh siúd amháin!) Bhí brionglóid ag Balor - tromluí iontach trom a tháinig chuige agus é ar a leathluí ina phluais cháidheach, a chuid srann (agus eile) ag baint creathadh as an sliabh os a chionn agus as putóga na cruinne faoina leath-thóin.
rogha oiriúnach suitable choice
" Faraor, ceapann an córas atá acu gur rogha oiriúnach é "swindle-asc.
feiliúnach suitable
" AÓF: Tá tú ag obair le tamall ar chansairtín a bheadh feiliúnach do thosaitheoirí.
an-oiriúnach very suitable
" Chuir an áit faoi dhraíocht mé - ach seans nach bhfuil sí an-oiriúnach do mhuintir na háite! Chuaigh mé ar ais go dtí an bóthar, ansin tháinig mé díreach ar Chosán an Aifrinn agus lean mé de.
an dáta is fóirsteanaí the most suitable date
" An 13 Samhain an dáta is fóirsteanaí, meastar.
daoine feiliúnacha suitable people
" Tá súil againn go bhfanfaidh siad linn mar tá sé fíodheacair daoine feiliúnacha a fháil.
gurb é is fóirsteanaí that he is the most suitable
" Deir sé gur inis an glór dó gurb é is fóirsteanaí don phost sa Pháirc, gurb é is binnbhéalaí, gurb é is deaslabhartha, gurb é is blagadaí agus is snasta plait agus is áille go mór.
oiriúnach suitable
" Ar na hargóintí a bhí ag Coiste Choileáin, agus iad ag cur i gcoinne an chéad iarratas, bhí argóintí faoin gcóras séarachais agus uisce, agus ceisteanna faoi cé chomh hoiriúnach is a bheadh a leithéid d'fhorbairt i sráidbhaile tuaithe.
oideas oiriúnach suitable recipe
" Mar shampla, nuair a cuireadh plúr agus uisce in aice le chéile ar chuntar na cistine, bhí an léitheoir agus na bogearraí a bhí ceangailte leis in ann a aithint go raibh arán á dhéanamh agus oideas oiriúnach a léamh amach os ard.
oiriúnach suitable
" De réir urlabhraí de chuid an IRFU a labhair le Beo!, baineann "Amhrán na bhFiann" leis na 26 contae amháin agus, ós rud é go bhfuil imreoirí as Tuaisceart Éireann ar fhoireann rugbaí na hÉireann, níl sé oiriúnach.
fóirsteanach suitable
" Ansin chuaigh mé go dtí siopaí athláimhe ag lorg éadaí a bheadh fóirsteanach d'oifigí mar nach féidir T-léinte a chaitheamh iontu.
Fionraí cuí suitable suspension
" Fionraí cuí i gcás imreoirí a dhíbrítear den pháirc - bíonn sé rófhada nó róghearr, ag brath ar cé acu an le do chlub/chontae féin a imríonn siad nó nach ea.
níos oiriúnaí more suitable
" AÓF: Ar mhaith leat filleadh ar ais go Dún Chaoin le bheith i do chónaí ansin am éigin, nó an maith leat Baile Átha Cliath? MNA: Fé láthair tá sé níos oiriúnaí dom a bheith i mBaile Átha Cliath agus mé ag taisteal le Danú.
ab oiriúnaí most suitable
" Thuig Gascar go neamhstainceach, umhal gurb é ab oiriúnaí don phost, agus ghlac sé go neamhdheifreach, sciobtha, drogallach, mear leis an gcinneadh a dhein na sinsir chríonna.
cuí suitable, appropriate
" Roghnaíonn siad na háiteanna cuí, agus déanann na crochadóirí an-jab i gcónaí.
fóirsteanach suitable
" Agus tá ainm an chláir sin fóirsteanach go maith, mar an chéad uair a chas Caitlín agus Alan ar a chéile, san Eilvéis in 2001, caithfidh sé gur cheol an triúr againn achan amhrán atá sa leabhar sin Abair Amhrán ó chlúdach go clúdach agus ar ais arís.
in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin suitable for that particular disguise
" Tá Balor ag smaoineamh ar dhul in éineacht leo, ach bhur mbarúil an dtiocfadh leis cuma easpaig a chur air féin? Táthar ann a deir go bhfuil a bholg agus a thóin in oiriúint don bhréagriocht áirithe sin agus go mbeadh sé i measc daoine a bhfuil na spéiseanna céanna ite agus óil acu agus atá aige féin.
níos oiriúnaí more suitable
" Nuair atá ceamara digiteach á roghnú, is fiú i gcónaí a chinntiú cé chomh mór is atá an cárta a thagann leis mar, má tá sé ró-bheag, beidh costas breise ag baint le cárta níos oiriúnaí a cheannach.
oiriúnach suitable
" Cibé cén chúis atá leis, measann go leor leor tiománaithe sa tír sin go bhfuil sé oiriúnach agus fiú riachtanach a gcuid luachanna polaitiúla, reiligiúnda agus fealsúnacha a thaispeáint ar a gcarr, sa dóigh is go bhfeicfidh an domhan mór iad.
deis oiriúnach suitable opportunity
" Is iar-mheánmhúinteoir Béarla mé agus, dála cuid mhór de mo chomhghleacaithe, bainim sult as sleachta le húdair áirithe a chur de ghlan mheabhair agus, uaireanta, a úsáid nuair a bhíonn deis oiriúnach ann.
ró-oiriúnach too suitable
" Caithfidh mé a admháil, áfach, nach bhfuil mé cinnte an bhfuil Glaschú agus Dún Éideann ró-oiriúnach.
an-oiriúnach very suitable
" Tugtar *sea swallows* orthu sa Bhéarla, agus cinnte gur ainm an-oiriúnach é.
de cheal postanna feiliúnacha due to a lack of suitable jobs
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
oiriúnach suitable
" Bhí a fhios agam nach rabhas sásta leis na téacsleabhair a bhí ar fáil; ní raibh siad oiriúnach do Mheiriceanaigh nach raibh focal Gaeilge acu nó eolas acu ar an ngramadach.
infheisteoirí cuí suitable investors
" Deir Tuarascáil Goldman Sachs, áfach, go mbeidh sé iontach deacair teacht ar infheisteoirí cuí agus níl aon dabht ach go gcuirfí leis an deacracht dá mbeadh an rialtas ag iarraidh lámh a choinneáil san aerlíne.
fóirsteanach suitable
" Bhí an scoil suas staighre cloiche measartha fada – níl Lucca fóirsteanach do dhaoine a bhfuil fadhbanna aistritheachta acu mar go bhfuil líon mór seanfhoirgneamh ard gan ardaitheoir ann.
D’fhóirfeadh sé it would be suitable
" D’fhóirfeadh sé fosta mar ráiteas misin do Ghardaí an chontae sin, mar is léir ó na tuairiscí atá ag teacht ó Bhinse Fiosraithe Morris faoi láthair.
feiliúnach suitable
" Sin mar gheall nach bhfuil mórán stuif feiliúnach, tarraingteach ar fáil i nGaeilge dó.
fóirsteanach suitable
" Dráma dhá gníomh atá ann ach scríobh duine dár múinteoirí, Cecilia McDaid, gníomh breise, ceann a bhí fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí úra, mar sin, bhí daoine éagsúla, idir pháistí agus dhaoine fásta, ón bhun-, mheán- agus ardrang ábalta páirt a ghlacadh sa dráma.
D’fhóirfeadh sé it would be suitable
" D’fhóirfeadh sé fosta mar ráiteas misin do Ghardaí an chontae sin, mar is léir ó na tuairiscí atá ag teacht ó Bhinse Fiosraithe Morris faoi láthair.
má bhíonn aon duine acu seo ag fóirstean if any of these are suitable
" “B’fhéidir go mbeadh cúpla pingin bhreise againn an mhí seo chugainn, má bhíonn aon duine acu seo ag fóirstean.
lipéadú oiriúnach suitable labelling
" Tá olc orthu leis na polaiteoirí freisin mar go ndeir siad nach bhfuil lipéadú oiriúnach i bhfeidhm agus gur féidir táirge na hAstráile a thabhairt ar bhia fiú má tháinig a leath as tír éicint eile.
oiriúnach suitable
" Athinsint álainn den scéal cáiliúil é, agus tá sé oiriúnach do pháistí idir sé agus deich mbliana d’aois.
oiriúnach suitable
" Rinneadh plé ar shaothar gach ealaíontóra agus roghnaíodh cúig phíosa scríbheoireachta do gach duine acu, a bheadh oiriúnach don stíl nó modh oibre a bhí ag an duine sin.
mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann because there weren't many suitable streams
" Mhínigh Billy an méid seo dúinn: “Ba mhuilte gaoithe iad, agus tógadh a lán acu anseo mar nach raibh mórán sruthán fóirsteanach ann le muilte a chur ag obair.
níos fóirsteanaí more suitable
" Na postanna is oiriúnaí ======= Gan amhras, tá postanna áirithe níos fóirsteanaí don teileachomaitéireacht ná mar atá cinn eile.
is oiriúnaí most suitable
" Na postanna is oiriúnaí ======= Gan amhras, tá postanna áirithe níos fóirsteanaí don teileachomaitéireacht ná mar atá cinn eile.
oiriúnach suitable
" Tá roinnt rudaí ar gá a bheith cúramach fúthu, áfach, le cinntiú go n-éireoidh leat do chuid oibre a dhéanamh go héifeachtach sa bhaile: caithfidh an spás bheith oiriúnach – níor cheart do dhuine bheith ag obair i seomra leapa nó sa chistin, mar shampla; ní mór duit deasc agus cathaoir cheart a bheith agat (níl sé inmholta an ríomhaire bheith ar do ghlúine agat an lá ar fad, mar shampla).
is oiriúnaí most suitable
" “Mura bhfuil deis agat bheith ag plé le cúrsaí craoltóireachta nó mura bhfuil do chos isteach an doras agat áit éigin, mura bhfuil cur amach agat air, ní bhíonn a fhios agat an sin an saol is oiriúnaí duitse.
an tslí is oiriúnaí the most suitable way
" Ceist amháin atá faoi chaibidil againn ná cad é an tslí is oiriúnaí chun muid féin a eagrú as seo amach.
fóirsteanach suitable
" Do scríobh mé é mar choimisiún ó Bhord na Leabhar Gaeilge agus do thug siad na coimisiúin sin do scríbhneoirí chun leabhair a bheadh fóirsteanach do pháistí nó do dhéagóirí a scríobh.
trealamh fóirsteanach suitable equipment
" Is cinnte gur mór is fiú an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Mhícheál Mac Giolla Easpuic, a bhailigh an t-ábhar seo as a stuaim féin sna blianta nuair nach raibh trealamh fóirsteanach ar fáil nó, in amanna fiú, an oiread sin measa ar an obair a bhí ar bun.
trealamh fóirsteanach suitable equipment
" Is cinnte gur mór is fiú an saothar seo agus tá moladh mór ag dul do Mhícheál Mac Giolla Easpuic, a bhailigh an t-ábhar seo as a stuaim féin sna blianta nuair nach raibh trealamh fóirsteanach ar fáil nó, in amanna fiú, an oiread sin measa ar an obair a bhí ar bun.
le hiad a chur i bhfóirstean di to make them suitable for it
" Ní raibh ach cineál amháin leapa aige agus ba ghnách leis cosa a chuid custaiméirí a shíneadh nó a ghearradh le hiad a chur i bhfóirstean di.
chomh hoiriúnach as suitable
" Mar shampla, tagann mórán glasraí agus bláthanna ar eitleáin ón Afraic go dtí an Eoraip, ach ní iompraítear mórán lasta sa treo eile – bíonn ar na heitleáin filleadh ar ais agus iad folamh, nó lasta eile (nach bhfuil chomh hoiriúnach) a thógáil go saor chun costais an turais a laghdú.
oiriúnach suitable
" Ciallaíonn *Florentia*, mar a glaodh air ar dtús, “an té a thagann faoi bhláth”, agus nuair a smaoiníonn tú ar an oidhreacht thorthúil shaibhir ealaíne atá ag an chathair, toradh na gcéadta bliain de shaothar ardealaíontóirí, is oiriúnach i gceart an t-ainm é.
fóirsteanach suitable
" Dúirt an gobharnóir leis, go neamhbhalbh, nach raibh mé “i mo dhuine fóirsteanach” le cuairt a thabhairt ar an áit, de réir na Roinne.
níos fóirsteanaí more suitable
" Tagann cúpla ainm eile chun mo chuimhne a bheadh níos fóirsteanaí duit, b’fhéidir: *Oliver Cromwell Parlon*, nó is é an mana céanna atá agatsa agus a bhí aigesean: go hIfreann nó go Connacht.
oiriúnach do mhic léinn eachtrannacha suitable for foreign students
" ENíG: An mbíonn sé doiligh teacht ar ábhar a bhíonn oiriúnach do mhic léinn eachtrannacha? Cad iad na hacmhainní a úsáideann tú sna ranganna? SNíR: Ní bhíonn sé deacair teacht ar ábhar do na tosaitheoirí – mic léinn sa chéad agus sa dara téarma.
áitreabh caoi suitable premises
" AÓF: Cá mbeidh an chartlann seo lonnaithe? An mbeidh sí oscailte don phobal i gcoitinne agus do thurasóirí agus araile nó an mbeidh sí dírithe ar scoláirí amháin? DdeB: Tá áitreabh caoi aimsithe againn ach tá an páipéarachas fós le críochnú ina thaobh agus beidh roinnt athchóirithe le déanamh air amach anseo.
oiriúnach suitable
" Measann Boeing nach bhfuil ach cúpla dosaen bealach ar domhan a bhfuil go leor paisinéirí orthu chun A380 a líonadh – ó Londain go Nua-Eabhrac, go Tóiceo nó go Singapore, mar shampla – agus go bhfuil eitleáin níos lú oiriúnach do roinnt mhaith de na bealaí eile.
feiliúnach suitable
" Mar go raibh siad beag agus éadrom, bhí siad breá feiliúnach le haghaidh na hoibre.
feiliúnach suitable
" Roghnaigh muid ansin céard a bhí feiliúnach don ghrúpa agus chóirigh muid na píosaí agus na hamhráin.
oiriúnach suitable
" Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
foireann chuí suitable staff
" Chaithfí foireann chuí a aimsiú leis an obair a dhéanamh agus an t-éiteas a chur i bhfeidhm go héifeachtach.
fóirsteanach suitable
" Níl sé rómhór; tá sé breá fóirsteanach do lucht éisteachta de, b’fhéidir, céad nó céad go leith.
ar chaighdeán cuí of a suitable standard
" Léirigh suirbhé i measc 500 dochtúir i mBaile Átha Cliath an fómhar seo go bhfaca 37% acu cúram nach raibh ar chaighdeán cuí i dtithe altranais ar thug siad cuairt orthu.
feiliúnach suitable
" Ach níor cuireadh riamh i leith mhuintir na nApaláiseacha nach raibh a n-éirim aigne feiliúnach chun an scála Eorpach a fhoghlaim.
fóirsteanach suitable
" Tá an dara bua ag an ghontacht fosta; cuireann sí le luas an scéil agus na n-imeachtaí, rud atá fóirsteanach nó baineann an scéal le carranna gasta agus iad ag rásaíocht thart ar chathracha an domhain.
oiriúnach go maith quite suitable
" Bhí an córas oiliúna atá ann oiriúnach go maith am amháin ach anois tá athruithe tagtha ar an tsochaí.
an-fhóirsteanach don saothar very suitable for the work
" D’aontaigh Gormley é féin leis an tuairim go raibh an suíomh an-fhóirsteanach don saothar – rud a chuir breis teasa sa chonspóid.
níos fóirsteanaí more suitable
" Shíl Henderson go raibh an t-ainm sin níos fóirsteanaí d’amhránaí traidisiúnta Albanach.
níos fóirsteanaí more suitable
" Bhí Mícheál agus Dáithí in ainm is an t-amhrán a chanadh ach d’athraigh siad an cóiriú agus mheas siad go mbeadh sé níos fóirsteanaí do Mhaighread.
oiriúnach suitable
" “Thug m’athair cabhair agus tacaíocht dom i gcónaí ach ní hea gur lig sé dom a bheith go hiomlán “over the moon” nó “under the moon” ach leathbhealach idir eatarthu – mar sin ‘OverNeath’!” Cheap siad go raibh “OverNeath” oiriúnach mar theideal don albam nua freisin mar go mbeadh sé éasca é a aimsiú ar na hinnill chuardaigh ar an idirlíon toisc nach bhfuil sé chomh coitianta leis an bhfocal “slide”.
luchtaire cadhnra oiriúnach a aimsiú. to find a suitable battery charger.
" Bhí áthas orm a thabhairt faoi deara go bhféadfaí é a cheangal le mo ríomhaire le sreang USB chun cumhacht bhreise a thabhairt dó – ní raibh orm soicéad nó luchtaire cadhnra oiriúnach a aimsiú.
feiliúnach suitable
" Tá aeráid agus talamh na Nua-Shéalainne feiliúnach don chineál seo saothair.
feiliúnach suitable
" Seinntear chuile phíosa go mall, ar luas atá feiliúnach don bhfoghlaimeoir agus ansin seinntear arís iad ar ghnáthluas seisiúin.
an-chuí very suitable
" S*cenario *an-chuí is ea é sin sa mhéid is go mbíonn bunús inchreidte ag na pearsana leis an nGaeilge a labhairt i suíomh cathrach.
feiliúnach suitable
" Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do *Pop Idol*, *X-Factor*, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad.
pleanáil agus bainistíocht chuí suitable planning and management
" Anois, is gá pleanáil agus bainistíocht chuí a chur i gcrích sna ceantair shainiúla seo lena chinntiú go ndaingneofar na pobail Ghaeltachta atá láidir ó thaobh na teanga de faoi láthair.
curtha in oiriúint made suitable
" Bíonn scátháin fheithicil roth stiúrtha ar chlé curtha in oiriúint do na bóithre thall san Eoraip, agus mar sin de, bíonn sé deacair do na tiománaithe carranna ar a dtaobh deas a fheiceáil agus iad ag tarraingt amach le dul thar fheithiclí eile.
a chur in oiriúint don cheol. to make suitable, appropriate, for the music
" Bhain mé an-chuid taitnimh as a bheith ag breathnú ar an gcur chuige a bhí acu, an modh oibre a bhí acu agus iad i mbun a gceoil, an chaoi ar bhain siad úsáid as a méara agus an chaoi a raibh siad in ann a nguthanna a théamh agus a chur in oiriúint don cheol.
fóirsteanach suitable
" Ba é an rud a tharla ná go bhfuil mo chuid colpaí mar a bheadh dhá thortóg ann – de thoradh na mblianta sin uilig a chaith mé ag damhsa – agus ní raibh na buataisí a fuair mé fóirsteanach dom.
níos sócúlaí agus níos oiriúnaí more comfortable and more suitable
" Dá bhfeicfeá an t-athrú a tháinig orm mar gheall ar na buataisí úra – bhí sé dochreidte! Bhí siad cosúil le slipéir bhailé! *Top tip: *agus tú amuigh ag sciáil, má bhíonn fonn ort do chosa a chogaint díot ag na glúine le deireadh a chur leis an phian, seans go bhfuil buataisí eile amuigh ansin a bheadh níos sócúlaí agus níos oiriúnaí duit.
feiliúnach suitable
" Ar mhaidin an chéad lá, cuirtear gach duine sa rang áirithe atá feiliúnach dó.
duine cuí, suitable person
" Ach ó bhí 1975 ann, tuigeann daoine gur ról tábhachtach é agus tuigeann siad chomh maith gur gá duine cuí, oiriúnach a cheapadh leis an bpost is sinsearaí sa tír a chur i gcrích.
taithí chuí suitable experience
" taithí chuíLe cúig bliana anuas, tá sí ag feidhmiú mar ghobharnóir in Queensland, agus de réir dealraimh measann rialtas agus muintir an stáit sin araon go bhfuil sárobair déanta aici sa ról.
an-oiriúnach very suitable
" Cad é mar a tharla sé sin? “Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’! Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
níos oiriúnaí more suitable
" Mar gheall air sin, cheap muintir na cathrach sin go mbeadh sé níos oiriúnaí agus níos saoire dá mbeadh Melbourne mar phríomhchathair na tíre.
an-oiriúnach very suitable
" Is dóigh liom go bhfuil ainm na cathrach an-oiriúnach mar go mbíonn na cruinnithe is tábhachtaí sa tír ar siúl inti.
níb fhóirsteanaí mar théarma, more suitable as a term,
" Bheadh *Caint na Dála *níb fhóirsteanaí mar théarma, b’fhéidir.
níl sé oiriúnach a thuilleadh it's not suitable any more
" Ach ní féidir linne ár gcuid spriocanna a bhaint amach a fhad is a bheidh muid lonnaithe ansin – níl sé oiriúnach a thuilleadh do na rudaí is mian linn a dhéanamh sa todhchaí.
níos oiriúnaí more suitable
" Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
feiliúnach suitable
" Is cuma liomsa cén bealach a théim ó áit go háit, a fhad is go bhfuil an modh taistil sábháilte, go bhfuil an t-airgead agam le híoc as agus go bhfuil sé ag dul an bealach atá feiliúnach domhsa.
oiriúnach suitable
" Bhraitheas ar mo shuaimhneas á chanadh, bhraitheas ábalta ag an amhrán agus bhraitheas go raibh an sé oiriúnach domsa.