Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
Ní raibh aon chúis go mbeadh: le Fianna Fáil i gcumhacht ag an am, is beag éileamh a bhí ar sheirbhísí Seanadóra ón bhfreasúra, rud a thug deis bhreá domsa suí síos leis ag caint faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla ar feadh píosa.
B’fhéidir go bhfeicfeá le linn sosa ag céilí, nuair a shuíodh daoine síos ó na damhsaí foirne, go seasadh duine amach le cúpla coismeig a bhualadh leis an gceol.