Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tobthitim sudden collapse
" Is é rabairne mórán de na chéad chomhlachtaí idirlín a bhí ina bunsiocair leis an tobthitim a tháinig san earnáil ponc com.
bailc thobann fearthainne a sudden downpour
" Bhí daoine ag snámh agus ag marcaíocht toinne freisin, go dtí gur tháinig bailc thobann fearthainne.
athrú tobann a sudden change
" D'iarr sé ar Peter Schwartz, comhairleoir de chuid an CIA agus iarcheannasaí pleanála leis an ollchomhlacht ola Royal Dutch Shell, agus ar Doug Randall ón Global Business Network, staidéar a dhéanamh ar fhianaise áirithe atá ag teacht chun cinn le blianta beaga anuas go bhféadfadh athrú tobann tarlú - agus go deimhin gur tharla eachtraí den chineál sin i bhfad siar sa stair.
ionsaí tobann sudden attack
" Ach cuireadh na húdaráis ar an eolas agus, tar éis máirseáil oíche as Sydney, rinne fórsaí míleata ionsaí tobann orthu ar an 5 Márta, 1804.
creathanna tobanna talún sudden earthquakes
" Ní hiad spéirlingí fíochmhara Mheiriceá ná creathanna tobanna talún sa Phacastáin ná an cogadh fuilteach, barbartha san Iaráic atá i gceist agam ach an oiread, ach domhan an spóirt anseo in Éirinn.
ráig sudden outbreak
" An bhliain chéanna, cuireadh cluiche craoibhe na hÉireann san iomáint agus sa pheil ar ceal de bharr ráig den ghalar póilio agus maraíodh na mílte duine nuair a chuir arm na Sóivéide réabhlóid na hUngáire faoi chois.
Bás Cairdiach Obann Sudden Cardiac Death
" Glacadh le moltaí ón tascfhórsa i dtaobh Bás Cairdiach Obann.
mothúchán tobann ciontachta a sudden guilty feeling
" Níl a fhios agam arbh é nádúr mothálach ba chúis leis an ngol nó mothúchán tobann ciontachta a bhuail í nuair a chonaic sí an trealamh a chuir a comhthírigh chun feidhme d'fhonn na milliúin a dhúnmharú.
deireadh tobann a sudden end
" Ní bheidh deireadh tobann leis na taiscí, meastar, ach ina áit sin, tiocfaidh meathlú de réir a chéile, agus as sin amach beidh tíortha ar fud an domhain in iomaíocht lena chéile, iad ar tóir acmhainne a bheidh ag éirí níos gainne in aghaidh na bliana.
bás tobann sudden death
" Ba é a bhfaitíos iadsan ó 2005 i leith go bhfaigheadh breitheamh bás tobann agus go gcuirfí coimeádach ina áit a chinnteodh tromlach coimeádach dobhriste ar an gcúirt.
sciobtha sudden
" B’ainnis an tír í Éire san am, agus anuas ar mheath na muintire ar fad, tharla meath sciobtha na Gaeilge ar fud na tíre mar theanga pobail.
tobthitim sudden plummet
" Tá cúlú ann agus lag trá agus tobthitim agus spealadh agus cuid mhór focal eile as Focal.
tobann sudden
" Tháinig laghdú mór tobann ar OTI (GDP) na tíre sin agus cuireadh brú mór ar an stát leasa shóisialaigh agus ar an chóras pholaitíochta i gcoitinne.
ghaisce tobann sudden feat
" Cad é mar a mhothaigh tú nuair a chuala tú an scéal? PÓC: Mar a dúirt mé nuair a fuaireas an t-ardú céime, ba ghaisce tobann a bhí ann tar éis 25 bliain sa pholaitíocht! Bhí lúcháir orm.
stad tobann a sudden halt
" Borradh agus Athrú Saoil ========== Maíonn Blair go raibh bá faoi leith aige le hÉirinn de bharr a chúlra Conallach agus na laethanta saoire glórmhara a chaith sé i Ros Neamhlach sular chuir na trioblóidí stad tobann leo.
tacaíocht thobann sudden support
" Ach cá as ar tháinig tacaíocht thobann an Pháirtí Ghlais? An bhfuil muintir na Brasaíle iompaithe ina n-óglaigh timpeallachta thar oíche? Níl, cé nach féidir a shéanadh gur mheall feachtas criticiúil, stuama an Pháirtí Ghlais neart daoine, vótóirí a bhí míshásta le hiarrthóir Pháirtí na nOibrithe, Dilma Rousseff, cuid mhór de na daoine a chaith vóta do Marina Silva.
de phlimp all of a sudden
" Is é an fáth gur tharla an saol mar atá: easpa tuisceana a bheith againn féin ar an saol, go lárnaítear maoin agus airgead de réir a chéile go hiondúil, i lámha mhionlach an fhíorshaibhris, ach in amanna, is féidir leis tarlú de phlimp.
de luas lasrach all of a sudden
" As seo a chuaigh stiúradh geilleagair na tíre ar leathmhaig de luas lasrach.
deireadh borb a sudden halt
" Tá taithí, fhada Phairliminte ag Hogan cé gur tháinig deireadh borb lena sheal mar Aire Sóisir dornán blianta ó shin.
gan choinne sudden
" Tháinig sé aniar aduaidh orainn, ámh, nuair a bhí McKeon bainteach le feachtas gan choinne ar an lá náisiúnta chun an bhratach náisiúnta a athrú, ceist a thagann chun cinn go rialta abhus.
tobthitim sudden collapse
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
críoch thobann a sudden end
" An Chroch Chéasta ========== Ba mhinic do Foucault críoch thobann a chur lena chur síos stairiúil, agus léargas neamhghnách lonrach a thriail.
tobthitim sudden collapse
" Bhí Achilles sócúlach go leor sular tharla an tobthitim agus sular thosaigh an domhan is a mháthair ag cur brú ar an Ghréig.
Comhshamhlú Tapa sudden assimilation
" Go deimhin, tá beocht sa chumann seo nach bhfuil le feiceáil sa chuid is mó de chumainn Chonradh na Gaeilge in Éirinn fiú! Comhshamhlú Tapa ========= Is maith ann iad go deimhin, mar ní féidir séanadh go bhfuil dúshláin nach beag roimh an teanga faoi láthair.
bás borb sudden death
" Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
deireadh obann sudden end
" Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin.
an t-athrú tobann the sudden change
" B’ionadh liom an t-athrú tobann a tháinig ar chuile dhuine i mo thimpeall, de phreib – dreacha marbha orthu, smut in áit sonais, míchéadfa in áit suaimhnis, iad uile bréan bailithe dubh dóite den doineann.
Bagraíodh bás anabaí ar were threatened with a sudden death
" Bás le hAdhairt nó Bás le hOllphéist ============== Bagraíodh bás anabaí ar thrí pholaiteoir déag taobh istigh de thrí lá dhéag.
mheil siad go mall they didn’t happen all of a sudden
" Bhí an nuáil ar siúl cinnte, ach má mheil muilte na teicneolaíochta an t-am sin, mheil siad go mall.
iarracht tobann neamheagraithe a sudden unorganised attempt
" Nuair a rinne cúige amháin den Chongó, cúige saibhir Katanga, iarracht imeacht ó Phoblacht an Chongó, chuir na Náisiúin Aontaithe ina gcoinne go hoifigiúil ós rud é gurbh iarracht tobann neamheagraithe an feachtas sin an cúige a dhealú.
d’aon léim amháin all of a sudden
" Thit an croí as móramh ár sinsir d’aon léim amháin in aon ghlúin amháin.
deireadh tobann a sudden halt
" Tháinig deireadh tobann leis na teagmhálacha.
Rud tobann ab ea í an ghalántacht beauty was something sudden
" Rud tobann ab ea í an ghalántacht ina phrós agus ní foláir nó gur fhoghlaim Wallace an tseift seo uaidh.
Tobsmaointeoireacht Chultúrtha sudden cultural thoughts
" com/watch?v=IgyaCD-GQ80> Tobsmaointeoireacht Chultúrtha ============ Cuirim suim sa mhéid atá le rá aige faoi na ‘smaointí traidisiúnta Gaeltachta’ seo agus tagann an soiscéal de réir Bhreandáin amach: “Teastaíonn feachtas margaíochta mór millteach sa nGaeltacht féin chun ár gcuid féiniúlacht a chosaint agus a chur chun cinn.
a bhás tobann his sudden death
" B'é a dheartháir Bassel oidhre beannaithe an athar go dtí a bhás tobann i dtimpiste cairr i 1994.
thús tobann a sudden start
" Aird an Phobail Trí Chumhacht na bhFocal Amháin ===================== Le caoga bliain anuas fiú, cheaptaí go mba dheacair an rud é sraith rathúil teilifíse a chruthú gan béim ar leith a leagadh ar an scéal féin, lena thús tobann, cuid lárnach beomhar agus críoch ghlan shásúil.
chur an tinneas obann put a sudden bout of sickness
" Chreid cara amháin liom gurb é éad a col ceathar a chur an tinneas obann a tháinig ar a hiníon tráth.
tobann sudden
" Fuair Derek Bell ón ghrúpa traidisiúnta The Chieftains bás tobann i Phoenix, Arizona ar an 15 Deireadh Fómhair.
himeacht tobann sudden departure
" Tugann Colm Mac Séalaigh a chuid tuairimí maidir le himeacht tobann Roy Keane of Manchester United an mhí seo caite.
gan chliseadh without a sudden collapse
" Is léir nach féidir le colainn lúthchleasaí na linne seo réiteach agus imirt seachtain i ndiaidh seachtaine ar dhromchlaí crua nua-aimseartha faoi shíon is faoi fhearthain gan chliseadh.
athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar a sudden change which came like a tsunami on
" Tá míniú achan ghné de scéal an iompú rialtais san Astráil ag Bearnaí Ó Doibhlin, athrú tobann a tharla ina mhaidhm sa mhullach ar Pháirtí an Lucht Oibre.
bás luath a sheachaint to avoid sudden death
" Moltar dúinn teacht roimh dheacracht anois láithreach más mian linn bás luath a sheachaint amach anseo.