Is fear millteanach brionglóideach
mé, agus imíonn m’intinn ar strae mar a bheadh leipreachán beag ann, agus roimh i bhfad, bhí mé ar shiúl leis na féileacáin in ionad a bheith sa léachtlann – an áit ba chóir domh a bheith, ag diúl isteach gach focail a bhí le rá ag na daoine léannta agus tábhachtacha seo.
Is éachtach an bealach atá agat le hairgead a shú isteach ó chosmhuintir na Gearmáine, agus tá mé ag iarraidh a fháil amach caidé an dóigh a ndéanann tú é?”
“Bhuel, a Edna Álainn,” a dúirt an Seansailéir go seascair, “tá a fhios ag an saol mór nach agamsa atá an cleas sin, ach agat féin.