Tá mórán stró curtha ag daoine orthu féin ag ullmhú agus ag cur le chéile an dá cháipéis seo ach an bhfuil sé chomh deacair sin tosaíocht éigin a aimsiú le todhchaí na Gaeltachta a chinntiú?
Inár dtuairimne, tá cinneadh amháin bunúsach le déanamh ag an Rialtas agus ag na húdaráis chuí! Níl an dara rogha ag an Stát, má tá sé dáiríre faoi shlánú na Gaeilge, ach
infheistíocht shubstaintiúil a dhéanamh sa chóras réamhscolaíochta agus i naíonraí na Gaeltachta.