Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fochomhlachtaí subsidiary companies
" Nach ait an mac an saol! An fhadhb ná go bhfuil go leor de na comhlachtaí Meiriceánacha agus comhlachtaí eachtranacha go ginearálta ag úsáid na tíre seo mar láthair táirgíochta saor, seachas a bheith ag cur síos fréamhacha doimhne tré chonarthaí do thaighde agus d'fhorbairt a thabhairt do na fochomhlachtaí anseo.
fochuideachta subsidiary
" I ndiaidh do Allfirst Financial (fochuideachta de chuid Allied Irish Banks) breis is $750 milliún, is é sin €860 milliún, a chailleadh sa mhargadh airgeadra bhí altanna ina thaobh ar chéad leathanach an nuachtáin áitiúil anseo i mBaltimore, Maryland ar feadh roinnt laethanta agus cuireadh scéal Enron siar go dtí an dara leathanach.
fhochuideachta subsidiary
" I 1979, bhunaigh sé cartlann ollmhór scannán agus thug deis do stáisiúin teilifíse teidil a fháil ar cíos ar an choinníoll go gcraolfadh siad fógraí a cheannódh siad trí fhochuideachta dá chuid, Publitalia.
fochomhlacht subsidiary
" Mar shampla, d’fhógair aerlíne rathúil Mhalaeisiach, a chuireann ar fáil eitiltí ar chostas íseal, le déanaí go bhfuil siad chun fochomhlacht cianaistir a chur ar bun.
fochomhlacht a subsidiary
" Fós féin, is mó is cosúil go ndúnfaidh na comhlachtaí Chrysler agus Pontiac (fochomhlacht de chuid General Motors) a ndoirse.
fochomhlacht subsidiary
" 
Mhaigh RTÉ go raibh na líomhaintí seo “damaging to RTÉ's fiscal reputation” ach dúirt Príomhfheidhmeannach an ÚCÉ, Michael O Keeffe, go raibh an teip comhshocrú a dhéanamh idir na comhlachtaí agus RTÉNL - RTÉ Transmission Network Limited, fochomhlacht de cuid RTÉ a chraobhscaoileann cláracha RTÉ idir Radio agus theilifís, TV3, TG4, agus Today FM - ag croílár an achrainn.