stíl láithreoireachta
presenting style
"Nílim céad faoin gcéad sásta le mo
stíl láithreoireachta.
stíl theibí
abstract style
Oibríonn sí le dathanna láidre ola i
stíl theibí.
stíl na bhfonnadóirí
the singers' style
Is minic a bhíonn daoine ag clamhsán faoi chomórtais den chineál seo, ag rá i gcás na hamhránaíochta go mbíonn tionchar diúltach acu ar
stíl na bhfonnadóirí.
stíl amhránaíochta
singing style
Bíonn a gcuid amhrán ar fad i nGaeilge agus bíonn tionchar láidir na hAfraice Theas le brath go minic ar an
stíl amhránaíochta atá acu.
stíl ar dóigh
a great style
Ar seisean, "Thosaigh mé ag scríobh i mBéarla mar bhí daoine i gcónaí ag clamhairt orm, ag rá, 'Cén fáth nach scríobhann tú rud éigin ab fhéidir le gach aon duine a thuiscint?'"
Tá
stíl ar dóigh aige sa Bhéarla chomh maith le sa Ghaeilge.
stíl fhuinniúil
an energetic style
Sa mBaváir bhí an-dúil i gceol ar a dtugtar *Alpenrock*,
stíl fhuinniúil a bhfuil rac-cheol, snagcheol, *funk, reggae *agus ceol traidisiúnta na Baváire agus na hOstaire fite fuaite inti.
stíl faoi leith
a separate style
Céard a cheapann tú féin? An gceapann tú go mbaineann an ceol traidisiúnta le háiteachaí ar nós Chontae an Chláir mar shampla? Áiteachaí faoin tuath?
SJW: Ceapaim go bhfuil caighdeán an cheoil thraidisiúnta chomh hard i mBaile Átha Cliath leis an an gcuid eile den tír ach ní dóigh liom go bhfuil
stíl faoi leith ag ceoltóirí sa chathair.
stíl fhidléireachta
fiddling style
Bhéarann sé misneach agus ardú croí dó, a deir sé, ceoltóirí óga a fheiceáil agus iad ag iarraidh
stíl fhidléireachta Thír Chonaill a choinneáil ag dul agus na seanphoirt a fhoghlaim, agus buaileann seanchairde nach bhfeiceann sé ó thús go deireadh na bliana isteach chuige sa bhaile.
á chur féin in oiriúint
adapting his style
AÓC: Tá, mar ciallaíonn sé seo gur féidir leat éisteacht le leithéidí Willie Clancy agus é ag seinm leis féin, gan air a bheith
á chur féin in oiriúint do cheoltóir ar bith eile.
stíl a mbíodh an-tóir uirthi
a style which used to be very popular
"
Tá an siopa lán de rudaí áille sa stíl *Art Deco*,
stíl a mbíodh an-tóir uirthi i bPrág.
stíl shoineanta
naive style
Ba ghnách le Picasso, Klee agus Miró saothar páistí a bhailiú - is cosúil go ndeachaigh an
stíl shoineanta gan srian i bhfeidhm orthu.
stíl bhainistíochta éifeachtach
an effective style of management
"Ba thaithí thábhachtach dom é sin," a deir sí, "toisc go raibh
stíl bhainistíochta éifeachtach ag an gcomhlacht sin.
stíl mhíleata
military style
Tógadh na ballaí seo idir 1544 agus 1650, agus tá deich n-urdhún ollmhóra ag gobadh amach astu, i
stíl mhíleata na tréimhse sin.
sa stíl nuachlasaiceach
in the neo-classical style
Rinne sí an teach a atógáil
sa stíl nuachlasaiceach agus rinne sí na gairdíní a athdhearadh freisin.
gur chloígh tú féin leis an tseanstíl
that you yourself stuck to the old style
AÓF: An ndéarfá féin
gur chloígh tú féin leis an tseanstíl a bhí le cloisteáil agat sular imigh tú?
MÓS: Tá súil agam, mar ní bheadh uaim athrú a dhéanamh air.
a stíl féin eitilte
their own style of flying
Bhí a lán éan mara ag eitilt go gnóthach anseo is ansiúd, agus
a stíl féin eitilte ag gach cineál acu: puifíní, forachain, geabhróga agus neart eile.
stíl mhall shollúnta
a slow solemn style
Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó –
stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
a stíl féin eitilte
their own style of flying
Bhí a lán éan mara ag eitilt go gnóthach anseo is ansiúd, agus
a stíl féin eitilte ag gach cineál acu: puifíní, forachain, geabhróga agus neart eile.
stíl mhall shollúnta
a slow solemn style
Bhí éascaíocht ag a mhéaracha ar an bpianó –
stíl mhall shollúnta, beagán ar nós stíl an Riadaigh.
an stíl mhaireachtála níos réchúisí
the more laid-back style of living
Is dóigh go n-airím uaim
an stíl mhaireachtála níos réchúisí atá ag daoine sa mbaile.
stíl deartha agus ailtireachta
design and architectural style
B’in an
stíl deartha agus ailtireachta a thosaigh i ndiaidh an Chéad Chogadh Domhanda, agus atá le feiceáil thart orainn i ngach áit anois.
an éagsúlacht stíleanna
the variety of styles
Bailiúchán suntasach atá le feiceáil anseo a léiríonn
an éagsúlacht stíleanna a bhí ag Picasso i rith a shaoil agus tá samplaí ann óna thréimhse bhándearg, ghorm agus chiúbach chomh maith le saothar luath dá chuid nach mbeadh chomh haitheanta céanna.
anailís ar stíl i gcomhthéacs
analysis of a style on context
Bhí
anailís ar stíl i gcomhthéacs mar chuid amháin de agus rinneadh í sin sa chéad seimeastar agus ansin bhí an tionscnamh taifeadta le déanamh sa dara seimeastar.
a stíl seinnte
his style of playing
Dhírigh mé mo chuid taighde ar
a stíl seinnte agus ar ghnéithe dá shaol, mar a tógadh é, agus ar na tionchair cheoil, thíreolaíochta, chultúrtha agus shóisialta a imríodh air agus a raibh mar thoradh orthu gur éirigh leis barr feabhais a bhaint amach sa cheol agus go ndeachaigh sé féin ar aghaidh le bheith ina thionchar mór ar cheol dúchasach na hÉireann.
stíl na n-aíonna
the style of the guests
Theastaigh uaim foghlaim freisin agus mo chuid seinnte féin a fhorbairt trí mo stíl féin a chur in oiriúint do
stíl na n-aíonna, seachas an lámh in uachtar a bheith agam féin ar an albam agus ar an rogha píosaí a bhí le bheith air.
stíl an cheannaire ar na cliatháin
the style of the leader on the wings
Comhcheilg
Bhí Haughey sa doircheacht lasmuigh agus dúshlán *gastronomique *“chamchuairt na sicíní rubair” a fhreagairt go fearúil aige le sraith de thiománaithe – PJ “dílis” Mara ina measc – sa Jaguar a bhronn Matt Gallagher ar a phrionsa óg chun
stíl an cheannaire ar na cliatháin a mhaisiú le *mystique* an airgid.
stíleanna difriúla
different styles
Agus toisc go bhfuilimid scaipthe timpeall na tíre, bímid ag éisteacht le
stíleanna difriúla an t-am ar fad.
i stíl na hAfraice Theas.
in a South African style.
Ansin tháinig mé ar ghrúpa déagóirí agus iad ag damhsa agus ag canadh
i stíl na hAfraice Theas.
d'fhorbair siad stíl bheochana
they developed a style of animation
Chaith an bheirt fhear breis is seasca bliain ag obair le chéile agus le linn na tréimhse torthúla sin
d'fhorbair siad stíl bheochana ina raibh cuid mhór cleasaíochta agus grinn.
agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta
and it was they who created the fast reckless style
*
Thuig Hannah agus Barbera cúrsaí grinn ó thaobh gluaiseachta agus cleasaíochta de
agus ba iad a chruthaigh an stíl ghasta mheargánta atá mar bhuntreoir ag cruthaitheoirí cartún an lae inniu.
stíleanna éagsúla
various styles
“Cinnte, ó thaobh aithne a chur ar mhuintir na féile agus na daoine atá ag plé leis – deis a fháil, mar shampla, agallamh a chur ar mholtóirí Chorn Uí Riada, ceist a chur orthu cén fáth a ndearna siad an cinneadh seo nó an cinneadh siúd, cén tuiscint a bhí acu ar an sean-nós, cén chiall a bhain le
stíleanna éagsúla sean-nóis a chur i gcomórtas lena chéile – ceisteanna mar sin a phlé.
lena stíl féin a fhorbairt.
to develop his own style.
I bPáras a bhuail sé le ceannródaithe na gluaiseachta Impriseanaí agus Iar-Impriseanaí, leithéidí Claude Monet, Camille Pissarro, Paul Gauguin, Georges Seurat agus Henri de Toulouse Lautrec, agus ba iad siúd a spreag é
lena stíl féin a fhorbairt.
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach,
Kidare doesn't have a reputation for singing in the native style,
AÓF: Ach
níl cáil mhór ar Chontae Chill Dara maidir le hamhránaíocht sa stíl dhúchasach, go speisialta i nGaeilge.
go leor stíleanna
lots of styles
Caithfidh go mbíonn tú ag éisteacht le stíleanna difriúla amhránaíochta? An bhfuil aon stíl ar leith gur fearr leat?
ENíC: Taitníonn
go leor stíleanna liom.
stíleanna éagsúla ceardaíochta
different styles of craftmanship
Is féidir bogha maith a aithint ón mbunábhar atá ann agus ansin ar ndóigh bíonn
stíleanna éagsúla ceardaíochta iontu.
go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi.
that other styles have influenced her too much.
”
Bhí a guth féin aimsithe aici mar amhránaí ach tá daoine ann i saol an cheoil a deir nach amhránaí ceart traidisiúnta í Maighread,
go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi.
sa stíl Lochlannach
in the Viking style
Taobh amuigh, bhí buachaillí óga ag rith thart gléasta mar a bhíodh na Piochtaí, agus sleánna agus sciatha acu, agus bhí bean gléasta
sa stíl Lochlannach i mbun cócaireachta i bpota mór dubh os cionn tine oscailte.
a stíl phéintéireachta
his style of painting
Is minic a ceanglaíodh
a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
ina stíl shainiúil ionraic féin,
in his own distinctive honest style,
Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid
ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
stíl amh fheolmhar
a raw fleshy style
Bhí an stíl seo le bheith ina comhartha sóirt ar a shaothar sna blianta a bhí le teacht – stíl a bhí go hiomlán úr agus
stíl amh fheolmhar a thaitin go mór leis an phobal.
an stíl seo mhaireachtála
this style of living
Is breá le muintir Melbourne cultúr an chaife agus is dócha gur thug muintir na Gréige, agus daoine as tíortha eile na Meánmhara,
an stíl seo mhaireachtála leo go Melbourne.
stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh.
to taste the musical styles of the world.
Ceol traidisiúnta cathrach é ceol Kíla – ceol craosach, míshocair ar mian leis
stíleanna ceoil an domhain a bhlaiseadh.
i stíl na Rúise
in the Russian style
I lomchodarsnacht le Corn Shanski Jerzy Phatski Danski, ní bheidh an teorannú céanna ar líon na n-iomaitheoirí a bheas in ann cur isteach ar an chomórtas úr damhsa ar an sean-nós – damhsa ar an sean-nós
i stíl na Rúise is ea é.
stíleanna
styles
Sílim go bhfuil na
stíleanna agus na stórtha áitiúla ceoil iontach tábhachtach agus suimiúil.
stíl fhaoistineach
confessional style
Mheall ionracas agus
stíl fhaoistineach a cuid scríbhneoireachta lucht léitheoireachta dílis chuig saothar Plath.
stíleanna
styles
AÓF: An ndéarfá gur amhráin dhúchasacha na hÉireann amháin a chasann tú, nó an mbíonn tú ag casadh i
stíleanna eile freisin?
GB: Bím, go minic.
stíl
style
Ba
stíl í a tháinig ó na cathracha móra agus bhí sí ina foinse inspioráide do cheoltóirí agus d’fhaisean na haimsire, a bhí uirbeach agus *cool*.
stíl fuirseoireachta atá agam.
style of comedy which I have
Mar sin, d’fhéadfadh daoine a ngoillfeadh mo sheasamh maidir leis an Eaglais Chaitliceach go mór orthu a bheith ag breathnú ar mo cuid cláracha, daoine nach bhfuil taithí acu ar an dearcadh atá agam nó ar an
stíl fuirseoireachta atá agam.
stíl bhreá iriseoireachta
a nice journalistic style
Is iad na buanna is mó atá ag baint leis an saothar seo ná, sa chéad dul síos, go bhfuil na haltanna i mBéarla agus, sa dara dul síos, gur éirigh leis na húdair ar fad
stíl bhreá iriseoireachta a chothú ina gcuid scríbhneoireachta agus nár ghéill siad don chathú dul i muinín an bhéarlagair acadúil.
stíl shothuigthe
comprehensible style
Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad
stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
stíl bhreá nádúrtha
nice natural style
Bhí neart flosctha faoin scannán agus bhíothas ag moladh
stíl bhreá nádúrtha na n-aisteoirí Irglova agus Hansard.
ina shainstíl féin
in his own distinctive style
Ba
ina shainstíl féin a léirigh sé an ceathrar ceoltóirí de chuid an bhanna ceoil, agus chuaigh an clúdach albaim seo i bhfeidhm ar an phobal i gcoitinne mar íomhá a bhí *cool*.
an tsainghné is aitheanta dá stíl
the most recognisable aspect of his style
Is é
an tsainghné is aitheanta dá stíl ná go mbíonn sé ag léiriú aghaidheanna agus figiúirí a bhfuil imlínte loma dubha orthu.
stíl chéanna scéalaíochta
same storytelling style
Scéalaí den scoth is ea John Ghráinne – nó John Phadaí Hiúdaí, mar a thugtar air chomh maith – agus baineann sé feidhm as an
stíl chéanna scéalaíochta agus é ag tabhairt cuntais ar eachtraí a shaoil.
stíleanna ailtireachta
architectural styles
Níb fhaide anonn, d’fhág impireachtaí cumhachtacha na hEorpa a rian ar an áit lena dteangacha agus lena
stíleanna ailtireachta, rian atá chomh láidir sin go sílfeá in amanna go raibh tú ag siúl ar shráid éigin sa Phortaingéil, san Ísiltír nó i Sasana**.
stíl thráchtaireachta
commentation style
Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar
stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
nuanós
new style
Tá an damhsa ar an sean-nós ina
nuanós anois, ag leathnú mar a bheadh víorus tógálach.
modh siamsíaochta
a style of pastime
Tá fréamhacha na geamaireachta le fáil sa Commedia Dell’Arte,
modh siamsíaochta a thosaigh san Iodáil agus a leathnaigh amach chomh fada leis an Fhrainc agus an Bhreatain – mar a raibh an-tóir air.
foirgníocht
building style/construction
Is gréasán é cultúr an duine, gréasán a chuimsíonn teanga, uimhríocht, scríobh, feisteas, ceardaíocht, ailtireacht is
foirgníocht, nósmhaireacht díola is ceannaithe, mórán eile nach iad agus cuimsíonn sé gach gné den tsochaí a mbeidh lámh ag an duine ann, cnáimhseáil, cúbláil, luadráil, pleanáil, srl.
stoidhle sam bith
any style
Dè an stoidhle òran ris an tèid gabhail?Gabhaidh sinn ri
stoidhle sam bith – roc, pop, dùthchasach, etc.
go caoithiúil
period (style)
Bhí sé déanta suas
go caoithiúil acu le leapacha ceithre chuaille agus trioc seandachtaí nó retro.
stíl mhaireachtála
life style
Agus seans go bhfuil
stíl mhaireachtála, ghlan, mheasúil acu, leis na piontaí ag ocht euro an ceann, agus deochanna meisciúla taobh amuigh de na tithe tábhairne beagnach dodhéanta a theacht orthu.
saol
life(style)
Tá coimhlintí uafásacha ar siúl i bPoblacht Daonlathach an Chongó (PDC) ó treascraíodh an deachtóir fad
saolach Mobutu Sese Seko i 1998.
ar modh
in (the) style
Cé go bhfuil na comhphobail seo sna limistéir ina raibh cónaí ar an muintir dhúchais le corradh is daichead míle bliain anuas, níl na daoine iontu ag maireachtáil
ar modh traidisiúnta a sinsir, mar shealgairí-cnuasaitheoirí.
mhodh
style
Thosaigh sé ag freastal ar ranganna líníochta fíoracha i mBéal Feirste agus dhearbhaigh sé gur chuidigh an cleachtadh seo lena
mhodh líníochta féin a fhorbairt.
mhodhanna
styles
Ba cheart dóibh staidéar a dhéanamh ar
mhodhanna an tseandreama agus foghlaim uathu.
nuanós
new style
An Cabaret Craiceáilte
===
Ba leis an
nuanós seachas an sean-nós is mó a bhíos tógtha, le linn an deireadh seachtaine.
à la vigneronne
winemaker style
Idir an ‘pot au feu’ agus an ‘saucisson Lyonnais
à la vigneronne’, gan trácht ar an ‘petit salé aux lentilles’, bíonn rogha ann a thálfadh uisce faoi do chár, fiú mura mbeadh ocras ort.
sean-nósach
old style
Níor phléasc an fhearg náisiúnta amach ar na sráideanna agus bhí an feachtas féin thar a bheith
sean-nósach.
nós maireachtála
a style of life
Is é an péintéir Sasanach Derek Hill a thug an chéad spreagadh do na péintéirí seo, nuair a thosaigh sé sna 1960í ag caitheamh tréimhsí fada istigh san oileán ag cur faoi i mbothán beag lom scoite amach ón phobal –
nós maireachtála a mheabhródh duit díthreabhaigh in Éirinn na luath-Chríostaíochta - i ndlúthchaidreamh le fiántas farraige agus fairsinge spéire, a chuimsíonn agus a thugann sainmhíniú ar an oileán beag scoite seo agus ar a mhuintir.
ag baint lena mhodh
pertaining to his style
Bíonn tionchar ar an aigne
ag baint lena mhodh péintéireacta saonta agus cuireann sé in iúl go láidir na mothúcháin agus an gaol atá aige lena cheantar dúchais tríd na dathanna láidre a úsáideann sé chomh maith leis an lámh oilte láidir atá aige ar an scuab.
an mhodhúlacht
good behaviour, ‘a bit of style’
Cheapfá gur lochtanna iad an choigilt,
an mhodhúlacht, an umhlaíocht.
seanaimseartha
old style
Coimisiún in Aghaidh Comhairle
===================
Is minic ráite é gurb é an ciníochas an seicteachas úr, go raibh an frith-Chaitliceachas
seanaimseartha agus go raibh spriocanna níos suimiúla le troid ina n-éadan.
idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior
are both ‘style’ and dignity at the heart
Tá
idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior ina cruthú Mija.
urdhún na seanmhodhúlachta
bastion of old style gentility
Is foras é Raffles a bhfuil cáil air ar fud an domhain mar
urdhún na seanmhodhúlachta agus an fháilteachais.
ar mhúnla
in the mould/style
Athchruthú atmasféarach a tógadh sna nóchadai seo d’imigh,
ar mhúnla an ‘Rose Theatre’ a chonacthas sa scannán ‘Shakespeare in Love’.
nós na séú haoise déag
16th. Century style
Ach tá an Globe, de réir
nós na séú haoise déag, oscailte don spéir.
seanmhódh
old style
Cé go dtuigfimid ón tús gur duine righin, tirim, imníoch atá fréamhaithe sa stair é agus é ag iarraidh léacht a thabhairt i gcuimhne ar a athair iomráiteach, mórthaibhseach, GB Ó Ceallaigh, laoch sa
seanmhódh agus údar mór Gaeilge, tá ‘an fear’ ina abhcóide láidir, feidhmiúil in ann a phléadáil go paiseanta i nguth ioróineach, searbhasach faoi chúrsaí agus faoi staid na Gaeilge mar atá sí inniu.
Saol Sách Crua
a hard enough life(style)
Saol Sách Crua
====
Admhaíonn sé go raibh sé deacair ar dtús:
“Bíonn muid ag treanáil cúig lá sa tseachtain agus imríonn muid cluichí chomh maith.
cur i láthair snasta
done with style
Bhí an t-imeacht taithneamhach le
cur i láthair snasta.
Ní thaitníonn an nós sin le
that style doesn’t agree with
Ní thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread, cé gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é.
cé gur nós seanbhunaithe
although it’s a well established style
Ní thaitníonn an nós sin le mórán foilsitheoirí Gaeilge ach an oiread,
cé gur nós seanbhunaithe i measc Ghaeil na hAlban é.
Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall
Donegals style of football was slated
Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall faoi stiúir Mhic Géibheannaigh, modh a leag béim ar chosaint seachas ar an ionsaí, ar fhreasúra a chosc in ionad scór a aimsiú go minic.
modh a leag béim ar chosaint
a style which emphasised defence
Caitheadh dímheas go leor ar mhodh peile Dhún na nGall faoi stiúir Mhic Géibheannaigh,
modh a leag béim ar chosaint seachas ar an ionsaí, ar fhreasúra a chosc in ionad scór a aimsiú go minic.
an amhránaíocht ar an sean-nós
old style singing
“Anuas air sin, tá beagnach 250 duine, idir óg agus aosta ag foghlaim uirlisí ceoil agus bíonn coirmeacha ceoil agus léiriúcháin de na healaíona traidisiúnta - an damhsa agus
an amhránaíocht ar an sean-nós - sa Chultúrlann agus tá cumann fuinniúil óige bunaithe sa Chultúrlann” ar sé.
faoi stíl agus cur chuige
about (Haneke’s) style and approach
Tá scríofa cheana féin agam (‘Beo’, Eagrán na Nollag 2009)
faoi stíl agus cur chuige Haneke.
D’oir a stíl agus a chur chuige do
his style and approach suited
D’oir a stíl agus a chur chuige do na hócáidí móra, é láidir, cróga, fearúil, teanntásach, dochloíte nach mór.
seanaimseartha, sáinnithe i
old style, stuck in a time warp
Ach bhí rudaí ag athrú de réir a chéile: shíl cuid de na hÉireannaigh, go háirithe Éireannaigh núíosacha a tháinig go Learpholl le post a fháil sna 1950aidí, go raibh Conradh na Gaeilge
seanaimseartha, sáinnithe i *‘time warp’* mar a déarfá
Meath an Chonartha
========
Bunaíodh Comhaltas Ceoltóirí Éireann i 1951 agus bhí sé tarraingteach do dhaoine a raibh suim sa cheol traidisúnta acu ach nach raibh spéis acu sa teanga.
an fhánaíocht
the travelling life style
Tá tagairtí sa leabhar seo do ghairmeacha beatha a raibh
an fhánaíocht ag baint leo go minic agus atá dearmadta le fada – lucht déanta sreangáin agus díoltóirí tae agus tobac, coirpigh agus striapacha, oibrthe lása, gréasaithe, súdairí, déantóirí folt bréagach, agus déantóirí pinn.
stíl neamhspleách ar leith
a distinct independent style
Ní foláir nó go gcuireann clár nua David Simon, Treme, isteach ar na seanargóintí seo, le muinín agus le
stíl neamhspleách ar leith fiú.
stíl an ghaiscigh liteartha seo
this literary warrior’s style
Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar
stíl an ghaiscigh liteartha seo.
Scríbhneoireacht ghlé líofa a chleachtann
writes in a clear fluid style
Scríbhneoireacht ghlé líofa a chleachtann O Donnell agus is cumasach mar a chíorann sé na hathruithe a tháinig ar chur chuige straitéiseach an IRA ón mbliain 1968 ar aghaidh.
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom
I really liked the neat style
“Is ag éisteacht le blue grass agus rockabilly a bhí mé ag an am ar scríobh mé an ceann beag seo agus
thaitin an stíl phioctha sin go mór liom.
go leor stíleanna canta eile
many other styles of singing
Is art form é as féin atá go hiomlán difriúil ó
go leor stíleanna canta eile agus samhlaigh nó smaoinigh faoi hip-hop, abair nach mbeidh dada eile ag tarlú i saol an hip-hop ó bhliain amháin go bliain eile ach comórtas ina mbeadh 50 cent agus iad seo uile ag teacht le chéile, tá sé seafóideach, gan outlet ar bith eile a thabhairt dó” a deir sé.
stíl an-snasta
a very polished style
Tá
stíl an-snasta aige.
an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air
the most satisfying style and version of football to watch
Is acu atá
an leagan agus an stíl peile is taitneamhaí le bheith ag breathnú air agus cuireann siad scór mór suas de bharr na béime a chuireann siad ar ghluaiseacht sciobtha i dtreo cúl an fhreasúra agus de bharr feabhas na dtosach atá acu.
modh, insint leanúnach is fealsúnacht
style, a continual narration and philosophy
Dar leis an bhFrancach seo, bhí trí riachtanais ag baint le gach leabhar staire, ‘
modh, insint leanúnach is fealsúnacht’.
Oireann an meán teilifíseach dá chur chuige
televison as a medium suits his style
Oireann an meán teilifíseach dá chur chuige freisin toisc go mbaineann comhrá teilifíseach leis an sonra geal nó an ‘luminous detail’ mar a bhí ag Ezra Pound.
is beag nár ligeadh don sean-nós dul i ndísc
the traditional style was almost allowed die out
na leabhair spéisiúla a foilsíodh le tamall de bhlianta ar chúlra Gaelach na Beatles, Morrissey, Oasis agus eile i Sasana, fágaim - “*Irish Blood, English Heart”: Second Generation Irish Musicians in England* le Seán Campbell)
is beag nár ligeadh don sean-nós dul i ndísc.
mba mhodh thar a bheith pearsanta
it was a very personal style
Caithfear an leabhar a cheannach chun eolas a chur orthu seo!
Fáth eile nár bhac scoláirí leis an réimse amhránaíochta seo chomh minic ná go
mba mhodh thar a bheith pearsanta a bhí sa sean-nós.