Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
righin stubborn, unyielding
" Ná bí i do chrann righin, áfach, Ná bí dúr.
ceanndána stubborn
" Lean siad orthu lena gcuid gearán faoi theanga dhothuigthe na mBavárach ceanndána.
dáigh stubborn
" Tá Johnny Ronan ó Treasury Holdings chomh dáigh le carraig - deir sé nach dtarlóidh sé seo agus tá sé fógartha aige go dtógfaidh Campbell's na fuinneoga amach *"over my dead body"*! Is cúis mhór imní do go leor daoine é go bhfuil áiteanna suntasacha stairiúla mar Bewley's ag imeacht le sruth agus ina n-áit, b'fhéidir, ollstórais siopadóireachta á dtógáil - áiteanna a thugann mórán sásaimh don tomhaltóir atá ionainn uilig ach fíorbheagán cothaithe don anam ná pléisiúir don tsúil.
ceanndána stubborn
" Ba é an McGlinchy seo ba chúis leis an chéad *barbeque *riamh in Éirinn, nuair a thit seanbhó leathadharcach, leathshúileach, ceanndána, cadránta dá chuid isteach i dtine ar a raibh sé ag dó sheanbhualtrach na bó bundúnaí céanna.
bundúnaí stubborn
" Ba é an McGlinchy seo ba chúis leis an chéad *barbeque *riamh in Éirinn, nuair a thit seanbhó leathadharcach, leathshúileach, ceanndána, cadránta dá chuid isteach i dtine ar a raibh sé ag dó sheanbhualtrach na bó bundúnaí céanna.
loscadh na n-eiriceach stóinsithe the burning of the stubborn heretics
" Ba é an cur síos ar an eachtra seo i leabhar sheanuncail Bhalor a spreag na scéalta in *The Da Vinci Code *faoi loscadh na n-eiriceach stóinsithe.
dáigh stubborn, unyielding
" Is duine iontach dáigh mé!” Is minic a chloistear mic léinn thaighde ag gearán faoin saol uaigneach atá acu, agus iad scoite amach ina n-aonar, ar a ndícheall ag iarraidh “an diabhail tráchtas” a chríochnú.
stalcach stubborn
" Ach pobal stalcach, stóinsithe, stuacach a bhí iontu.
stuacach stubborn
" Ach pobal stalcach, stóinsithe, stuacach a bhí iontu.
chomh righin go dtarraingeofá míle é as stubborn as a mule
" ” “Ní raibh nó tá an diúlach sin chomh righin go dtarraingeofá míle é.
ceanndána headstrong, stubborn
" “An chomhairle a chuirfinn ar ealaíontóirí óga ná go gcaithfidh tú brú a chur ort féin dul amach ansin agus a bheith ceanndána agus tú ag iompar do shaothair thart ar na dánlanna,” a dúirt sé.
righin stubborn
" “Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo (san ionad) a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!” Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain.
dáigh stubborn
" D’fhéadadh siad bheith chomh tobann le driseog agus dáigh ina ndearcadh.
righin stubborn
" Thig leis a bheith rud beag righin agus ceanndána, áfach.
stalcánta stubborn
" Déagóirí atá éirithe dúr, stalcánta, doicheallach.
chadránta stubborn
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.
as a bheith ródháigh idirbheartaíocht a dhéanamh for being too stubborn to make a deal
" Shíl na Poblachtánaithe go raibh tacaíocht mhór acu ón phobal, agus go gcuirfeadh cosmhuintir Mheiriceá an milleán ar Obama agus ar na Daonlathaigh as a bheith ródháigh idirbheartaíocht a dhéanamh leis na Poblachtánaigh san aighneas.