Murach an obair pháirtaimseartha atá ar fáil i dtionscal na hiascaireachta sna Cealla Beaga agus ag Earagal Éisc i Mín an Aoire, bheadh Cill Chartha agus na paróistí buailte leis ar an ghannchuid ó thaobh oibre.
D’fhág sin go raibh os cionn 30 post foirne ar fud na Gaeltachta le himeacht agus suas le 100 duine eile ar an ghannchuid a bhí ag baint sochar as scéimeanna a bhí faoi stiúir MFG.