I mbliana, agus muid ag comóradh 50 bliain ó tréigeadh an Blascaod Mór amach ó chósta Chiarraí, ní mór do mhuintir na Éireann agus don rialtas cuimhneamh ar na hoileáin mar Thoraigh ar a bhfuil pobail bheo bhríomhara ina gcónaí go fóill,
ag stracadh leis an aimsir agus le cruatan, agus gan dearmad a dhéanamh orthu nuair a bheas na pleananna móra á ndéanamh agus an t-airgead á rann.