Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
galláin standing stones
" Tá a seanáitribh fós le feiceáil go hiomadúil mar a bhfuil cathracha is dúnta, liosanna, ráthanna, clocháin, is galláin.
seasamh dlí legal standing
" De réir Patricia Kennealy-Morrison, bean a phós Morrison i ndeasghnáth Wicca nach raibh seasamh dlí aige, ba í Pamela an duine a mharaigh é go hindíreach nuair a thug sí hearóin dó.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
ina sheasamh ansin ina stacán standing there like an ejit
" "Ní bhainim de," arsa Úna agus d'fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.
ina colgsheasamh standing erect
" " In áit lámh dhearg Uladh, tá méar dhearg Uladh acu, agus í ina colgsheasamh, ag déanamh comhartha mímhuinte.
liagán standing stone
" Tá an Chloch Stuacach ann, sin liagán nó gallán a tógadh roimh theacht na Críostaíochta.
galláin ollmhóra huge standing stones
" Ansin tá na *menhirs *ann, na galláin ollmhóra a tógadh idir 7000RC agus 5000 bliain ó shin.
pé seasamh morálta ar leith whatever special moral standing
" Creideann Cathaoirleach Chumann na nIascairí, Frank Doyle, go bhfuil pé seasamh morálta ar leith a bhí ag iascairí na tíre seo caillte anois dá bharr.
gallán standing stone
" Tá tobar naofa dá chuid in aice leis an ché agus tá gallán ann a bhfuil crois snoite air.
ordú seasta standing order
" An sprioc is mó anois 1,000 síntiúsóir tré ordú seasta.
díreach ina sheasamh ansin just standing there
" Bhí an t-allas ina rith le Diarmaid agus é díreach ina sheasamh ansin.
ag seasamh an fhóid standing the ground
" Ní raibh Dúchas riamh neamhspleách ach ar laghad bhí glór amháin Stáit ag seasamh an fhóid ar son na hoidhreachta.
ina seasamh ar aire standing to attention
" Nár dheas é, tráthnóna geimhridh, Páirc an Chrócaigh a bheith feistithe i nglas, foireann rugbaí na hÉireann ina seasamh ar aire agus gach duine acu, cuma ón mBaile Meánach nó ó Thrá Lí é, ag canadh amach go mórtasach focla amhrán náisiúnta na hÉireann.
galláin standing stones
" Cuireann an leabhar seo síos ar na tuamaí meigiliteacha agus na galláin atá le feiceáil sa ghleann álainn seo in iardheisceart Dhún na nGall.
seasamh standing
" An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach? Tá seasamh bainte amach ag an gcomhlacht ó thaobh a chuid oibre agus na seirbhíse a chuirimid ar fáil.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
seasamh cultúrtha cultural standing
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Tá seasamh cultúrtha an-tábhachtach ag an nGaeilge.
gallán standing stone
" Agus trí mhíle síos an bóthar tá gallán ard clúiteach ar a dtugtar “the Maiden Stone”.
gallán standing-stone
" Níl ach barra ciorcail gallán le feiceáil - tá achan rud eile clúdaithe le féar agus talamh.
an fód a sheasamh. to maintain his standing.
" Is é an aidiacht is coitianta a úsáidtear sna meáin i leith na fianaise seo ná “dochreidte”, agus tá sé ag éirí níos deacra ag Ahern an fód a sheasamh.
áit seasaimh standing room
" Suíocháin ar fad atá i gceist; níl áit seasaimh ar bith ansin.
i mo sheasamh standing
" Cé mhéad rud difriúil a d’fhéadfadh a bheith á lorg ag mo mhacasamhail? Nach bhfuil mé i mo sheasamh os comhair duine nach bhfuil ach jab amháin aige – eochracha a thabhairt amach.
atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge. we are standing by the vision of an Irish daily newspaper
" Áirímid go leor Gaeilgeoirí aitheanta mar scairshealbhóirí fosta, daoine ar nós Shéamuis Uí Thuathail, Phádraig Uí Shnodaigh agus Shéamuis Mhic Sheáin, atá sásta seasamh le fís an nuachtáin laethúil Ghaeilge.
fós in airde, still standing
" Ní dhearnadh a lán damáiste do Craców, áfach, agus toisc go bhfuil seanfhoirgnimh agus seanbhallaí na cathrach fós in airde, fágann sé sin go bhfuil atmaisféar stairiúil, spéisiúil san áit.
sheasamh na foirne the team's standing
" Is é seo an toradh is fearr atá bainte amach ag na cailíní go dtí seo agus tá dóchas mór sa champa go mbeidh tuilleadh feabhais ar sheasamh na foirne i ‘gComórtas na Sé Náisiúin’ i mbliana.
seasamh standing
" ‘An féidir leis an stát’, a d’fhiafraigh an seanadóir Jacques Legendre ó pháirtí an UMP (páirtí Nicolas Sarkozy), ‘a dheimhniú go mbeidh seasamh náisiúnta ag na cáilíochtaí seo?’ Ceist mhór.
dleathacht standing
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
galláin standing stones
" Insíonn sé go magúil go raibh sé ag leanúint coiscéim ‘an chreachadóra’ Naomh Colm Cille i sraith pictiúr a rinne sé a bhí bunaithe ar na galláin cloiche atá le feiceáil ar Thuras Cholm Cille.
chomhsheasmhacht long standing
" Gan amhras is iontach an fad saoil a bhaineann le roinnt ainmneacha agus is díol iontais é an chomhsheasmhacht a bhain leo anuas na céadta bliain chugainn.
ag cur ar a son standing up for their rights
" Suaitheadh ceart a bhí ann don leagan amach a bhí ar na haicmí agus ar ndóigh thosaigh an lucht oibre ag téachtú agus ag cur ar a son an t-am sin.
ag fearadh offering, standing
" I gcás nach mbeadh an Teachta McGinley ag fearadh toghcháin iarraidh eile, b’fhéidir go mbronnfaí an cúram ar Ghaeilgeoir eile de chuid an páirtí – Fergus O’Dowd.
sheasamh mar chuaille standing perfectly still
" Ní haon mhaith a bheith i do sheasamh mar chuaille agus an liathróid i do láimh agat nuair a éiríonn rudaí corraithe.
ghallán standing stone(s)
" An Traonach ======= Bhí feirmeoir eile ag glanadh páirce in aice liom, páirc a bhí mothrach le blianta, agus nuair a ghearr sé roinnt tom ar ais thug mé faoi deara go raibh trí ghallán ina seasamh le chéile.
buanchoiste a standing committee
" Chríochnaigh an chomhdháil leis an ngeallúint shollúnta go mbunófaí buanchoiste do chur chun cinn na teanga sa mór-roinn i gcoitinne, agus socraíodh go n-eagrófaí an chomhdháil arís chomh luath agus ab fhéidir, an turas seo le lucht Fulbright na Stát Aontaithe páirteach freisin! Tá pobal Gaeilge Mheiriceá Thuaidh ag gluaiseacht arís, agus ag dul ó neart go neart.
galláin standing stones
" Tá sé bunaithe ar iarsmaí ón seansaol, mar shampla an bád Gokstad (850 AD, Sandefjord) agus Askekarr (1000 AD Gothenburg), líníochtaí ar galláin agus eolas sna ságaí.
ina sheasamh ag lorg bus standing for a bus
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
in bhur seasamh go bagrach standing threateningly
" Tá sé sa Bhíobla; agus tá sé sin ar fad le ceiliúradh… As go brách le Balor ansin le labhairt le Cosamán Mac an Taca ó Chumann Chónaitheoirí Cosantacha Ard Eoin: **Balor: Inis dom, a Chosamáin, cad tuige nach dtig leat féin agus na cónaitheoirí cosantacha eile fanacht sa bhaile ag amharc ar an tele, nó dul ag siopadóireacht faoin bhaile mór, nó dul ag snámh san fharraige, nó rud ar bith eile a dhéanamh seachas a bheith in bhur seasamh go bagrach nuair a bhíonn an Lucht Siúil Flannbhuí ag dul thar bráid.
bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir the police were standing around doing nothing
" In ionad an fhirinne a insint, chuir na póilíní an locht ar lucht taca Learphoill, daoine a ghníomhaigh mar laochra ar lá na tubaiste, ag déanamh a ndíchill cuidiú a thabhairt do na taismigh, le sinteáin a rinne siad féin as cláir fógraí agus mar sin de nuair a bhí na póilíní ina seasamh thart mar chuaillí fir.
ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh standing in the doorway of the capsule
" Laochra an Alltair ====== Nuair a chonaic mé Baumgartner ina sheasamh ar an tairseach i ndoras an árthaigh, chuir sé Neil Armstrong i gcuimhne dom.
agus a mbéil ar leathadh acu standing mouths agape
" agus bhí muintir shíothchánta Mars agus a mbéil ar leathadh acu, ag féachaint orthu.
mairtíreach ina sheasamh go séimh a martyr standing quietly
" I bhfreascó amháin feictear saighdiúirí ag doirteadh tinne leáite síos scornach mairtíreach agus i bpictiúr eile tá mairtíreach ina sheasamh go séimh i gcorcán lán le huisce bruite.
lagóidh sé a sheasamh it shall weaken his standing
" Mar gur tionscnamh de chuid Enda Kenny é, creidim gur buille mór in aghaidh a údaráis a bheas ann agus lagóidh sé a sheasamh taobh istigh dá pháirtí féin.
oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh just as many standing on each other inside
" An Domhnach a ndeachaigh mise ann, bhí na sluaite i mbéal an dorais ann, agus oiread eile ag seasamh ar chois ar a chéile istigh.
ar scaradh gabhail os cionn standing above
" B'fhacthas do roinnt finnéithe go raibh duine éigin ar scaradh gabhail os cionn duine eile a bhí ina luí ar an talamh, agus taispeánann an fhianaise gur buaileadh cloigeann Zimmerman in aghaidh na talún, gur briseadh a shrón, agus go bhfuair sé dhá shúil dhubha.
ina seasamh standing
" Ní raibh fanta le breacadh an lae ach na ballaí agus an túr ina seasamh.
seasamh ar thairseach ré órga nua standing in the doorway of a new golden era
" D’fhéadfadh muid bheith inár seasamh ar thairseach ré órga nua, ach an machnamh agus an phleanáil chuí a dhéanamh i dtosach.
ar a gcosa ag screadaigh amach standing up shouting out
" Oíche lúcháireach a bhí ann agus an lucht éisteachta ar a gcosa ag screadaigh amach G.
ag seasamh faoi bhrat standing under the …. flag
" 5%</td> </tr> <tr> <td>Suíochán</td> <td align="center">1</td> <td align="center">3</td> <td align="center">0</td> <td align="center">3</td> </tr> </tbody> </table> Fuair iarrthóirí ag seasamh faoi bhrat Fhianna Fáil 425 níos mó vótaí ná iarrthóirí Fhine Gael, agus 46,245 vóta níos mó ná mar a fuair iarrthóirí Shinn Féin, ach mar sin féin fágadh iad leis an FPE amháin, Brian Crowley.
ag seasamh an fhóid in éadan standing her ground
" Idir an dá linn, tá Laura Bates ag seasamh an fhóid in éadan lucht a cáinte agus tá ráite aici go leanfaidh sí lena cuid oibre in ainneoin na mbagairtí.
ina seasamh crom ar standing bent over
" Tá Hazel agus Alice, iníon óg s’aici féin, le feiceáil ina suí ar tholg agus Eileen, iníon Lavery, ina seasamh crom ar phianó in aice leo.
ag seasamh an fhóid, standing their ground,
" Ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil na brandaí beaga beorach ag seasamh an fhóid, mar a mhíníonn Brian Ó Broin.