Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag seasamh an fhóid standing up for
" Anois tá an Burnside céanna agus Jeffrey Donaldson ag seasamh an fhóid d'fhórsaí logánta slándála na Sé Chontae agus tá siad sásta na hinstitiúidí polaitiúla tuaisceartacha a tharraingt anuas dá bharr.
ná seas an fód don't stand up for yourself
" Bhí an chuma ar an scéal go rabhthas ag rá trí na fógraí seo: "Bíodh eagla ort ach ná seas an fód.
ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad that stand for the United Nations
" Agus iad ar mhisean thar lear, bhíodh sé chomh dócha lena athrach go mbíodh na saighdiúirí ag caitheamh bairéad gorm, ar comharthaí de chuid na Náisiún Aontaithe iad.
le seasamh do to stand for
" Ó Bhearna go Carna Má ghlactar le sampla amháin a thiocfadh a fheidhmiú ó thaobh na Gaeltachta de: Thiocfadh ollchruinniú a eagrú i measc na gcoistí pobail uilig ó Bhearna go Carna chun go roghnófaí duine amháin, gan nasc páirtí ar bith agus go mbeadh an duine sin roghnaithe don toghchán le seasamh do Ghlór an Phobail.
seasamh le stand up for
" Ach tá sé tábhachtach seasamh le do chreideamh is le do thuairimí féin.
cruthú dó féin stand up for itself
" Níl sé furasta ag nuachtán teacht ar an fhód as an nua agus cruthú dó féin.
ag cur ar a son standing up for their rights
" Suaitheadh ceart a bhí ann don leagan amach a bhí ar na haicmí agus ar ndóigh thosaigh an lucht oibre ag téachtú agus ag cur ar a son an t-am sin.
Seasann an neach uaigneach the lonesome being stands for
" Seasann an neach uaigneach sa phictiúr ar dhroichead faoi spéir shuaite a bhfuil dath fola uirthi.
ina sheasamh ag lorg bus standing for a bus
" Agus bhí deartháir Joe, ina sheasamh ag lorg bus agus fuair sé urchar díreach in airde os cionn a shúile.
sheas an fód do stood strong for
" Cé gur thacaigh formhór mhuintir na tíre leis an toirmeasc, bhí daoine áirithe abhus a sheas an fód do na hoibrithe Áiseacha.
nár sheas sé an fód fá choinne did he not stand up for
" Ní hamháin nár sheas sé an fód fá choinne leasuithe liobrálacha “Vatacáin a dó”, ach ar a bhealach féin rinne sé iarracht cuid acu a chur ar neamhní.
a sheasfaidh leo ar feadh a saoil which shall stand to them for the rest of their lives
" Foghlaimeoidh páistí óga scileanna úsáideacha foclóireachta leis an leabhar seo a sheasfaidh leo ar feadh a saoil.
an rud is mó a shonraigh muid the matter which mostly stood out for us
" Ba í an súsa bán, a chniotáil máithreacha a raibh naíonáin marbhghine acu, an rud is mó a shonraigh muid.