Is gleann gleoite glas é Srath-pheofhair, agus an t-ainm atá ar an abhainn a ritheann fríd ná Peofhar, focal de bhunús Ceilteach Briotanach a chiallaíonn “álainn” agus “lonrach”.
Insíonn sé dúinn faoin nós a bhí ag muintir na Gaeltachta gabháil ag obair ar an Lagán, is é sin “áit ar bith ó Leitir Ceanainn go Doire go Tír Eoghain”, áiteanna a raibh talamh maith feirmeoireachta, agus faoi Aonach an Fhostaithe ar an Srath Bán.