Diúltaíodh d’Acht na Gaeilge (agus ag an am chéanna, tá an tAire Cultúir i Meiriceá
ag spré shoiscéal na hUltaise) agus tá lucht tacaíochta traidisiúnta an pháirtí ag éirí míshuaimhneach – cúntóirí ranga nach bhfuair tacaíocht ón pháirtí agus iad ar stailc anuraidh; lucht na Gaeilge ó thuaidh fán díobháil dul chun cinn ar Acht na Gaeilge agus scor an Chiste Craoltóireachta Gaeilge, agus anois tá cuid de phobal Bhóthar na bhFál ag cur ceisteanna faoi chumas an pháirtí feabhas a chur ar a saol laethúil.