Smaoinigh ar an cheist seo: cé hiad na daoine is mó a bhfuil cion agat orthu sa domhan seo? Nuair a bheas tú sínte ar leaba an bháis, cé hiad na daoine a mbeidh aiféala ort nár chaith tú níos mó ama leo i rith do shaoil? Gach seans go dtabharfadh an chuid is mó againn na freagraí céanna: tuismitheoirí, clann, deartháireacha agus deirfiúracha,
céilí, leathbhádóirí, dlúthchairde.