Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
eite spóirt sporting wing
" Fear a labhraíonn go binbeach fá Chaitlicigh, agus fán chultúr Éireannach, an fear a dúirt gur teanga leipreachán a bhí sa Ghaeilge, a thug "leadbelly" ar Alex Maskey i ndiaidh do dhílseoirí é a scaoileadh sa bholg, an fear a dúirt gurb é Cumann Luthchleas Gael eite spóirt an IRA.
spórtúil sporting
" Ní hé sin an cineál iompair a chleachtaítear sa ghalf de ghnáth agus cuireadh i leith fhoireann na Stát Aontaithe ina dhiaidh sin nach rabhadar spórtúil agus gur léirigh siad drochmheas ar a gcéilí comhraic agus ar chluiche an ghailf, cluiche a éilíonn ardchaighdeán ionracais - is minic imreoir ag admháil, cuir i gcás, go ndearna sé feall cé nach bhfaca éinne eile é.
ag spraoi sporting
" "Dia go deo leis na seanlaethanta nuair a d'fhágadh Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna na dúnta Lá Bealtaine leis an chéad sé mhí eile a chaitheamh ag seilg ar na sléibhte agus ag spraoi ar na bánta," a deir Balor an Réamhstaraí.
meath a chumais spórtúil the decline in his sporting ability
" Nó b'fhéidir, ar nós cuid mhaith imreoirí agus lúithchleasaithe eile, nach raibh sé in ann déileáil le meath a chumais spórtúil agus dá bhrí sin gur chuir sé an chuid sin dá shaol ar leataobh agus thug a aghaidh ar nithe eile.
cumas spóirt sporting ability
" Bhí sé fíor i gcónaí go raibh céatadán áirithe de ghasúir nach raibh cumas spóirt iontu, rud a luíonn le réasún, ach measaim go bhfuil níos mó daltaí anois ag teacht isteach atá go hiomlán mí-aclaí.
eagras spóirt sporting organisation
" “Is eagras spóirt é CLG go príomha, ach is eagras é fosta a bhfuil baint aige le forbairt – forbairt daoine agus forbairt phobail.
an t-iliomad urdhálaí spóirt many sporting fixtures
" Fianaise ar an méid atá thuas ná an tslí ar fhoghlaim Irial ceacht faoi thábhacht an tsean-*clíche* gnó “*diversify or die*” in 2001 nuair a cuireadh an t-iliomad urdhálaí spóirt ar ceal timpeall na tíre ar feadh sé seachtaine.
an t-éacht ba shuntasaí spóirt the most notable sporting achievement
" Fuair bua Phádraig an líon ba mhó vótaí agus an t-éacht ba shuntasaí spóirt ón mbliain seo caite á roghnú ag lucht leanúna an spóirt in Éirinn.
i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo amongst the big sporting heros of this country
" Ní ionadh ar bith, dá bhrí sin, go bhfuil ainm Phádraig luaite anois i measc ghaiscígh mhóra spóirt na tíre seo in éineacht le Stephen Roche, Christy Ring, Ronnie Delany, Éamon Coughlan, Sonia O’Sullivan agus mar sin de.
nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt. that politicans should be sticking their oar into sporting matters
" Is amhlaidh go mbeidís ag fógairt go hard nár cheart do pholaiteoirí a ladhar a chur isteach i gcúrsaí spóirt.
na húdaráis spóirt the sporting authorities
" Ach roinnt blianta ó shin, chinn na húdaráis spóirt sa Bhreatain Mhór ar thriail a bhaint as córas traenála atá an-chosúil leis an gcóras a úsáidtear san institiúid Astrálach.
B’iomaí áis spóirt there were many sporting facilities
" B’iomaí áis spóirt agus seoltóireachta a bhí ar fáil san óstán ach níor bhac muid lena bhformhór toisc gur thit muid isteach in am an oileáin sar i bhfad.
laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna a sporting hero and a hero of mankind
" Thug Eoghan Ó Néill laoch spóirt agus laoch an chine dhaonna ar Norman san alt thuasluaite agus más mall is mithid go bhfuil sé aitheanta ina thír féin faoi dheireadh thiar thall.
ceann de chraobhacha móra an spóirt one of the great sporting championships
" Thar 50 ciliméadar a bhí rás Chraobh an Domhain agus don chéad uair ina shaol, agus é cúig bliana is tríocha d’aois, tá ceann de chraobhacha móra an spóirt gnóthaithe ag an Ifearnánach.
an meafar spóirt cáiliúil seo this famous sporting metaphor
" Míníonn Fergus, “ní hé go bhfuil ort an ‘Maglia Rosa’ a dhearadh as an nua” ach go mbreathnódh sé ar a ról féin mar “an ‘Maglia Rosa’— an meafar spóirt cáiliúil seo a chur tríd atriail eile agus tagairt a dhearadh air do ‘Grande Partenza’ na bliana seo in Éirinn, m’áit dúchais.
snoíodóir spórt-aislingí na muintire the carver of the community’s sporting dreams
" Fear umhal, snoíodóir spórt-aislingí na muintire.
síothlaíonn cuid mhaith den airgead a íoctar le heagraíochtaí spóirt a fair bit of the money which is paid to sporting organizations drains away
" Meath an Amaitéireachais =========== Déanann Ó Ruairc pointe le hábhar nuair a deir sé gur spóirt phroifisiúnta iad na spóirt eile ar fad a bhíonn á gcraoladh ag Sky agus go síothlaíonn cuid mhaith den airgead a íoctar le heagraíochtaí spóirt i dtreo na n-imreoirí agus nach gcaitear mórán den airgead ar fhorbairt an spóirt féin.
dhá mhórimeacht spóirt two major sporting events
" Féachann Colm Mac Séalaigh siar ar dhá mhórimeacht spóirt de chuid na míosa seo caite.
éachtaí áirithe spóirt some sporting achievements
" Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim go mairfidh éachtaí áirithe spóirt go deo i gcuimhne agus i gcroí mhuintir na hÉireann, bua an ghalfaire Pádraig Harrington i gComórtas Oscailte na Breataine ina measc.
súil a chaitheamh ar ghnóthaí spóirt to look at sporting matters
" Bhí deis ag Colm Mac Séalaigh súil a chaitheamh ar ghnóthaí spóirt in oirthuaisceart na Stát Aontaithe.
i ngnóthaí spóirt in sporting matters
" Tá athchiall ag an leagan ‘craobh clainne’ i ngnóthaí spóirt tharla go bhfacamar teaghlaigh gníomach agus ag breith na craoibhe leo ar pháirc na himeartha in imeacht na mblianta.