Dá n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach ní fhágfadh sé a stól ann riamh arís; d'íocfadh sé a chuid billí in am; ní chaithfeadh sé
seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; ní chuirfeadh sé uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh sé bosca scór Carrolls agus an *Star* agus an *Sun* isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sé sa Joy - é sin ar fad, agus níos mó, dá dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus dá gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.