Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na B-Speisialaigh the B Specials
" "Ó," arsa Burnside, agus aiféaltas air, "caithfidh sé go bhfuil sibh ró-óg le cuimhne a bheith agaibh ar na B-Speisialaigh.
aird ar leith special attention
" Tá rialtas na hÉireann ag tabhairt aird ar leith ar an ócáid le tamall anuas agus bíonn ionadaí polaitiúil acu ansin gach bliain.
ar leith special, apart
" Cé go bhfuil Oráistí i Learpholl agus i nGlaschú, is áiteanna ar leith iad sin.
an Bhrainse Speisialta the Special Branch
" Leis an phróiseas síochána, b'fhéidir go mbeidh Éireannaigh i Sasana a bhfuil ceangal acu le 1916 níos sásta labhairt amach faoi, gan imní a bheith orthu faoi aird an Bhrainse Speisialta nó MI5 a tharraingt orthu féin.
dílseacht ar leith special loyalty
" ) agus go dtugann siad an oiread sin pléisiúir agus taitnimh don oiread sin daoine, shílfeá go ndéanfaí cás speisialta díobh i gcúrsaí cánach ar bhealach samhlaíoch éigin, go mór mór i gcás imreoirí a thugann dílseacht ar leith dá gcontae bliain i ndiaidh bliana.
aíonna speisialta special guests
" Thug Emma caint ar chúrsaí in Éirinn i gceann de na hollscoileanna eile anseo agus tá cuireadh faighte againn a bheith inár n-aíonna speisialta i méanscoil eile nuair a bheidh siadsan ag reáchtáil a Lae Ghaelaigh féin.
Brainse Speisialta Special Branch
" Tá sé ina ábhar conspóide cé acu a dtiocfadh leis an RUC stop a chur le buama na hÓmaí nó nach dtiocfadh dá scaoilfeadh an Brainse Speisialta an t-eolas a fuair siad ó Kevin Fulton.
riachtanais speisialta special needs
" Seisear atá ar an fhoireann atá ag déanamh an taighde i dteannta leis an Ollamh Smithers agus beidh siad ag obair le 3,500 múinteoir, idir mhúinteoirí bunleibhéil agus dara leibhéal agus iad siúd a bhíonn ag plé le riachtanais speisialta ar fud na tíre.
áireamh speisialta special enumeration
" Bhain mé an-taitneamh as an tseancháipéis de bhreis agus 1,000 leathanach a léamh agus mionscrúdú a dhéanamh ar na léarscáileanna cuimsitheacha a thaispeáin meath na Gaeilge ón mbliain 1911 go dtí an bhliain 1925 nuair a dhein na Gardaí Síochána áireamh speisialta le comparáid a dhéanamh le daonáireamh na bliana 1911.
an Chúirt Choiriúil Speisialta The Special Criminal Court
" Léirigh an Chúirt Choiriúil Speisialta iontas go bhféadfadh Hanley agus O'Shea agallamh a chur ar Ward agus gan fios acu go raibh faoistin déanta aige cheana féin.
beo beathaíoch sainiúil alive and special
bogearraí speisialta special software
" " Molann sé do dhaoine bogearraí speisialta a úsáid chun *spam *a scagadh ó ghnáth-theachtaireachtaí.
tallann ar leith special talent
" Tá Craobh an Domhain buaite ag Éireannaigh sa lúthchleasaíocht (agus boinn Oilimpeacha freisin), sa dornalaíocht amaitéarach agus gairmiúil, sa snúcar, i gcúrsaí capall, sa ghalf, ag rothaíocht (Rás na Fraince buaite freisin), agus i gcúrsaí rugbaí agus haca tá comórtais idirnáisiunta buaite ag foirne Éireannacha; ní dhéantar an oiread fuadrála ná cainte ná óil (!), áfach, faoi na himeachtaí sin is a dhéantar faoinár bhfoireann sacair, foireann, gan fiacail a chur ann, nár bhuaigh tada riamh! Is féidir a rá go bhfuil formhór na mbuanna idirnáisiúnta gnóthaithe ag daoine aonair atá ag saothrú leo go ciúin agus go dian agus go bhfuil seans níos mó ann b'fhéidir daoine aonair a mbeadh tallann ar leith acu a aimsiú ná foireann iomlán a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na foirne sacair is fearr ar domhan.
béim faoi leith special emphasis
" Clúdaítear gach saghas ábhair iontu; bíonn béim faoi leith ar ábhair a bhaineann leis an timpeallacht, idir fheirmeoireacht orgánach, cheisteanna ag baint le domhandú agus athchúrsáil.
riachtanais speisialta special needs
" Mar shampla, tá sé de dhualgas ar na Gardaí scrúdú a dhéanamh ar chúlra aon duine a chuireann isteach ar phost i mbord sláinte, ina bhfuil sé i gceist go mbeadh sé ag plé le páistí, nó aon duine a chuireann isteach ar phost in eagraíocht a bhíonn ag plé le páistí ag a bhfuil riachtanais speisialta.
bhfoilseacháin speisialta special publications
" Cuireann siad fógraí i nuachtáin nó in irisí áitiúla agus i bhfoilseacháin speisialta ina mbíonn grianghraif agus uimhreacha teileafóin na mban, glaonn custaiméir agus déanann sé coinne.
faobhar ar leith a special edge
" D'éirigh linn fosta cuid mhaith mac léinn as na coláistí tríú leibhéal a mhealladh isteach agus tugann siadsan faobhar ar leith don stáisiún.
dhá thuarascáil speisialta two special reports
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
na comhdhála speisialta the special convention
" Ach cá bhfuil sé anois? "Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!" a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" Níos luaithe sa bhliain, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, i dtriail Colm Murphy, a raibh sé curtha ina leith go raibh baint aige le buamáil na hÓmaí, rialaigh an breitheamh go ndearna an bleachtaire Liam Donnelly ráiteas bréige a chur i mbéal an Uasail Murphy.
béim ar leith a special emphasis
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
bhí scolaíocht speisialta de dhíth air he needed special schooling
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
aoi speisialta special guest
" Ach an chéad bhliain go rabhamar ann, bhí Michael Hartnett ann mar aoi speisialta agus bhí profaí *Adharca Broic *leis.
gradam ar leith special distinction
" Cén fáth sin? Mar tá sé ina rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo.
gléas speisialta special appliance
" Bhain na fóin satailíte a bhí cuid mhaith de na hiriseoirí ag úsáid leis an tsatailít Thuraya, agus bhí gléas speisialta iontu a cheangal iad leis an gcóras loingseoireachta satailíte GPS nó Global Positioning System.
córais a chraolann comharthaí speisialta systems which broadcast special signals
" Is féidir é sin a fheabhsú go dtí 3 mhéadar, ag baint úsáide as córais a chraolann comharthaí speisialta ón talamh a cheartaíonn an t-asléamh.
Seansóirt nó sóirt speisialta old or special varieties
" Seansóirt nó sóirt speisialta atá i gceist.
bua ar leith special talent
" Maidir le Michelle, aithnítear go forleathan cheana féin go bhfuil bua ar leith aici.
bhuanna special qualities
" Chuala sé faoi bhuanna na bhfolcadán feamainne maidir le dochair spóirt a leigheas.
meas ar leith special respect
" Sílim go mbíonn meas ar leith againn ar an lúthchleasaí cumasach, an t-iománaí sciliúil agus mar sin de má tá siad uasal agus gnaíúil freisin agus nuair a iompraíonn siad iad féin ar nós an ghnáthdhuine.
rud inteacht speisialta something special
"rud inteacht speisialta faoi shaol an oileáin.
aoi speisialta special guest
" Meas sibh cé a fuair an t-aitheantas sin? Sea! Gan dabht! An Rí gan Choróin a d'fheidhmigh mar óstach agus mar aoi speisialta ag an am céanna, rud nach deacair dó, nó tá taithí na mblianta aige ar a leithéid.
béim ar leith special emphasis
" Ar dhroim an Tíogair Cheiltigh tháinig cultúr an airgid chun cinn, a chuir béim ar leith ar an ábharachas.
pé seasamh morálta ar leith whatever special moral standing
" Creideann Cathaoirleach Chumann na nIascairí, Frank Doyle, go bhfuil pé seasamh morálta ar leith a bhí ag iascairí na tíre seo caillte anois dá bharr.
Ionadaí Speisialta Special Representative
" Chuir Ionadaí Speisialta na Náisiún Aontaithe in iúl nach raibh sé sásta leis an reifreann, ach ní dhearnadh rud ar bith faoi.
mhúinteoir riachtanas speisialta special needs teacher
" Agus seo an rud a tharla: tháinig an scéala amach an mhí seo caite go raibh Ian Farmer ag glacadh le hiomarcaíocht dheonach agus go mbeadh sé ag atraenáil mar mhúinteoir riachtanas speisialta.
spéis ar leith a special interest
" Ceann de na cultúir ghonta sin é cultúr na mBundúchasach Meiriceánach, dream a bhfuil spéis ar leith ag Gearóid iontu.
an Chúirt Choiriúil Speisialta the Special Criminal Court
" Fiche bliain príosúnachta a ghearr an Chúirt Choiriúil Speisialta ar Michael McKevitt an mhí seo caite nuair a fuarthas ciontach é as eagraíocht mhídhleathach pharaimíliteach a stiúradh.
cur chuige múinteoireachta faoi leith a special teaching approach
"cur chuige múinteoireachta faoi leith ag Tomás.
áit faoi leith a special place
"áit faoi leith ag an gcaora i stair agus i gcultúr na hAstráile ó tháinig daoine de bhunadh na hEorpa go dtí an tír.
suim faoi leith a special interest
" Chuir mé suim faoi leith sa chaointeoireacht, mar shampla.
táille ar leith a special charge
" An dtiocfaidh an lá go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe táille ar leith a ghearradh ar dhaoine chun íoc as loiscneoir sa gcontae, loiscneoir nár theastaigh ón gcomhairle ná ón bpobal áitiúil ach a tógadh faoi bhrú ón Rialtas? An rud atá ag tarlú i nGaillimh, tarlóidh sé ar fud na tíre, mar go bhfuil treoir tugtha ag an Rialtas do chuile údarás áitiúil, faoin Acht Pleanála agus Forbartha 2000, airgead a bhailiú chun íoc as na costaisí caipitil a bhaineann le hinfrastruchtúr agus áiseanna thar tréimhse dhá bhliain déag.
maisíocht special effects
" Níl aon easpa maisíochta ann anois agus is cinnte go mbeidh roinnt daoine ag iarraidh iad ar fad a úsáid láithreach agus clár faisnéise á dhéanamh acu as a bhfíseáin laethanta saoire.
dearcadh faoi leith a special outlook/attitude
" Bíonn critéir faoi leith againn agus muid ag earcú fostaithe: ní mór dóibh a bheith cliste, ní gá go mbeadh taithí acu ach go mbeadh meon agus dearcadh faoi leith acu ar an saol.
Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí The Special Olympics World Games
" Ach, muna raibh sin olc go leor, níos déanaí sa bhliain tharla a leithéid arís, an uair seo ag mórócáid oscailte Chluichí Domhanda na nOilimpeach Speisialtaí bPáirc an Chrócaigh.
feiniméan ar leith special phenomenon
" Ní haon rud nua é polaiteoir labhairt as dhá thaobh a bhéil ag an am céanna, ach is feiniméan ar leith é an *Bertie Speak*.
iarracht faoi leith special effort
"iarracht faoi leith déanta codanna éagsúla den phobal a mhealladh chun an cheantair.
buanna speisialta special talents
" Aithníonn Vermeer go bhfuil buanna speisialta ag an chailín, a fuair sí ó bheith ag cuidiú lena hathair (péintéir tíle a chaill radharc na súl), a chuireann ar a cumas rudaí a fheiceáil lena súile féin.
cion ar leith special affection
"cion ar leith aige ar Ghaeltacht na Rosann ó thosaigh sé ag tabhairt cuairte ar an dúiche sin nuair a fuair sé scoláireacht dul ann agus é ina ghasúr.
suim faoi leith a special interest
"suim faoi leith agam i gceol Josie McDermott, agus éistim leis na sean-fhliúiteadóirí, leithéidí John McKenna, Paddy Taylor agus Paddy Carty.
fíorspeisialta extremely special
iarratas speisialta special request
" " Léirigh sé gur fágadh na híomhánna ar lár san RTC mar a foilsíodh é agus bhí air iarratas speisialta a dhéanamh le teacht orthu.
áit ar leith a special place
" Deireadh le "Amhrán na bhFiann"? Deireadh leis an Trídhathach a bheith ar foluain ag gach cluiche? Tá clú agus cáil ar Pháirc an Chrócaigh mar áit ar leith, ina n-imrítear ár gcluichí náisiúnta féin.
cultacha speisialta cosanta special protective suits
" Bhí orthu cultacha speisialta cosanta a chaitheamh, a chlúdaigh an corp agus an aghaidh go hiomlán.
béim faoi leith a special emphasis
" "Tá béim faoi leith ar chomórtaisí litríochta le linn na féile i mBaile Átha Cliath.
bua ar leith a special talent
" Ba léir go raibh bua ar leith ag John nuair a chas sé ag ceolchoirm cheantrach an bhliain dár gcionn.
tionchar ar leith a special influence
" An raibh tionchar ar leith ag an bhfliúiteadóir sin ort, a June? JNíC: Nuair a bhí mé óg ba ghnách liom éisteacht le ceoltóirí mar Peter Horan agus Fred Finn ag casadh cuid ceoil Josie.
draíocht faoi leith a special magic
" Ba é "Harry's Game" le Clannad an t-amhrán a bhí i gceist agus cheap mé gan amhras go raibh draíocht faoi leith ag baint leis an teanga aisteach agus mhistéireach sin.
áit ar leith a special place
" Is áit ar leith é Camus ó thaobh spóirt de.
in eagrán speisialta den iris in a special edition of the magazine
" Foilsíodh saothar iomlán Malley in eagrán speisialta den iris i 1944 agus moladh cumas Malley go dtí na spéartha.
ar shuíomh gréasáin speisialta on a special website
" Tá go leor seirbhísí ar líne ann a ligeann duit do leabhar grianghraf féin a chruthú ar shuíomh gréasáin speisialta agus a chinntiú go bhfuil do lucht aitheantais amháin in ann é a fheiceáil.
taifeadadh speisialta special recording
" AÓF: An bhfuil aon tiún, aon cheoltóir, nó aon taifeadadh speisialta gur ansa libh a bheith ag éisteacht leis? LK & YK: Is cosúil go bhfilleann muid i gcónaí ar cheol Phaddy Fahey agus Phaddy Carty.
rud éicint speisialta something special
" Ní i gcónaí go spreagann an ceol mothúcháin, ach is féidir leis, go speisialta nuair a sheinneann duine éigin rud éicint speisialta.
phróiseas slándála speisialta a special security process
" Is gá ríomhairí glúine a chur trí phróiseas slándála speisialta san aerfort, agus cinntítear nach bhfuil aon rud faoi cheilt laistigh de ghutháin shoghluaiste le scanóirí x-ghathacha.
aird faoi leith special attention
" ) Dar leis na treoracha sin, tá rannóga éagsúla de threalamh iniompartha leictreonach ann - agus tugtar aird faoi leith ar na gutháin: "Caithfear gutháin ghluaisteacha a mhúchadh nuair a dhúntar doirse an eitleáin nó nuair a ordaíonn an fhoireann cábáin amhlaidh.
béim ar leith special emphasis
" AÓF: Cén saghas cláir a bhíonn agat? JMcB: Clár dátheangach, mar a dúirt mé, a mbíonn ceol agus amhráin thraidisiúnta le cluinstin air agus, dár ndóigh, béim ar leith ar thraidisiún sean-nóis na tíre seo.
tallann ar leith special talent
" Togha na filíochta agus an cheoil Éireannaigh agus Albanaigh, deis casadh le daoine a bhfuil tallann ar leith acu, agus deis feiscint cé chomh beo is atá teanga agus traidisiúin ár gcol ceathracha Ceilteacha.
brí faoi leith special meaning
" D'éireodh leis an dráma seo de chuid Bolger in aon láthair toisc gur scéal daonna é - ach bhí brí faoi leith ag baint le léiriú an scéil, a coimisiúnaíodh go speisialta don ionad, faoi scáth na dtúr.
iarracht ar leith special effort
" Aithníodh sa tréimhse liath ghruama i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda gur ghá iarracht ar leith a dhéanamh le hatógáil agus athnuachan a dhéanamh ar an Eoraip i ndiaidh a ndearnadh de shlad agus d'ollscrios ar an mhór-roinn i gcaitheamh bhlianta an chogaidh.
riachtanais speisialta special needs
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
stádas oifigiúil ar leith special official status
" Nuair a achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla tugadh stádas oifigiúil ar leith do leaganacha Gaeilge na logainmneacha.
aitheantas speisialta special recognition
" Ba cheart dúinn cuimhneamh freisin ar an aitheantas speisialta a tugadh don chreideamh Caitliceach Rómhánach i mbunreacht de Valera.
béim fé leith a special emphasis
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
gníomh ar leith special action
" Is dóigh liom go n-aithníonn CLG anois gur contae ar leith é Baile Átha Cliath a bhfuil gníomh ar leith ag teastáil chun na cluichí Gaelacha a chur i réim inti.
buanna ar leith special talents
" Aithníodh agus é ina pháiste go raibh buanna ar leith aige san ealaín agus cuireadh chuig Scoil Ealaíne Bhaile Átha Cliath é nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d’aois.
spéis ar leith a special interest
" Bhí spéis ar leith aige fosta san Athbheochan Cheilteach a bhí ag tarlú ina thír dhúchais, gluaiseacht a bhí ag iarraidh sainmhíniú a thabhairt ar cheisteanna ag baint le féiniúlacht agus náisiúnachas na tíre ag an am.
sa Chúirt Choiriúil Speisialta in the Special Criminal Court
" I Márta 1973, cuireadh an bheirt deartháireacha ar ais go hÉirinn agus cuireadh iad faoi thriail sa Chúirt Choiriúil Speisialta.
béim fé leith a special emphasis
" Cuirimid béim fé leith (i) ar chúrsaí a chabhraíonn le daoine a chaitheann agallaimh nó scrúduithe cainte (sa scoil, i gcomhair poist nó i gcomhair áite i gcoláiste oilúna srl.
urghnách special, unusual
" Agus saol urghnách ar fad atá ann.
áit ar leith a special place
" Déanann áilleacht iarthar Chiarraí, i gcomhar leis an saibhreas cultúrtha agus an teanga, áit ar leith as.
meallann áiteanna ar leith cuairteoirí special places attract visitors
" Agus meallann áiteanna ar leith cuairteoirí! Mar fhocal scoir, níor cheart dúinn bheith den tuairim go gcaillfear turasóirí muna bhfeiceann siad ainm Béarla.
seoladh ríomhphoist speisialta a special email address
"seoladh ríomhphoist speisialta cruthaithe acu anois chun gur féidir leis an bpobal íomhánna a sheoladh chucu.
d’ócáidí speisialta amháin for special occasions only
" “Ní dhéanann muid iad ach d’ócáidí speisialta amháin, mar is obair an-dian í.
aitheantas ar leith special recognition
" Aithnítear an iomáint agus an pheil Ghaelach mar chluichí foirne náisiúnta na hÉireann agus is coir aitheantas ar leith a thabhairt do na himreoirí is fearr.
comhairleoir speisialta special advisor
" Fuinneog eile ======= Le linn mé a bheith ag obair ar an alt seo léigh mé léirmheas le Brian Rotman in *The London Review of Books *ar leabhar dar teideal *God: An Itinerary*, aistriúchán ar *Dieu, un itinéraire *a scríobh Régis Debray, comrádaí Che Guevara, comhairleoir speisialta Mitterand (*LRB*, 17 Feabhra 2005).
comhairleoir speisialta special advisor
" Fuinneog eile ======= Le linn mé a bheith ag obair ar an alt seo léigh mé léirmheas le Brian Rotman in *The London Review of Books *ar leabhar dar teideal *God: An Itinerary*, aistriúchán ar *Dieu, un itinéraire *a scríobh Régis Debray, comrádaí Che Guevara, comhairleoir speisialta Mitterand (*LRB*, 17 Feabhra 2005).
bogearra speisialta special software
" Léirigh siad ceithre staid éagsúla le cuidiú bogearra speisialta: dhá cheann le buaic na hola sa bhliain 2007, agus dhá cheann eile má tharlaíonn sí i 2030.
ionchúisitheoirí speisialta special prosecutors
" Den chéad uair tá na Meiriceánaigh féin ag caint ar an uachtarán a bheith as smacht, agus tá Daonlathaigh na Comhdhála ag caint go hoscailte ar ionchúisitheoirí speisialta agus táinseamh.
buanna speisialta special talent
" Pawcasso agus a Ré Chrúbach? ======= Má tá tú den bharúil go bhfuil buanna speisialta ag do pheata féin, ba chóir duit roinnt ama a chaitheamh á bhreathnú go grinn le feiceáil an bhfuil na tréithe seo a leanas aige: an ndéanann do chat machnamh ar na marcanna a fhágann sé ina dhiaidh ar a thráidire dramhaíola? an bhfágann sé marcanna ar na ballaí leis na gráinníní dramhaíola atá greamaithe dá chrúba? an scríobann sé ar phíosa troscáin go leanúnach san áit chéanna amhail is dá mbeadh sé ag forbairt saothair? an maith leis a bheith ag amharc ar an teilifis agus an aithníonn sé ainmhithe eile ar an scáileán? Más féidir leat freagra dearfach a thabhairt ar an chuid is mó de na ceisteanna thuas, agus má tá tú go fóill in amhras faoi chumas ealaíne do chait, thig leat triail bheag a chur air a d’fhorbair síceolaithe MONPA, a bhaineann úsáid as ocht gcárta dhéag agus léaráidí orthu.
spéis ar leith a special interest
" Cuimhnigh, mura n-éiríonn leis mar phéintéir, go bhfuil MONPA, chomh maith le go leor dánlann eile, i gcónaí ag cuartú léirmheastóirí a bhfuil spéis ar leith acu in ealaín cat! *Is as Doire ó dhúchas í Ciara Nic Gabhann ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois, áit a bhfuil sí ag obair mar mhúinteoir ealaíne.
béim ar leith special emphasis
" Cuireann muid béim ar leith ar chúrsaí oideachais; bíonn ceardlanna ceoil ann agus clár mór ceoil sna scoileanna áitiúla.
gaol speisialta special relationship
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
Cuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta Special Savings Incentive Account
" Tá a fhios ag Donaldson cé hé an boc mór i Sinn Féin a raibh gaol speisialta aige/aici leis na Sasanaigh! Páid sa tSráid ======= Tá Páid tar éis cupla euro a chur ar leataobh i gCuntas Dreasachta Coigiltis Speisialta agus é ag súil le hé a chaitheamh i mbliana ar SUV nua nó ar shaoire in Oileáin Mhaildíve.
Dúshlán ar leith a special challenge
" Dúshlán ar leith a bhíonn le sárú ag comhlachtaí nua ar nós Oisín ná a chur ina luí ar eagrais mhóra atá seanbhunaithe go bhfuil buntáistí ag baint leis an gcomhlacht beag a roghnú.
Bhrainse Speisialta Special Branch
" Maíonn poblachtánaigh gur plota de chuid an Bhrainse Speisialta leis an Fheidhmeannas ó thuaidh a scrios a bhí sa ruathar ar oifigí Shinn Féin i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus go leor fianaise acu, dar leo.
clár ríomhaireachta ar leith a special computer program
" Scríobhadh clár ríomhaireachta ar leith don phróiséas ar dtús, ina dhiaidh sin seoladh an t-ábhar ó na seancheirníní go ríomhaire agus as sin go dlúthdhiosca.
Dúshlán ar leith a special challenge
" Dúshlán ar leith a bhíonn le sárú ag comhlachtaí nua ar nós Oisín ná a chur ina luí ar eagrais mhóra atá seanbhunaithe go bhfuil buntáistí ag baint leis an gcomhlacht beag a roghnú.
léiriú ar leith special illustration
" Is léiriú ar leith é ar an chultúr comhaimseartha tríd an Ghaeilge.
comhdhála speisialta special conference
" Tiocfaidh ceardchumainn na múinteoirí, eagraíochtaí tuismitheoirí agus údaráis áitiúla le chéile i mí an Mhárta i Sasana le haghaidh comhdhála speisialta le cur in aghaidh an Pháipéir Bháin ar Oideachas agus Scileanna (tuilleadh eolais ag (www.
buanna ar leith special talents
" Cinnte bhí buanna ar leith ag daoine áirithe sa ghrúpa ach ní thar moladh beirte a bhíomar i ndáiríre agus, mar sin, níor shroicheamar babhtaí ceannais leithéidí Shlógadh, mar ba dhual do ghrúpaí ceoil na scoile.