Nó an amhlaidh gur ráiteas in éadan chóras lofa na mbancanna /an chaipiliteachais atá ann - sórt scread feirge daoscarshlua dífhostaithe Mheiriceá an
Spealadh Mhóir, cosmhuintir John Steinbeck sna ‘*Grapes of Wrath*’, an é sin an fonn a chóirigh Penn dúinn as bunscéal Clyde Barrow agus Bonnie Parker? Nó ar cheart an bheirt seo a thaispeáint mar shraith-dhúnmharfóirí fuara, seachas i bhfoirm Dunaway agus Beatty, atá ar an mbeirt leannán retro-chic is mealltaí sa chanóin?
D’ardaigh ceisteanna dá leithéid idir theas agus sholas nuair a phléasc obair Penn ar scáileáin an domhain tá dhá bhliain le cois an dá scór anois ann.