Tá beagnach gach marbhán cóirithe ar bhealach a léiríonn gníomh éigin – ceann amháin ag tabhairt speiche do liathróid, ceann eile ag cromadh siar le liathróid leadóige a bhualadh – is mar sin is fearr a léirítear feidhmeanna na gcnámh agus na matán.
Gníomh nádúrtha, shamhlófá, speach a tharraingt ar rud éigin, ar chloch nó cnap adhmaid a bhualadh le maide – an cluiche cnaig -, ach ba dheacair a shamhlú go bhféadfaí cluichí foirne agus páirce a chur ar bun nuair a bhí daoine scaipthe ar fud taobh tíre fairsing agus gan ach siúl na gcos acu mar mhodh taistil.