Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis!
Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil.
Leoga, arsa muid, nárbh é an spá is túisce a tharraing cáil ar Brides-les-Bains sula raibh aon chaint ar sciáil? Agus idir an teach allais, is é sin, an sabhna, agus an seomra gaile, an seacúsaí faoin aer agus an cith ilfheidhmeach, ní raibh lá aiféala orainn gur ansin a chríochnaíomar an tseachtain sciála.