Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a ngaolta deisceartacha their southern relatives
" Anois, agus próiseas ar bun le sin a chur i gcrích, dar le náisiúnaithe ar aon nós, beidh orthu aithne níos fearr a chur ar a ngaolta deisceartacha.
Cros an Deiscirt the Southern Cross
" Rinneadh bratach nua a dhearadh lena neamhspleáchas a chur in iúl - Cros an Deiscirt ar chúlra gorm gan aon rian de bhratach na Breataine.
sa tsochaí ó dheas in southern society
" Léirigh racán an tSathairn éasclínte sa tsochaí ó dheas.
sna stáit dheisceartacha in the southern states
" Samhlaíonn go leor gur thit cogadh cathartha Mheiriceá amach sna stáit dheisceartacha den chuid is mó, ach déantar dearmad gur tharla cathanna sa tuaisceart freisin.
leathsféar theas southern hemisphere
" Ní raibh orm streachailt le hathrú aeráide, mar bhí an aimsir sa leathsféar thuaidh ar aon dul leis an aeráid sa leathsféar theas – báisteach ghruama - ach thaitin na tráthnónta geala in Éirinn go mór liom.
rinn theas southern tip
" Déanaimid dearmad nach raibh sa chathair go dtí an 19ú haois ach baile ar rinn theas oileáin Manhattan.
i ndeisceart na hÁise in southern Asia
" Fístéipeanna amaitéaracha don chuid is mó a bhí le feiceáil sna tuairiscí ón tsunami tubaisteach a mharaigh os cionn 200,000 i ndeisceart na hÁise i ndeireadh na bliana 2004.
de bhunadh an deiscirt from southern Irish stock
" “Meastar gur daoine de bhunadh an deiscirt amháin atá iontu, ach bhuail mé féin le fear as baile Aontroma a raibh cónaí air ar na sráideanna.
i stáit bhochta an deiscirt in the poor southern states
" Tá cónaí ar Ghormaigh na Stát Aontaithe, den chuid is mó, i stáit bhochta an deiscirt agus i ngeiteonna na gcathracha móra – Harlem i Nua-Eabhrac agus South Central i Los Angeles, cuir i gcás.
ndeisceart southern
" Ba le fórsaí míleata na Nigéire, ar ndóigh, a bhain na fir armáilte a ransaigh an baile agus ceacht á thabhairt acu don mhionlach eitneach Ogoni gan cur in aghaidh údaráis na Nigéire ná an comhlacht ola Shell a thagann i dtír ar an acmhainn aiceanta atá go fras sa Deilt Nigéireach i ndeisceart na Nigéire.
ndeisceart southern
" Is é an Fhoraois Mau, ar chiumhais an Scoiltghleanna i ndeisceart na Céinia, an dobharcheantar is mó sa tír sin.
nDeisceart southern
" com/watch?v=4K2w0YY1SR8) “Ní bheidh Nollaig ar bith ann i mbliana!” a d’fhógair sé, agus é ag seoladh céad díle an gheimhridh in Iarthar agus i nDeisceart na hÉireann.
ndeisceart southern
" Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur timpeall ar na haibhneacha Tigris is Eofrait i ndeisceart na hIaráice a bhí cónaí ar an muintir seo go stairiúil.
ndeisceart southern
" Shílfí go mba smaoineamh maith é, teach Dé a thógáil i gceantar an Ionad Trádála Domhanda i ndeisceart Manhattan i gCathair Nua-Eabhrac.
leathsféar theas southern hemisphere
" Don chéad uair riamh, tá bean ina huachtarán ar an tír is mó sa leathsféar theas.
Leath Mhogha southern half of Ireland
" Cine eile loscann, is cosúil, a bhí in iarthar Leath Mhogha.
ndeisceart southern
" Teangacha eile i dtíortha eile nach n-oibríonn an córas sin is ea an Euscairis i dTír na mBascach, an Sámi san Ioruaidh, sa tSualainn agus san Fhionlainn, an Chailmicis i gCailmicia (i ndeisceart na Rúise), an tSorbais i ndeisceart na Gearmáine, an Chacais i gCacaisia (i ndeisceart na Sibéire), an Tatarais i dTatarstáin (na Rúise).
stáit an deiscirt the southern states
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
bhunaíocht dheisceartach southern establishment
" Anois, ní dócha go mbeidh Martin McGuinness ag cur faoi in Áras an Uachtarán agus é ag ceiliúradh Éirí Amach na Cásca in 2016, ainneoin go bhfaighidh sé níos mó vótaí ná mar ba mhaith leis an bhunaíocht dheisceartach é.
ceann theas the southern end
" Bheinn féin ag ceann theas na hAfraice faoin am céanna i seanmorris minor.
ndeisceart southern
" Mar mhúinteoir Béarla saorálach a tháinig mé ag obair i ranganna i mbunscoileanna bochta amuigh faoin tuath i ndeisceart na Síne.
canúint an deiscirt southern accent
" Níos aistigh fós, níl canúint an deiscirt ar éinne sa chathair seo, ach meascán de Bhéarlaí na gcathracha oirthearacha mar Nua-Eabhrac agus Baile an Tí Mhóir as a dtáinig imircigh an 19ú haois.
dheisceart southern
" Thug rí na Spáinne, Juan Carlos I, cuairt ar dheisceart na hAfraice roinnt seachtainí ó shin, chun an ghnó sin.
Theas southern
" É sin ar fad ráite, in ainneoin chonspóidí faoi dhrugaí, faoi bhaghcait pholaitiúla, chiníochas agus faoi oilbhéimeanna éagsúla (mar shampla shiúil foireann sacair ban na Cóiré Thuaidh den pháirc nuair a ardaíodh brat náisiúnta na Cóiré Theas roimh a gcluiche), leanann an Ghluaiseacht Oilimpeach ar aghaidh agus í ag díriú ar na hidéil a spreag Baron Pierre de Coubertin in 1894 í a bhunú.
thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt its composers forsook the southern unionists
" Sa deireadh, rinneadh praiseach den Chúnant nuair a thréig lucht a chumtha aontachtaithe an deiscirt.
ndeisceart na Liobáine southern Lebanon
" Bhíodh na céadta milliún á gcoinneáil siar acu sna hochtóidí nuair a bhí saighdiúirí na hÉireann á marú i ndeisceart na Liobáine ag Hizb Al-Kata’eb, an Falains, lucht cúltaca Iosrael sa Liobáin.
gurb ionann an rialtas ó dheas the southern government is equitable to
" De réir mar a éiríonn leo, beidh a fhios againn cé acu is aontachtaithe Caitliceacha iad, nó aontachtaithe measartha nó gur náisiúnaigh iad a chreideann gurb ionann an rialtas ó dheas agus foireann The Sopranos agus gurbh fhearr leo suí ar an chlaí ar feadh tamaillín go bhfeicfidh siad aiséirí an Tíogair Cheiltigh, ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith.
i gcinniúint na tíre is mó sa leathsféar theas in regard to the future of the largest country in the southern hemisphere
" Ós rud é go bhfuil an scéal ag athrú ó lá go lá tá sé róluath le breith a thabhairt ar an gcor seo i gcinniúint na tíre is mó sa leathsféar theas.
ndeisceart na Spáinne southern Spain
" An raibh mé ag iarraidh cur le tionchar an Bhéarla mar cheann de phríomhtheangacha an domhain mhóir? I ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam, agus laistigh de mhí amháin den cháilíocht a bhaint amach bhí post mar mhúinteoir faighte agam i gcathair bheag, álainn i ndeisceart na Spáinne - Córdoba - croílár chultúr na Spáinne agus na hAndalúise.
Phlandálaithe cadáis an Deiscirt the southern cotton plantations
" Dhá bhliain déag a chaith an saorfhear ina sclábhaí ar Phlandálaithe cadáis an Deiscirt.
bunchloch córas geilleagair na Stát Deisceartach the bedrock of the economy of the southern states
" Cliar nár Chlis ina nEalaín ============ Trí mheán scéil Samuel Northup scagann Mc Queen brí agus tuiscint agus nádúr na sclábhaíochta, bunchloch córas geilleagair na Stát Deisceartach.
domhan theas southern world
" Tá fios an scéil ag Bearnaí Ó Doibhlin sa domhan theas.
toghchán ó dheas southern election
" Beidh tionchar ag an toghchán ó dheas ar an toghchán ó thuaidh faoi cheann dhá mhí.
sa domhan theas in the southern hemisphere
" leithcheal Phríomh-Aire na hAstráile ar mhná na polaitíochta sa domhan theas.
sa domhan theas in the southern hemisphere
" Fuair Pat Butler lón machnaimh i reilig Gael sa domhan theas ag Parramatta na hAstráile.
Crois an Deiscirt the southern cross
" Is é Guillermo Mac Loughlin eagarthóir an nuachtáin La Cruz del Sur, nó Crois an Deiscirt, san Airgintín.