Na criticeoirí, na polaiteoirí agus an pobal scoilte ar an cheist seo: an taispeántas fiúntach ealaíne é seo nó an sorcas faiseanta é? An bhfuil rud ar bith fágtha le rá ag an ealaín chomhaimseartha? An gcaithfidh an ealaín geit a bhaint asainn nó déistin a chur orainn chun ár n-aird a tharraingt?
Tá an criticeoir agus láithreoir ealaíne Matthew Collings den tuairim go bhfuil an ealaín chomhaimseartha seafóideach.
Tá an sorcas polaitíochta ar ais sa sráidbhaile; geáitsíocht a chuirfeadh aoibh gháire ar do bhéal, eachtraí a chuirfeadh eagla ort agus cleasanna a d’fhágfadh ag scríobadh do chloiginn tú.
Dúirt an t-ealaíontóir Jeremy Deller, a bhain an comórtas i 2004, go raibh iontas an domhain air gur chuir an oiread daoine suim ina shaothar ina dhiaidh sin, ach nuair a bhain Damian Hirst i 1995 é dúirt sé gur sórt ‘sorcais ag na meáin’ a bhí ann, ar ghnóthaigh an Tate Gallery agus an bealach teilifíse Channel 4 mórán airgid as.