Pota Focal Intergaelic
silo | sola | sold | Oslo | saol
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
phíobaireacht aonair solo piping
" Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
taispeántas aonair solo exhibition
" Bíonn sé ag obair i gcomhar lena chéile, an scríbhneoir Goga della Luna, ar thaispeántais éagsúla agus is é seo a chéad taispeántas aonair.
amhránaí aonair solo singer
" Bhí rud beag drogaill air a bheith ina amhránaí aonair, áfach, agus nuair a fuair sé cuireadh a bheith ina bhall de Nomos, an grúpa óg fuinniúil traidisiúnta a bhí lonnaithe i gCorcaigh, ghlac sé leis.
turas aonair solo trip
" Ghlac Guinness World Records leis gurbh é an iarracht ba dheireanaí seo an chéad turas aonair timpeall an domhain i mbalún agus bhain sé amach curiarrachtaí eile freisin - an turas ab fhaide i mbalún agus an méid ab fhaide ama.
albam aonair solo album
" Cé eile a thabharfadh "Derek Bell Plays With Himself" ar a albam aonair! Bronnadh roinnt mhaith gradam air i rith a shaoil, ina measc MBE ó Bhanríon Shasana as ucht seirbhísí don cheol.
albam aonair solo album
" Tá Colm féin ag obair ar albam aonair le fada, ach tá sé dóchasach go bhfaighidh sé deis é a chríochnú sna míonna atá romhainn.
albam aonair solo album
" Bhí trí amhrán ar m'albam aonair a chum mé féin.
ceadail aonair solo recitals
" "Ní hea" a dúirt siad "Banríon na *Spáinne*!" Sheinn mé di siúd go deimhin! AÓF: An dtugann tú ceadail aonair in Éirinn? CDeB: I mbliana beidh mé féin agus Anne-Marie O'Farrell ag seinnt sa Cheoláras Náisiúnta le linn na Féile Pádraig, ar an Satharn, 15 Márta.
albam aonair solo album
" Cheana féin, tá an iomad gigeanna déanta aige leis an West Ocean String Quartet, scríobh sé *suite *do Matt Molloy a seinneadh sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Atha Cliath, tá albam aonair taifeadta aige féin do Cheirníní Universal ar a seinneann sé na píobaí agus a thiocfas amach i mí Feabhra 2004.
dhamhsaí aonair solo dances
" Tá mé thar a bheith bródúil as an bhfoilseachán *A Selection of Irish Traditional Step Dances *le Micheál Ó Tiobraide - an chéad bhailiúchán de dhamhsaí aonair a foilsíodh riamh.
Ceoltóirí aonair solo musicians
" AÓF: Ceoltóirí aonair seachas bannaí ceoil atá le cloisteáil, nach ea? AÓC: Is ea - níl aon bhanna ceoil ann.
ruathar aonair solo
" Tá neart stracadh agus tarraingt i gcluichí iomána anois toisc go bhfuil sórt dualgais ar gach imreoir an sliotar a fháil ina láimh agus dul ar ruathar aonair.
Cosc ar ruathair aonair a ban on solos
" Cosc ar ruathair aonair - chuirfeadh sé le luas an chluiche mar taistealaíonn sliotar níos tapúla ná duine.
phíobaireacht aonair solo piping
" ‘Dhá uair an chloig de phíobaireacht aonair? An bhfuil tú dáiríre?’ Ansin bhí siad buartha go mbeadh ceol na bpíob mór á sheinm taobh istigh de halla measartha beag agus ní amuigh i bpáirc faoin tuath!” Ach admhaíonn Brian go raibh “fadhb ó thaobh íomhá de” ag na píobaí.
ruathar aonair solo run
" Bhí sé tapa agus sciliúil agus dheineadh sé ruathar aonair i dtreo chúl an fhreasúra gan fuacht gan faitíos.
ceoltóirí aonair solo musicians
" Is breá liom éisteacht le ceoltóirí aonair (ar nós Aogáin Lynch, Tommy Peoples, Páidí O’Connor) nó le ceol beirte (leithéidí Liz agus Yvonne Kane).
taispeántas aonair solo exhibition
" Corruair, bhí mo sheomra codlata mar a bheadh príosún ann!” D’éirigh leis cúpla taispeántas áitiúil a chur ar siúl, agus mar thoradh air sin agus ar a dhíograis, fuair sé taispeántas aonair i mBaile Átha Cliath, aitheantas i bpáipéar nuachta náisiúnta agus cuireadh chun dul ar an chlár teilifíse “The Late Late Show” ar RTÉ.
ag seinm ina aonar playing solo
" ag seinm ina aonar Beidh ceolchoirm mhór ag Spillane agus de Paor le linn Oireachtas na Samhna i nDoire ach sna míonna amach romhainn leanfaidh Spillane air ag seinm ina aonar den chuid is mó, mar a dhéanann sé de ghnáth.
Albam aonair a chríochnú. To finish a solo album.
is ionann an dá chineál damhsa aonair the two types of solo dance are the same
" Diomaite de na bróga a bheith difriúil – agus cé go bhfuil “batar” (bunfhuaim) bunúsach an tsean-nóis níos mó cosúil le batar an tseitrince – is ionann an dá chineál damhsa aonair sa dóigh is go baineann siad araon le cruthú rithime leis na cosa in am leis an cheol.
trí aonréad three solo pieces
" Chuir sí trí aonréad i láthair a bhí córagrafaithe ag daoine eile.
ródhúil aige san ruathar aonair. too fond of the solo run.
" ***Míbhuntáistí:* **Róthógtha le cúraimí logánta Luimnigh agus ródhúil aige san ruathar aonair.
ar ruathar aonair on a solo run
" Is breá leis dul ar ruathar aonair i ngan fhios dá chomhimreoirí.
a d'eisigh sé ina aonar which he released on his own, i.e. solo
" ” Cén fáth, mar sin, nach bhfuair Condell riamh an t-aitheantas a bhí ag dul dó as na halbaim ar fad a d'eisigh sé ina aonar le breis is tríocha bliain anuas?“Níl an saol cothrom.
albam aonair solo album
" Tá Colm ar tí a chéad albam aonair, *Cúinne an Ghiorria*, a lainseáil go hoifigiúil agus is cinnte gur seoid d’albam atá ann.
imithe ar ruathar aonair gone on a solo run
" Fós féin, tháinig a chuid cainte aniar aduaidh ar dhíograiseoirí Gaeilge de chuid an pháirtí, ar nós Dinny McGinley agus an chosúlacht ar an scéal go raibh ceannaire an pháirtí imithe ar ruathar aonair ar an cheist.
ruathar aonair solo run
" Thapaigh sé an deis go gairid ina dhiaidh sin le cur in iúl nach raibh aon athrú tagtha ar dhearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge éigeantaí! Is cosúil, de réir tuairisc an tráthnóna céanna, gur ruathar aonair de chuid Feighan a bhí anseo nó gur léiriú é ar dheighilt níos leithne taobh istigh de Fhine Gael.
dlúthdhiosca aonair solo CD
" D'éist Antaine Ó Faracháin lena chéad dlúthdhiosca aonair, a eisíodh ag tús mhí Eanáir.
albam aonair solo album
" Cé gur fear óg fós é an fidléir Oisín Mac Diarmada tá albam aonair agus dhá cheann i gcomhar le ceoltóirí eile eisithe aige cheana féin, agus tá a lipéad féin aige.
a thríú halbam aonair his third solo album
" Tá an fliúiteadóir fíorchumasach as Béal Feirste, Harry Bradley, tar éis a thríú halbam aonair a sheoladh le deireanas, ceann dar teideal The Night-Rambler’s Companion.
albam aonair solo album
" Rinne sé albam aonair dar teideal (i)Cúinne an Ghiorria(/i) a thaifeadadh i mbliana agus rachaidh sé ar camchuairt náisiúnta le hé a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair.