Ceann de na rudaí is tábhachtaí atá tugtha faoi deara agam anseo, agus a ndéanfaidh mé tréaniarracht a chur ina luí ar mo chairde sa bhaile, ná an bhraistint soirbhíochais atá le brath fud fad na háite abhus.
Deireadh Ré
BD: Ag amharc chun tosaigh anois, an bhfuil aon rud a gcuirfidh tú béim air agus tú ag ullmhú do dheireadh an téarma Uachtaránachta?
Uachtarán na hÉireann: Agus cúrsaí geilleagair anois athraithe as éadan ar fad, ní miste dúinn, mar phobal, spiorad soirbhíochais a chothú sa tír, le cur i gcoinne na lagspride agus na gruaime.