Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag srannadh snoring
" "Beo ar Éigean" is cóir a thabhairt air, dar le fear na súile nimhe, agus é i ndiaidh a bheith ag srannadh a bhealaigh fríd altanna ar Dhaonáireamh na Sé Chontae (méanfach!), ar Infheistíocht Mheiriceánach in Éirinn (méanfach eile!) agus ar chuid hataí Philip Treacly (buicéad de dhíth!).
ag srannadh snoring
" **Ní féidir** a bheith 100% cinnte go mbeidh an leaba chéanna fós folamh faoin am go bhfilleann tú abhaile! **Is féidir** a bheith cinnte go mbeidh duine éigin ag srannadh in aice leat, áfach, mar sin beir leat na plugóidí cluaise! **Beidh** sé ag báisteach.
speisialtóirí i sranadh go hard specialists in loud snoring
" Is saineolaí mé anois ar chúram spuaiceanna agus ar conas codladh i leaba gan bhraillíní atá níos cosúla le hámóg, i seomra le 30 duine eile, cuid acu ina speisialtóirí i sranadh go hard.
ag srannadh snoring
" Cloisimid na rónta ag srannadh uaireanta sa tearmann! Tá siad leisciúil go leor caithfidh mé a rá, agus i mo thaithí féin, codlaíonn siad tríd is tríd, cosúil linne i rith na hoíche, seachas i rith an lae.