Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
giobóg eolais snippet of information
" Ba chuimhneach liom gach giobóg eolais a bhain mé as altanna FitzGibbon, agus fuair mé peirspictíocht bhreise ar an scéal ansin.
bhlúirí snippets
" Tá na suímh ghréasáin phearsanta ag cuid mhaith ceoltóirí lán de cheol freisin - idir rianta iomlána agus bhlúirí de cheol a thugann deis don éisteoir blaiseadh a fháil air.
Blúiríní snippets
" Blúiríní fánacha eolais faoi Capa: Ba chara leis an scríbhneoir John Steinbeck é agus thaisteal sé go dtí an Rúis ina chuideachta i 1947.
míreanna of snippets(!)
" ‘Antichrist’, le Lars Von Trier Ná himigh i ngiorracht scread asail do ‘Antichrist’ le Lars Von Trier, fan iomlán glan ar an scannán a scoilt Féile Scannán Cannes ina dhá leath i mbliana, má cheapann tú nach bhfuil seans dá laghad, ‘dá laghad’ a deirim, go bhféadfaí go mbeadh fiúntas agus dleathacht ealaíne de shaghas éigin i scannán ina bhfuil neart míreanna mar seo a leanas tríd síos:- bean a ghearrann a brillín di féin le deimheas mór garraíodóireachta, nó siosúr maintín, ní fhéadfainn a bheith cinnte cioca gléas gearrtha a d’úsáid sí - i ngar-seat ollmhór caol díreach os comhair an cheamara, í dulta glan iomlán as a meabhair le ciontacht a mhíneod ar ball; an bhean chéanna i lár seisiúin suirí lena fear roimhe sin nuair a d’fhág sí gan aithne gan urlabhra é tar éis a mhagairle a bhataráil le ceap adhmaid, mar gur theastaigh uaithi eisean a ghortú as a ról féin sa chiontacht thuasluaite.
gearrthóga cuttings, snippets
" Is minic a iarrann Setanta uirthi gearrthóga as na páipéir a chur chuige ach ní bheidh uirthi an t-agallamh seo a ghearradh amach is a chur sa phost, áfach, agus tá áthas uirthi dá bharr.
míreanna snippets
" Futa Fata Tá difear miontláith idir an pobal atá á chothú ag Futa Fata ar Facebook agus an dream a bhíonn istigh ar Gharraí Johnny Mhorgan: tá an leathanach ar Facebook dátheangach, a bheag nó a mhór, a fhad is atá an blag beagnach i nGaeilge amháin le míreanna níos faide rud a thugann le fios go dtuigeann Futa Fata an t-am atá ag lucht úsáide an dhá mheán.
ghearrthóg snippet
" A thiarcais, ba ghearrthóg steireitipiciúil d’alcólaí mná méanaosta í i bpáirt na seanmháthar – teip scripte agus léirithe: níor tugadh aon réimse ceart d’ábhar don mbean eile sin a leanaim, ar giorranáil go hiondúil, máthair Susie, Rachel Weisz.
blúirín snippet
" Ba chuma leo blúirín beag a thabhairt dóibh ach bheadh eagla orthu go gcuirfeadh an iomarca isteach ar dhul chun cinn na bpáistí.
chifleoga páipéir snippets of paper
" Scríobh an coilíneach, Charles Macarthur King, cuirim i gcás, 55 focal den teanga a labhraíodh sa cheantar a dtugtar Port Stephens air sa lá atá inniu ann ar chifleoga páipéir sa bhliain 1845.
míreanna snippets
" Tá na painéil maisithe le sreang dheilgneach agus míreanna gearrtha as páipéir nuachta chomh maith le portráidí de na daoine a maraíodh Domhnach na Fola, graffito de shaighdiúr Sasanach, radharcanna sráide as ceantar dílseach i mBéal Feirste agus pictiúr d’amhrastach IRA scaoilte.
mír eolais eile another snippet of information
" Beagnach gach mí tagann mír eolais eile chun solais a léiríonn go bhfuil an tSín ina cumhacht domhanda agus go mbeidh an Áis lárnach i scéal an chéid seo.
míreanna eolais snippets of information
" I ndeireadh an lae, sin atá i Sunday Miscellany chomh maith, gur míreanna eolais atá i gceist, slámanna staire, sleachta dialainne, gach aon chineál scríbhneora, polaitíocht le ‘p’ beag, is dóigh agus taisteal, gach aon chineál ruda.
neart míreanna spéisiúla plenty of interesting snippets
" Is féidir podchraoltaí a fháil de sheanchláir agus bíonn neart míreanna spéisiúla ar fáil ar www.
an chéad mhír seo this first snippet
" Chonacthas an chéad mhír seo i mBaile Átha Cliath le linn Fhéile Drámaíochta Bhaile Átha Cliath.
na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar snippets showing up on fcbook
" Bhí na míreanna ag teacht aníos ar an Smutleabhar: deargmhasla agus drochmheas caite uair amháin eile ar dhream na Gaeilge ag an journal.
sholáthraíonn míreanna gearra eolais provides short snippets of information
" ** Leabhar a thugann spás ar leith do gach lá den bhliain (365 lá) agus a sholáthraíonn míreanna gearra eolais faoi ghnéithe éagsúla de stair agus de shaíocht na hÉireann in aghaidh gach lae.
an achoimre ar the snippet, recap of
" Bhí an seó sna cinnlínte nuachta cionn is gur chuir coiste ealaíne na Comhairle cosc ar an achoimre ar an Bhíobla, baill den DUP ag seasamh na fóide ar son na Críostaíochta agus in éadan an Diamhaslaithe.
smailceanna snippets
" ” Is é nádúr an idirlín ná gur smailceanna beaga seachas béile cúig chúrsa a chuirtear ar fáil.
le haghaidh míreanna spéisiúla for interesting snippets
" Bhain mé sásamh as an gcúram a bhí orm le roinnt blianta anuas, a bheith ag tochailt sna cartlanna le haghaidh míreanna spéisiúla sna meáin chlóite i nGaeilge agus bhíodh fáilte i gcónaí roimh an íocaíocht a thugtaí dom as mo chuid oibre.
Blaisín as a snippet of
" Blaisín as leabhar le scríbhneoir aitheanta as na Scigirí atá ag Gabriel Rosenstock anseo.