"
An dá thréith sin a bhain le Brennan - an duine intleachtúil, géarchúiseach a raibh léargas aici ar an saol agus an duine péacógach a bhí an-sáite i gcúrsaí faisin - cén chaoi ar réitigh siad lena chéile? Freagraíonn Bourke mé trína rá "Tuige nach mbeadh an dá rud i gceist? Cuid den léann feimineach is fearr liomsa ná an chuid a dhéanann iniúchadh ar an bhfuáil agus
sníomh agus a thugann gradam dóibh mar ealaín, agus a dhéanann comparáid idir fuáil agus scríobh agus a deir go bhfuil na healaíona seo cóngarach go maith dá chéile; tá siad an-chruthaitheach.