Muna ndeimhníonn sé go bhfuil an sos cogaidh thart, beidh an toradh céanna i gceist!
Má bhriseann an UFF (arm marfach an UDA) suas ina
smidiríní - cealla beaga de cheathrar agus cead a gcinn acu agus ainm ar leith ar achan cheann acu - cad é a dhéanfaidh an rialtas?
Agus cad é a dhéanfaidh sé leis an IRA a bhfuil daoine maraithe acu ó d'fhógair siad sos lámhaigh i 1994?
Má bhíonn an UDA - nó dream ar bith eile - "specified" ag an Aire Stáit, ní chiallaíonn sé sin go dtógfar achan bhall den ghrúpa agus go gcuirfear i bpríosún iad.