Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ruainne a smattering
" Ní raibh sí ach th’éis an jab a fháil agus chuir mise an t-agallamh uirthi, ruainne i nGaeilge agus ruainne i mBéarla.
smeadairín a smattering
" ’I léiriú Sam Taylor Wood agus i dtaispeántas Anne-Marie Duff tá smeadairín den ngaol ar imeall na mí-oiriúnachta idir John Lennon déagórach agus a Mham Julia.
Smeadar smattering
" An ‘Smeadar Gàidhlige’ ======= Ag seoladh an phlean, dúirt Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban, Fiona Hyslop, go gcuideodh sé le seasamh ‘níos suntasaí’ a thabhairt don teanga i measc an phobail agus go spreagfadh sé daoine chun í a fhoghlaim agus a labhairt.
smeadar a smattering
" Is iomaí Polannach a tháinig go hÉirinn ó mhéadaigh an tAontas Eorpach mí na Bealtaine 2004, agus is iomaí duine acu atá fós anseo nach bhfuil ach smeadar Béarla acu.
ar beagán oideachais with a smattering of education
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
go bhfuil dornán de rathúnais an tsaoil acu dá dheasca they accrued as a result a smattering of prosperity
" Ní thig a shéanadh ach gur chuidigh na deontais éagsúla úd le go leor de bhunadh na Gaeltachta i gcaitheamh na mblianta agus go bhfuil dornán de rathúnais an tsaoil acu dá dheasca.
ag lorg smearadh eolais féin go seeking even a smattering of information
" ’* Is Casta an Scéal ====== An duine bocht a rachaidh ag lorg smearadh eolais féin ar na sloinnte, beidh sé ag ransú na n-údar ó Litreacha Suirbhéireachta Uí Dhonnabháin, trí thaighde Matheson anuas tríd an Athair de Bhulbh, Mac Lysaght, Robert Bell agus Seán de Bhulbh, ag iarraidh adhmad a bhaint astu.
ar a laghad smeadar at least a smattering
" Ach is le croí mór maith a nítear na hagallaimh seo lena chinntiú go bhfuil ar a laghad smeadar Ghaeilge sa teaghlach, ach is cinnte go dtiocfaidh deireadh leo anois.