Foilsíodh leabhar spéisiúil ar na mallaibh Cinema and Evil: Moral Complexities and the Dangerous Film le Dara Waldron a chíorann freagra scannánóirí ar nós Michael Haneke, Gus Van Sant, na deartháireacha Dardenne agus Lynne Ramsay ar cheist an oilc laistigh d’allagar fealsúnach ilghnéitheach
a chuimsíonn smaointeoirí chomh héagsúil lena chéile agus Kant, Heidegger, Bataille, Arendt, Lacan agus Levinas.