Ach ag an tráth seo den bhliain nuair atá flúirse agus raidhse i siopaí agus in ollmhargaí na tíre idir foie gras agus sliogéisc, torc allta agus seilidí, maith dom é má roinnim leat cuid de na smaointe fánacha atá agam féin i leith an ábhair.
Bíonn sliogiasc de gach cineál i séasúr ag an tráth seo bliana, muiríní agus oisrí go speisialta, ach bíonn na stallaí sna siopaí éisc ag cur thar maoil le gliomaigh agus le portáin freisin.