Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caitheamh anuas slighting
" Nach deas an eiseamláir é don chuid eile againn a ghlacann le cáineadh, le tabhairt amach agus le caitheamh anuas gan cheist, gan cheasacht, gan chasaoid? Ó sea! Is mór an náire é! Lá Bealtaine na bliana seo rinne rialtas na hÉireann éacht thar éachtaí dá ndearna siad riamh roimhe, níos tábhachtaí agus níos mó ar leas na tíre ná go fiú an pinsean a bhaint de na baintreacha.
trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar by slighting indistinctly
" Tá trolláil tugtha faoi ndeara ag beagnach gach aon duine faoin am seo agus tá an dream óg ag glacadh le nósanna mar fho-ghiolcaireacht nó 'subtweeting' ina gcáintear duine ar Twitter gan ainm úsáideora an duine a lua; mar an gcéanna, tarlaíonn a leithéid ar Facebook le '*vaguebooking*' ina ndéantar nuashonrú ar an sruth nuachta trí cháineadh doiléir a dhéanamh ar úsáideoir eile.