Ach é sin ráite, is dóigh liom gur féidir a rá go bhfuil sé go maith do shláinte an duine go mbeadh aclaíocht nó suaitheadh coirp de shaghas éigin mar chuid dá shlí mhaireachtála, is é sin gur rud
sláintiúil é an spórt, bíodh sé i bhfoirm reatha nó siúil nó snámha nó dreapadóireachta nó cluichí foirne (níl snúcar ná dairteanna inghlactha mar spórt sa chomhthéacs seo!)
Maidir le buachaillí scoile nach bhfuil in ann rith ach ar éigean, is dóigh liom gur údar imní é sin do phobal na tíre i gcoitinne go bhfuil a leithéid ann agus ba chóir go mbeadh sé ina údar imní dá dtuismitheoirí.