Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hoibrithe neamh- nó leathoilte the non- or semi-skilled workers
" Is anois a fheicimid an difríocht idir na hoibrithe neamh- nó leathoilte agus iad siúd le hardoideachas atá ag obair i rannóga taighde agus forbartha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta.
buíon oibre ardoilte highly skilled workforce
" Ní féidir taighde agus forbairt a dhéanamh gan buíon oibre ardoilte, agus ní féidir buntáiste iomaíoch a choimeád, gan trácht ar a fhorbairt, gan taighde agus forbairt.
ba sciliúla most skilled
" I bhfocail eile bhuaigh foireann Átha Cliath ar na trí fhoireann ab fhearr a bhí ann ag an am, foirne ar a raibh na peileadóiri ba sciliúla agus ba cháilúla in Éirinn acu.
ceardaithe oilte skilled craftspeople
" Bhí an uirlis féin ligthe i ndearmad ach chuaigh Derek chun na hUngáire - tír a raibh cáil ar a lucht déanta duilcaiméirí - áit a bhfuair sé ceardaithe oilte a bhí ábalta leagan comhaimseartha den tiompán a chruthú.
nach bhfuil chomh hoilte céanna who are not quite as skilled
" Sin patrún atá le feiscint i Sasana freisin - tá Sky ag díriú orthu siúd nach bhfuil chomh hoilte céanna is atá na daoine a bhí ag baint úsáide as an tseirbhís go dtí seo.
ilscileach multi-skilled
" Is gá a bheith ilscileach sa ghnó seo agus is fearr an deis a thabhairt do dhaoine fás agus forbairt a dhéanamh ná go mbeadh an rud céanna ar bun acu gach lá.
an-oilte very skilled
" "Tá na comhairleoirí sa státseirbhís an-oilte agus an-dúthrachtach i gcónaí agus ba cheart gur go hannamh a lorgófaí comhairle ó shaineolaithe ón taobh amuigh.
oilte skilled
" An rud a chuireann iontas uirthi ná chomh hoilte is atá go leor dá cuid scoláirí.
oilte skilled
" Tá deacracht ann daoine oilte a fháil agus tógann sé tamall fada oiliúint a chur ar dhaoine.
oilte skilled
" Bhí sé aitheanta mar ealaíontóir oilte *chiaroscuro *agus rinne sé a shaibhreas as portráidí.
oilte skilled
" CÓD: Is fear fliúite é Johnny a sheinneann an veidhlín níos minicí ná an fhliúit, sárcheoltóir é atá oilte i mórán saghsanna eile ceoil, ar nós an cheoil chlasaicigh (múineann sé an fhliúit chlasaiceach) agus snagcheoil, ach ar mo chuma féin, tá a chroí i gceol Shliabh Luachra.
poist oilte skilled jobs
" Bogearraí a dhearann an comhlacht seo agus arís is poist oilte atá i gceist.
níos oilte more skilled
" Is minic lucht blagadóireachta níos oilte ina réimse saineolais féin ná na hiriseoirí a bhíonn ag plé leis ó am go chéile.
léiritheoir an-oilte a very skilled producer
" Ba é Lance a mhol gur chóir dom dul chun cainte le seanchara linn – léiritheoir an-oilte darb ainm dó Shea Fitzgerald.
Ceoltóirí oilte skilled musicians
" Ceoltóirí oilte agus daoine áille atá iontu – daoine a thug a gcuid ama dom ar bheagán airgid, nó saor in aisce.
oilte iontu araon skilled in both of them
" Ní hamhlaidh é i gcás Ní Dhuibhne; is fearr léi saothar a chumadh as an úr sa dá theanga oifigiúla agus tá aitheantas saothraithe aici mar údar atá oilte iontu araon.
an-oilte highly skilled
" ” Is beirt cheoltóirí an-oilte iad an bheirt bhall eile atá le Cathy in Unwanted.
ardoilte highly skilled
" Tá cúirt uachtarach in Éirinn, agus an ról ceanann céanna aici agus atá ag ceann Mheiriceá (ar ndóigh, tá codanna go leor de Bhunreacht na hÉireann bunaithe ar Bhunreacht Mheiriceá), ach is annamh é i mbéal na ndaoine mar atá ceann Mheiriceá, agus is beag Éireannach, fiú iadsan atá ardoilte, a d'fhéadfadh baill na Cúirte Uachtaraí a ainmniú.
an-oilte very skilled
" Tá an t-imreoir idirchontae an-oilte ar gach bealach agus in ann é féin a chosaint go maith, ach ní fíor sin ag gach grád den chluiche.
oilte skilled
" Tá muintir óg na hÉireann saoithiúil, oilte, uaillmhianach agus ábalta.
oilte trained, skilled
" Mhínigh Ó Tuairisg gur thapaigh siad an deis le bheith ag obair le beirt atá chomh oilte leo agus a bhfuil a oiread sin tallainne acu agus gur thug an nasc deis dóibh leathnú amach mar chompántas chomh maith le lucht féachana níos mó a aimsiú.
níos inniúla more skilled
" Ach bhí iománaithe na háite níos inniúla ar na cúil a aimsiú agus dob é an cúl a d’aimsigh Naoise Ó Lionáird a chuir Na Breathnaigh chun cinn agus bhí an bua ag fir Chois Fharraige ar éigean leis an scór dhá chúl agus naoi gcúilín i gcoinne trí chúilín déag.
hoibrithe láimhe manually skilled workers
" Is iad na hoibrithe láimhe, na hoibrithe sa tionscal tógála, abraimis, nó na hoibrithe monarchan, a bheidh thíos leis má chuirtear na leasuithe i bhfeidhm.
a oilte how skilled
" Ba phribhléid dom a bheith ag breathnú ar imreoirí chomh maith le Fabregas, le Nasri, le Tevez, le Arshavin, le Silva ag léiriú a oilte is atá siad os comhair mo dhá shúil.
an-oilte very skilled
" Tá Villeneuve an-oilte mar cheardaí scannáin.
an-oilte ar very skilled
" Bhí meascán daoine de gach aois ag dul timpeall, cuid acu an-oilte ar an sciáil agus an chuid eile fós ag dul i dtaithí uirthi.
chomh hoilte sin so skilled
" Bhí sé chomh hoilte sin – go háirithe ó thaobh seiceanna bréagacha a chruthú de – gur thug an FBI post dó sa deireadh.
mhiotalóir sároilte a highly skilled metallurgist
" De réir Uí Oireachtaigh, is féidir an Chí-ró seo, an t-aon earra amháin a bhfuil ealaíontóireacht den scoth ag baint leis atá fágtha sa suíomh, a chur síos do Assicus, a bhí ina mhiotalóir sároilte.
chomh ghéarchúiseach oilte as sharp and skilled
" Ní minic a chruthaítear scoláire chomh ghéarchúiseach oilte le Gearóid Ó Crualaoich.
stuama, oilte, deisbhéalach prudent, skilled, well spoken
" Níl siad sásta nach bhfuil sé ar bhonn uile-Éireann, ach dar linne, má táimid le freastal ar na pobail as a dtagaimid agus seasamh ar son a gcearta siúd, caithfimid ár gcás a chur chun cinn i bhfoirm ionadaithe poiblí atá stuama, oilte, deisbhéalach, atá in ann taighde a dhéanamh agus cás a throid ar na ceisteanna ar fad atá tábhachtach don phobal.
gcócaire oilte skilled chef
" Ach ag an ndeireadh thiar thall, is féidir linn an ceol glórach sotalach de chuid New Orleans a aithint mar phearsantacht eile ann féin sa chlár, pearsantacht ar leith a labhraíonn linn leis an muinín chéanna a chloistear ón ollamh radacach feargach a chaitheann anuas ar bhotúin President Bush gach oíche ar *Youtube* (John Goodman) agus a labhraíonn ón gcócaire oilte a dhéanann iarracht éalú óna chathair thnáite (Kim Dickens ó *Deadwood*).
oilte skilled
" An mbeidh iománaithe óga, oilte Chorcaí rómhear agus rólúfar d’iománaithe Átha Cliath, nó an seasfaidh an taithí agus an sracadh fada atá gnóthaithe ag fir na hardchathrach le roinnt blianta anuas leo leis na Corcaigh a chloí? Agus céard faoi Luimneach agus an Clár? Garchomharsana is ea iad dar ndóigh, agus is cinnte go mbeidh coimhlint an-ghéar eatarthu.
ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte one of the most stylish and skilled players
" Is breá an rud é An Cábhán a fheiceáil i bPáirc an Chrócaigh arís agus tá súil agam go mbeidh cluiche maith ag Martin Ó Duinn in aghaidh Chiarraí mar go bhfuil sé ar na peileadóirí is deise stíl agus is oilte atá feicthe agamsa i mbliana.
oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh low skilled workers included
" Cé go bhfuil plé polasaí déanta ar cheisteanna áirithe atá curtha chun cinn ag na NA cosúil le cosaint imirceach, imirce idir tíortha bochta agus gné na hinscne den imirce, níl an tsuim chéanna ag tíortha móra glactha sa togra go ligfí do níos mó oibrithe dul ar imirce go dtí na tíortha sin, oibrithe ar bheagán oiliúna san áireamh.
ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh when a skilled hand held the oar
" Curach an Teifi, an 'corwg' nó 'cwrwgl', is ciseán báid atá ann, seas amháin inti, í corrach, bambairneach ar an uisce, ach déanamh na huibhe uirthi nach mór, agus í beagbheann ar an sruth dá réir ach láimh an mháistir a bheith á stiúradh.
a bhí oilte go maith who were well skilled
" Agus nárbh iadsan an bheirt a bhí oilte go maith i ndíol na mbréagshaothair ealaíne dóibh siúd ar lagchoinsias agus ar farasbarr airgid.
ag ligean scile air féin pretending to be skilled
" Tháinig sé go Ros Comáin an bhliain seo a chuaigh thart le cuidiú liom an mhóin a ghróigeadh, ach i ndáiríre is ag ligean scile air féin a bhí sé agus é ag plé le móin.
eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte sharp and highly skilled
" Bhí triúr eagarthóirí géarchúiseacha ardoilte againn go dtí seo, mar atá Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus an Dr Seosamh Mac Muirí.
údar cruthaitheach oilte, a skilled creative writer,
" Tá aitheantas bainte amach ag Éilís Ní Dhuibhne mar údar cruthaitheach oilte, is cuma cé acu ag scríobh i mBéarla nó i nGaeilge atá sí.
oibrithe oilte skilled workers
" An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
mar bhall den bhuíon aitheanta oilte as a member of the well known group of skilled (musicians)
" Labhair Mícheál Ó hAodha le ridire mná, Niamh Dunne, a shiúlann bóithre mhór-ranna an domhain mar bhall den bhuíon aitheanta oilte Beoga.