Bhí sí le cloisteáil sna bailte beaga iascaireachta ar an gcósta, ina measc Gernika - an láthair shiombalach stairiúil do náisiún na mBascach, agus an láthair ina suíonn an rialtas féinrialaithe atá ag cuid de réigiúin na mBascach.
Tá an méid seo le rá ag Pádraig Ó Siadhail faoin bhailiúchán:
"Más follas ó theideal an leabhráin seo gur ag díriú ar an saol i ndiaidh an Ghéillte - ar shaoltaithí an chime, go háirithe - atá an file, is léir freisin brí shiombalach a bheith ag roinnt leis an teideal céanna.