"
"Agus é ag caitheamh anuas ar lucht an IRA bíonn sé ag tarcisniú sceimhlitheoirí bochta a chaith oíche i ndiaidh oíche amuigh faoin doineann, iad
sioctha ag an sioc agus leathbháite ag an fhearthainn fhuar, i bhfad óna dteaghlaigh agus óna dteallaigh, ag pleanáil robáil an bhainc le go mbeadh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir; í ní hamháin saor ach Gaelach chomh maith; agus na meirligh a bheith ní hamháin Gaelach ach saor chomh maith.