feidhmeannach sinsearach
senior executive
In éineacht léi bhí a fear céile David chomh maith le Pádraig Stanlaí, a rúnaí príobháideach, agus Eoin Ó Conaill,
feidhmeannach sinsearach de chuid na Roinne.
Eagarthóir Sinsearach
Senior Editor
Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost?
Eagarthóir Sinsearach an teideal oifigiúil atá ar mo phost.
sinsearacha
senior
Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna
sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
polaiteoirí sinsearacha
senior politicians
Bhí
polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
feidhmeannaigh shinsearacha
senior executives
Is beag duine a rinneadh saibhir mar thoradh ar an ghnó mídhleathach seo ach amháin roinnt de na
feidhmeannaigh shinsearacha sa chomhlacht, leithéidí Jeffrey Skilling, Andrew Fastow agus Kenneth Lay.
sinsearacha
senior
Déarfainn féin gur ócáid an-speisialta ar fad a bheas ansin agus is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil ómós á thaispeáint do cheoltóirí agus d'fhonnadóirí
sinsearacha mar iad.
is sinsearaí
most senior
Tá sé curtha i leith George Pell, Ardeaspag Caitliceach Sydney agus an cléireach
is sinsearaí sa tír go ndearna sé ionsaí gnéasach ar bhuachaill dhá bhliain déag d'aois i 1961 nuair a bhí Pell ina ábhar sagairt.
ball sinsearach
senior member
"
Thart ar an am chéanna, bhuail Gerry Kelly,
ball sinsearach eile de chuid Shinn Féin, leis an Oirmhinneach Mervyn Simpson, cathaoirleach Choimisiún na nDílseoirí, a bhfuil an UDA/UFF, nó faoina n-ainm cleite Cosantóirí na Láimhe Deirge, ina gcuid lárnach de.
ceannaire sinsearach
senior leader
Tógadh
ceannaire sinsearach de chuid an UDA lá Chomhdháil na nAontachtach nuair a fuarthas gunna i gcarr a raibh sé ann.
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí
some of the most senior church leaders
"
Dúirt an dlíodóir atá i mbun na cúise i gcoinne Shanley, Michael Dowd, le nuacht WB 11 an mhí seo caite gur cheart do
chuid de na ceannairí eaglasta is sinsearaí san Oirthuaisceart - Daily i mBrooklyn, an Cairdinéal Law i mBostún, William Murphy i Long Island, agus fiú an tArdeaspag Egan - glacadh le cuid den mhilleán i gcás na scéalta atá á nochtadh faoin eaglais.
baill shinsearacha
senior members
Tá an bóthar sin á ullmhú faoi láthair, agus
baill shinsearacha Shinn Finn - Adams, McGuinness, Martin Meehan - ag rá go bhfuil cogadh s'acu thart.
abhcóide sinsearach
senior counsel
Is é gnó an ghrúpa seo, a bhfuil an t-
abhcóide sinsearach Hugh Mohan ina chathaoirleach air, staidéar a dhéanamh ar an dlí, ar chleachtais agus ar fhasaigh sa stát seo agus i dtíortha eile, agus moltaí a chur chun cinn maidir le slite inar féidir dlí na hÉireann ar an gceist seo a fheabhsú le go mbeidh sé ar chaighdeán chomh hard is atá ar fáil i dtír ar bith.
shinsearach
senior
D'éirigh leo dul chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann i 1978 ach chaill siad i gcluiche athimeartha i gcoinne na Gaillimhe le cúilín amháin!
Ceapadh é ansin ina bhainisteoir ar an bhfoireann
shinsearach agus chaith sé dhá bhliain sa phost sin.
foinse shinsearach
senior source
An t-ollruathar ar oifigí Shinn Féin i Stormont, nach dtángthas ar a dhath dá bharr; tógáil agus ceistiú státseirbhísigh mar dhallamullóg ("smokescreen" an focal a d'úsáid
foinse shinsearach de chuid an PSNI féin!) le spiaire, nó *mole*, taobh istigh den IRA féin a chosaint; líomhaintí fá nascanna idir an IRA agus grúpaí sceimhlitheoireachta thar lear - tá daoine taobh amuigh den chlann phoblachtánach ag ceistiú bhunús na n-imeachtaí agus na líomhaintí seo.
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life
the senior members of that society in Dublin
Mar bhall de Choiste Náisiúnta Chumann Naomh Uinseann de Pól bhí aithne ag Máire ar
bhaill shinsearacha na heagraíochta sin cois Life.
polaiteoirí sinsearacha
senior politicians
Mar a léirigh roinnt
polaiteoirí sinsearacha le linn rásaí Cheltenham, tá an-spéis ag an rialtas i gcúrsaí geallghlacadóireachta.
sinsearach
senior
"Gabh agus (blíp) tú féin a dúirt siad liom!" Samhlaigh! Le hAire
sinsearach rialtais!
Seo iad na *feckers *ar stailc agus mise sásta iad a fhágáil amuigh ar an tsráid ag scríobadh a dtóineacha, nuair a léim ar an *Sunday Dependent *go bhfuil fadhb acu sa tSín le rud a dtugann siad SARS air.
feidhmeannaigh shinsearacha
senior officials
Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag
feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.
sinsearach
senior
Díol spéise mar sin féin go ndeir an tUasal Deacon go raibh Garda
sinsearach, a bhí san fhórsa go dtí ar a laghad 1981, i measc na brathadóirí ba thábhachtaí ag MI6 in Éirinn.
triúr ball sinsearach
three senior members
An mhí seo caite, cuireadh
triúr ball sinsearach - Uachtarán an pháirtí Martin Smyth, an leas-Uachtarán Jeffrey Donaldson agus an feisire David Burnside - ar fionraí as ucht a n-ionsaithe leanúnacha ar pholasaithe an cheannaire David Trimble.
sinsearach
senior
Bhí siad uilig ann - an príomhoide, an leas-phríomhoide, agus na bainisteoirí
sinsearacha eile, Griffiths ina measc.
postanna sinsearacha
senior positions
Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le
postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
aire sinsearach
senior minister
Is é an cor is deireanaí sa scéal go bhfuil a fhios againn go raibh Tony Abbott, atá anois ina
aire sinsearach sa rialtas náisiúnta, ag bailiú airgid ó 1998 le tacú le daoine a bhí ag tabhairt cásanna cúirte i gcoinne One Nation.
bhaill shinsearacha
senior members
D'iarr mé ar
bhaill shinsearacha an DUPE dul ag obair ar ainm úr.
oifigeach sinsearach
high-ranking official
Mar shampla, fuair inimircigh gan cháipéisí ar fud na Stát Aontaithe bronntanas Nollag gan choinne an mhí seo caite ó
oifigeach sinsearach i rialtas Bush.
oifigeach sinsearach péas
senior police officer
Suimiúil go leor, ní féidir ballraíocht IRA a chur síos don cheathrar a tógadh agus Bobby Tohill ina seilbh mar go bhfuil clásal in Acht Sceimhlitheoireachta na bliana 2000 a deir nach féidir glacadh le fianaise
oifigeach sinsearach péas le ballraíocht in eagraíocht mhídhleathach a chruthú ach amháin nuair nach bhfuil an grúpa sin ar shos cogaidh.
oifigigh shinsearacha
senior officials
Tá cead ag
oifigigh shinsearacha a rogha rud a rá fhad is nach gcuireann sé isteach ar an rialtas.
chluiche sinsearach
senior game
B'in an lá a rinne Mícheál Ó hEithir a chéad chraoladh raidió: tráchtaireacht ar an
chluiche sinsearach.
comórtas sinsearach fidléireachta
senior fiddling competition
Bhuaigh mac Ghearóid agus Anne, Ciarán Ó Maonaigh, Gradam TG4, Ceoltóir Óg na Bliana, anuraidh agus tá
comórtas sinsearach fidléireachta an Oireachtais bainte aige le dhá bhliain anuas.
eolaí sinsearach
senior scientist
Bhí an Dochtúir Regula Briellmann,
eolaí sinsearach leis an Brian Research Institute, ar dhuine den fhoireann a rinne an taighde.
clár-reachtaire sinsearach
senior presenter
Sa tréimhse sin bhíos mar chlár-reachtaire,
clár-reachtaire sinsearach, Eagarthóir Stiúrtha Nuachta, Eagarthóir Stiúrtha Cláracha agus Leas-Cheannaire.
sinsearach
senior
Is í Bairbre de Brún an t-iarrthóir is airde próifíle sa rás - ball
sinsearach de Shinn Féin agus iar-Aire Sláinte san Fheidhmeannas ó thuaidh - agus Eamonn McCann, fear atá ag plé le cúrsaí polaitíochta le 35 bliain anuas agus a bhíonn le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna nuachtáin.
léachtóir sinsearach
senior lecturer
Ní raibh mé in ann breathnú air mar mháchail faoin am sin ach bhraith mé imeallach agus tá sé an-íorónta dom anois go bhfuil mé le fada in aois tuismitheoirí na mac léinn agus tá mé mar chuid den *establishment*!
"Toghadh mé mar bhall den Acadamh Ríoga le déanaí, tá mé i mo
léachtóir sinsearach; tá mé i mo chónaí in áit ina bhfuil na tithe an-daor, cé nach raibh nuair a cheannaigh mé mo cheannsa.
Conas breith ar bhall sinsearach den IRA
how to catch a senior member of the IRA
Conas breith ar bhall sinsearach den IRA a bhí ag smugláil arbhair an cheist a bhí faoi chaibidil acu.
an ball is sinsearaí
the most senior member
An dara hiarracht
=======
Is é an tArd-Cheannfort Harry Breen
an ball is sinsearaí den RUC a mharaigh an IRA riamh.
ball sinsearach ceardchumainn
senior trade union member
Tuigtear do *Beo! *go raibh sé ina raic le gairid ag cruinniú de chuid an Lucht Oibre idir an tUasal Rabbitte agus Frank Barry, ar
ball sinsearach ceardchumainn é, nuair a cheistigh an tUasal Barry cén fáth nach bhféadfadh an Lucht Oibre tacú le hEamon Ryan.
páirtithe sinsearacha
senior parties
Nárbh fhearr i bhfad go mbeadh na
páirtithe sinsearacha seo ina bhfreasúra do chúis i bhfad níos tábhachtaí, go mbeadh dearcadh i bhfad níos fadtéarmaí acu agus go mbeadh siad ar a ndícheall ar son a muintire uile? Go mbeadh na focail "frith-Chomhaontú" agus "frith-Aontacht" curtha sa bhosca bruscair agus go mbeadh an pholaitíocht bunaithe ar fhealsúnacht na heite clé nó deise chun leas achan bhall den tsochaí?
Tuigtear cén fáth ar cuireadh ailtireacht Chomhaontú Aoine an Chéasta le chéile.
oifigigh shinsearacha
senior officials
Cé a d'fhéadfadh dearmad a dhéanamh ar cheannaire colgach an Transport Workers Union of America (TWU), Mike Quill, inimirceach Éireannach a raibh tuin láidir ar a chuid caintea chuir stop iomlán leis an chóras faoi thalamh sna 1960í, rud a chuir fearg as cuimse ar an Mhéara John Lindsay agus ar
oifigigh shinsearacha eile.
sinsearach
senior
Ní haon ionadh, mar sin, go bhfuil TD
sinsearach an pháirtí, Brendan Howlin, tar éis ceannasaíocht an Uasail Rabbitte a cháineadh go hoscailte.
imreoirí sinsearacha idirchontae
senior inter-county players
Dar ndóigh is aithris ghlan iad réalta peile agus iomána na scoile ar na Gradaim Réaltaí Peile agus Iomána a bhronntar gach bliain ar
imreoirí sinsearacha idirchontae Chumann Lúthchleas Gael (GLG).
foirne sinsearacha
senior teams
Agus má tá fir agus mná eile sa chás céanna, agus beidh tuilleadh má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, céard a bheas in ann do na
foirne sinsearacha sa chlub sin? Mar, nuair a phósfaidh na daoine óga seo, beidh sé fíordheacair orthu an t-am a fháil chun uaillmhian an chlub a shásamh.
Sinsearach
Senior
”
B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty
Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
ball sinsearach
senior member
Nuair a shuigh sé isteach sa ghluaisteán cuireadh in aithne é d’Ard-Cheannfort de chuid an RUC agus
ball sinsearach de chuid an Gharda Síochána.
Sinsearach
Senior
”
B’fhéidir gur comhtharlúint a bhí ann ach ceithre lá ina dhiaidh sin d’éist an Binse le taifeadadh rúnda a rinne cigire ar chruinniú a bhí aige le Frank McBrearty
Sinsearach inar thug McBrearty le fios nach raibh sé ag leanstan na nGardaí.
oifigigh shinsearacha
senior officials
B’
oifigigh shinsearacha i rialtas Nixon iad na fir a bhris isteach sa seomra san óstán.
Baill shinsearacha
senior members
Baill shinsearacha de chuid an UDA agus an UVF a bhí taobh thiar den eachtra.
Abhcóide Sinsearach
Senior Counsel
Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an
Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil
Senior Environmental Health Officer
Rinne mé cur síos in eagrán mhí na Nollag 2004 den iris seo ar an léacht a thug Maurice Mulcahy,
Oifigeach Sinsearach Folláine Chomhsaoil i nGaillimh don Duncan Society i Learpholl faoi thaighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach in Éirinn agus an buíochas a fuair sé ón eagraíocht Smoke Free Liverpool dá bharr.
Abhcóide Sinsearach
Senior Counsel
Ar deireadh thiar, ar an 29 Meitheamh, d’fhógair an tAire go raibh sé chun iarraidh ar an
Abhcóide Sinsearach, an tUasal Hugh Hartnett, an cás a fhiosrú in athuair.
aireacht shinsearach
senior ministry
Is léir go bhfuil ag éirí go maith leis ag bord an Rialtais agus, má bhíonn Fianna Fáil ar ais i gcumhacht, níl aon cheist faoi ach go dtabharfar
aireacht shinsearach dó sa Roinn Talmhaíochta nó sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Daonna.
bhall sinsearach
senior member
(De réir taighde an rinne *The Sunday World* le gairid, bhí a seanathair ina
bhall sinsearach den IRA i 1921, ach sin scéal eile.
Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain
the senior hurlers of Tyrone were told
Iarradh ar iománaithe sinsearacha Thír Eoghain dá bhrí sin dul go dtí páirc CLG an Chaisleáin Ghlais.
seisear ginearál sinsearach
six senior generals
Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig
seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
seisear ginearál sinsearach
six senior generals
Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig
seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
shéan gach ball sinsearach den Ord
every senior member of the Order denied
Le linn na racán i gceantar na Carraige Báine anuraidh,
shéan gach ball sinsearach den Ord go raibh páirt ag baill de chuid an Oird san fhoréigean, in ainneoin é bheith le feiceáil ar na scáileáin teilifíse.
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann
the All-Ireland Senior Hurling Championship
I mbliana, ba lá an-speisialta é ar chúis eile ar fad do mhuintir na hiomána i mBaile Átha Cliath agus lasmuigh de, mar is ar an lá sin a bhuaigh Foireann Choláistí Átha Cliath
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann den chéad uair le cianta.
sinsearach
senior
Polaiteoir
sinsearach
Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne.
iarairí sinsearacha
senior former ministers
Má bhí mífhoighid ar Dev, is cosúil nach raibh a chuid
iarairí sinsearacha – Lemass, Mac an tSaoi, ná Frank Aiken – ag cothú iomarca tinnis dó, bíodh is gur i bhfad ó theas na cumhachta ar chúlbhinsí an Fhreasúra a fágadh iad.
polaiteoir sinsearach
senior politician
Agus é ag labhairt in agallamh leis an BBC i ndiaidh a cuairte ar Bhéarút, chuir
polaiteoir sinsearach de chuid na Liobáine síos uirthi mar “an taidhleoir ba laige a sheol Mheiriceá go dtí an Meánoirthear ó aimsir an Dara Cogadh Domhanda amach”.
baill shinsearacha
senior members
Ní thig leo dul rófhada chun tosaigh ar a lucht leanúna, dar leo, ach tharla eachtra iontach an mhí seo caite nuair a thug urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí póilíneachta, an t-iarchime Gerry Kelly, le fios go raibh cainteanna díreacha idir é féin agus
baill shinsearacha de chuid an PSNI roimh mháirseáil chonspóideach de chuid an Oird Oráistigh i dtuaisceart Bhéal Feirste ar an 12 Iúil, mórshiúl a mbíodh racáin lena linn le blianta beaga anuas.
dá bhainisteoirí sinsearacha
of its senior managers
Tá moill ar a tháirge nua, an A380, tá cúpla duine
dá bhainisteoirí sinsearacha éirithe as a bpost, agus tá sé ar a dhícheall ag iarraidh teacht chuige féin.
sna sraithchomórtais shinsearacha
in the senior leagues
Má chosnaíonn sé corradh agus $100 (ticéad, taisteal agus bia san áireamh) chun áit a fháil i cúlsraith dheireanach na suíochán i Yankee Stadium, cad chuige nach n-íocfá $25 ar shuíochán atá tríocha slat ón slacaí i staid *Minor League*?
Ar ndóigh, níl caighdeán na himeartha sna *Minor Leagues* leath chomh maith is atá sé
sna sraithchomórtais shinsearacha, ach d’fhéadfá breathnú air sin mar bhuntáiste.
níos sinsearaí ná mé
more senior than me
Is dócha go raibh sé mar bhuntáiste agamsa go raibh deartháir liom a bhí
níos sinsearaí ná mé agus is dócha gur sheas sé sin an fód dom go pointe.
na daoine sinsearacha
the senior people
Ag an phointe sin a d’aithin
na daoine sinsearacha sa choláiste go raibh meancóg déanta acu, agus d’fhéach siad leis sin a leigheas.
Sealadaigh shinsearacha
senior Provisionals
Ar ndóigh, chuirfeadh easaontóirí síos ar seo mar dheachtóireacht, go bhfuil
Sealadaigh shinsearacha ceannaithe le “impireachtaí” dá gcuid féin.
poblachtánach sinsearach
senior republican
An fíor é go bhfuil poblachtánachas “an fhórsa fhisiciúil” ar shlí na fírinne? Nuair a labhair mé le
poblachtánach sinsearach dúirt sé gur chaith sé cuid mhór ama le deich mbliana anuas ag éirí cur ina luí ar bhaill an IRA nach raibh gá leis an streachailt armtha agus gurbh fhéidir spriocanna poblachtánacha a bhaint amach fríd an pholaitíocht.
ar fhoireann shinsearach an chlub
on the club senior team
D’imir mé
ar fhoireann shinsearach an chlub agus ní fhaca m’athair mé – cé go raibh an pháirc díreach trasna an bhóthair ó theach s’againne.
cén t-oifigeach sinsearach
what senior officer
I gcas ghunnaí Stobie, deir an CPS go bhfuil an póilín a thug na gunnaí don
sceimhlitheoir aimsithe acu ach nach bhfuil a fhios acu
cén t-oifigeach sinsearach a chinn ar na huirlisí dúnmharaithe a thabhairt ar ais agus nach bhfuil a fhios acu an raibh aon oifigeach sinsearach freagrach as Stobie a stiúradh agus na gunnaí ina sheilbh aige.
na ranganna sinsearacha
the senior classes
Bhíodh sé ar thús báire sa rang agus aistríodh ó na ranganna sóisearacha chun
na ranganna sinsearacha go tapa é.
ball sinsearach den Ord Oráisteach,
a senior member of the Orange Order,
Rún de chuid David McNarry,
ball sinsearach den Ord Oráisteach, a bhí ann, agus seachtain i ndiaidh é a bheith curtha ar an chlár aige, chinn an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Edwin Poots, nach gcuirfí dúshraith reachtúil faoi chearta Gaeilgeoirí sna Sé Chontae.
comhghleacaithe sinsearacha
senior colleagues
I ríomhphost a chuir Margaret Kelly, príomhoifigeach de chuid na roinne, chuig
comhghleacaithe sinsearacha dá cuid ar an 1 Feabhra 2006 deirtear: *“Legal action has been threatened in the all-Irish school in Tralee which has been resisting this, but the legal advice questions the legal status of the curriculum.
an fhoireann shinsearach
the senior team
Bhuaigh
an fhoireann shinsearach an sraithchomórtas fosta.
ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit
the senior team earned a place
”
I mbliana, tar éis cluiche a bhuachan in aghaidh Young Irelands, foireann arb as Yorkshire di, ar an 12 Deireadh Fómhair,
ghnóthaigh an fhoireann shinsearach áit i gcluiche leathcheannais chraobhchomórtas na Breataine.
catagóirí sinsearacha
senior categories
Cé go mbíonn buaiteoir glan nó beirt i gceist i gcatagóirí na sóisear de ghnáth, bíonn sé an-deacair go deo teacht ar chomhaontú maidir le buaiteoir sna
catagóirí sinsearacha.
léiritheoir sinsearach
senior producer
I measc na ndaoine sin bhí Micheál Ó Domhnaill, atá ina
léiritheoir sinsearach leis an gcomhlacht teilifíse Telegael, agus Ali Mac Aindreasa, a bhí an-lárach sa chompántas go dtí gur fhág sé anuraidh le dul ag obair le hAbú Media.
an Cigire Sinsearach Pleanála
the Senior Planning Inspector
Dúirt
an Cigire Sinsearach Pleanála Kevin Moore go bhfuil fasaigh shoiléire leagtha síos ag an Bhord i gcásanna faoin chéatadán tithe a chaithfear a fhágáil ar leataobh do chainteoirí Gaeilge.
na ceapacháin is sinsearaí
the most senior appointments
Tugann sé aontú na banríona ar reachtaíocht úr (sin é, dearbhaíonn sé go bhfuil an bhanríon sásta le pé reachtaíocht is mian leis an rialtas a rith), socraíonn sé
na ceapacháin is sinsearaí sna príomhúdaráis náisiúnta agus feidhmíonn sé mar ardcheannasaí ar fhórsaí cosanta na hAstráile.
post sinsearach
senior position
Tá aithne agam ar fhear a bhfuil
post sinsearach aige in eagraíocht Ghaeilge.
baill shinsearacha
senior members
Níorbh fhéidir éisteacht le
baill shinsearacha an pháirtí an mhí seo caite gan a) titim thart ag gáire, b) a bheith ar crith le heagla nó c) fearg an domhain a bheith ort.
sinsearach
senior
Bí ag caint ar shiúl siar! Romhainn i halla úrnua na scoile, sheinn banna
sinsearach na scoile.
ba shinsearaí
most senior
Sin an fáth go bhfacthas rud ag deireadh mhí na Samhna nach bhfacthas riamh cheana – an triúr gníomhairí cairr
ba shinsearaí i Meiriceá i mbun déirce os comhair polaiteoirí na tíre i Washington.
hairí is sinsearaí
most senior ministers
Bhí feachtas olltoghchánaíochta faoi lán seoil ag an am san Astráil agus mhaígh an príomhaire, John Howard, agus triúr de na
hairí is sinsearaí ina chomhaireacht, go ndearna cuid de na paisinéirí bagairt go gcaithfidís a gcuid páistí i bhfarraige mura dtógfaí ar bord na loinge iad.
sinsearach
senior, top
Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí
sinsearach sa Pheinteagán.
Aire sinsearach
of a senior minister
Aithnítear an Gníomh roimh an gCaint
===========
Glacann muid leis mar sin go bhfuil an Rialtas seo dáiríre ‘maidir le gníomh fónta agus radacach a dhéanamh ar son na teanga’ agus mar sin de, cén gníomh a bhfuil muid ag súil leis sa Ghaeltacht:
1 Roinn na Gaeltachta faoi chúram
Aire sinsearach le freagracht a ghlacadh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag an leibhéal is airde sa chóras daonlathach atá againn sa tír seo.
baill shinsearacha áirithe
particular senior members
Bhíothas ag súil lena seasamh, ach bhí iontas ar dhaoine nuair a labhair
baill shinsearacha áirithe de chuid na bpáirtithe móra in éadan an mhisin chomh maith.
taidhleoir sinsearach
senior diplomat
Bhí an
taidhleoir sinsearach seo ina 'thoscaire speisialta' ag an Ríocht Aontaithe don Afganastáin agus don Phacastáin go dtí Meán Fómhair 2010, nuair a d'éirigh sé as an phost, mar ní raibh rialtas Shasana, nó rialtas Na Stáit Aontaithe sásta lena chuid tuairimí.
ball sinsearach
a senior member
Nó, le bheith blaisín níos cruinne, cá bhfuil an ceathrar déag seanadóirí den Pháirtí Daonlathach, atá ar iarraidh ón 17ú Feabhra amach? Dar le
ball sinsearach den pháirtí sa stát, is féidir a bheith cinnte go bhfuilid ‘áit éigin sa leathsféar thiar’, ach thairis sin, níl sé sásta níos mó eolas a thabhairt.
sinsearacha
senior
Agus i measc comhairleoirí
sinsearacha ICG, tá Shlomo Ben-Ami, iar-Aire Gnóthaí Eachtrach Iosrael; Stanley Fischer, gobharnóir Bhanc Iosrael; agus Shimon Peres, Uachtarán reatha Iosrael.
coimeádaí sinsearach
senior custodian
Is Éireannach é an
coimeádaí sinsearach ar an taispeántas, an Dr.
aireacht shinsearach
senior ministerial position
In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois
aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
shinsearach
senior
Ba í 1938 an bhliain deiridh ar ardaigh iománaithe Átha Cliath Corn Mhic Cárthaigh agus ba í 1961 an bhliain deiridh ar shroich an fhoireann iomána cluiche ceannais sinsearach na hÉireann agus ar bhuaigh an fhoireann
shinsearach Craobh Laighean.
léachtóir sinsearach
a senior lecturer
Is
léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh é Tadhg Ó hIfearnáin.
sinsearach
senior
Agus eisean an t-aon scoláire
sinsearach Éireannach le fiche bliain anuas beagnach a chur ceisteanna tábhachtacha mar gheall ar an mbearna leathan sin a sheasann os comhair an 20ú aois agus an ré gan scríobh sin roimis an Drochshaol.
craobh shinsearach na Gaillimhe
G. senior championship
Nuair a bhuaigh foireann iomána Naomh Tomás
craobh shinsearach na Gaillimhe den chéad uair in 2012, agus craobh clubanna na hÉireann ina dhiaidh sin, rinneadh iontas de dhéanamh na foirne mar go raibh seisear deartháireacha de mhuintir de Búrca móide beirt de mhuintir Uí Mhuirí, beirt de mhuintir Uí Chuana agus beirt de mhuintir Uí Scathail ar an bhfoireann.
duine de na príomhchigirí sinsearacha
one of the main senior inspectors
"D’eagraigh muid cruinniú le Foras na Gaeilge, leis an Aire Gaeltachta, le
duine de na príomhchigirí sinsearacha sa Roinn Oideachais.
bhainisteoir sinsearach peile
a senior football manager
Le déanaí fuair Oisín cuireadh ó
bhainisteoir sinsearach peile agus ó bhainisteoir sinsearach iomána an chontae teacht ag traenáil leis an bpainéal sinsearach.
fheidhmeannach sinsearach
senior executive
Bhí Bord na Gaeilge ag cuardach duine ar chonradh cúig bliana mar
fheidhmeannach sinsearach san rannóg oideachais agus chuir mé isteach ar an bpost – thaitin an teideal go mór liom! Ba ghearr go raibh na blianta istigh agus tharla go raibh an oiread spéise agam sa chineál oibre a bhí ar bun agam gur shocraigh mé an tsnaidhm leis an mhúinteoireacht a ghearradh.
na postanna sinsearacha cáiliúla sin
those famous senior jobs
A Thionchar in Éirinn
======
Fiú sular tugadh
na postanna sinsearacha cáiliúla sin do Jenkins idir 1964 agus 1970, thaispeáin sé éirim agus cur chuige neamhchoimeádach ina chuid scríbhínní agus ina chuid aitheasc parlaiminte.
Iarbhreitheamh sinsearach
a senior former judge
Iarbhreitheamh sinsearach de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe é údar *Six Amendments: How and Why We Should Change the Constitution (Little, Brown and Company, 2014)* agus is breitheamh é a ceapadh i 1975 nuair a mhol at tUachtarán Gerald Ford é.
sinsearacha
senior
Níor theastaigh ón Uachtarán George Bush go mbeadh fáil ag an bpobal ar thuarascáil faoi chúrsaí aeráide a chuir triúr fear
sinsearacha sna Stáit Aontaithe le chéile, tuarascáil a chuirfidh an-imní ar go leor daoine.