Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i mbaol báite in danger of sinking
" D'iarr seirbhísí tarrthála na hAstráile ar an long lastais an Tampa as an Iorua, a bhí ar a bealach ó Fremantle go Singapore dul i gcabhair orthu mar go raibh an bád ag tógáil uisce go tréan agus i mbaol báite.
ag tumadh sinking
" Agus Bush ag tumadh sna pobalmheasanna, áfach, is é an cheist atá ann ná an ndéanfaidh sé aon bheart díchéillí an samhradh seo agus é ag iarraidh an taoide a chasadh arís.
go tóin poill sinking
" Ní hamháin go bhfuil geilleagar na hÉireann á tharraingt go tóin poill ag fórsaí móra domhanda, ach is cosúil go bhfuil mórlochtanna ar bhonnstrúchtúr an gheilleagair intíre.
sheanbhád i mbaol a bháite an old boat endangered of sinking
" Bhíomar ag ithe dinnéir agus an teach iomlán ag díoscán mar sheanbhád i mbaol a bháite faoi na réablacha gaoithe nuair a tharla pléasc taobh amuigh den teach a las gach rud timpeall orainn ar feadh leathmheandair.
ag titim níos doimhne san abar sinking more in the mire
" Meath Abhus & Feabhas Thall ============= San áit a bhfuil na Sé Chontae ag titim níos doimhne san abar, tá feabhas ag teacht ar chúrsaí sa Bhreatain.
a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic sinking his teeth into his opponent’s skin
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
dhul go tóin poill sinking
" Tá go leor tráchta i nuachtáin ar fud an domhain ar dhul go tóin poill na loinge Cabin Fever amach ó chósta Thoraí, ach tá a chuid teoiricí féin ag Balor mar gheall ar an eachtra.