Cé gurbh é anord Fhianna Fáil a tharraing anuas an rialtas, fós ba é saontacht pholaitíochta na nGlasach féin an bhunchúis nár cuireadh i gcrích an reachtaíocht roimhe seo.
Grá mall agus bás borb; fuil an chatha agus fuil na broinne; timpeallacht chúng an chogaidh agus réimse fhairsing leathan na cuimhne daonna; castacht an ghrá agus diúide na himeagla os comhair na n-urchar.
Díol suime is ea an méid blaganna agus leabhar atá á fhoilsiú i láthair na huaire ar thábhacht an tosta agus na diúide sa saol iar-nua-aoiseach seo agus sinn gafa in ascar ina chuid eangacha.